firstLine"; ?>

1000. Ga la fhuigfed Innse an Laoigh? $
Length: short 11qq
Certainty: 2
Period:
  1. 14th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. personal
Manuscripts:
  1. RIA 1134 (23/E/29) Book Fermoy 15th c
Prints:
  1. text Stud. Hib. iii, p. 22
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. Envoi to saint (BVM)
  3. war with the Foreigners
  4. allusions to Fiannaiocht
  5. houses and furnishings
  6. music
Poet Christian Names:
  1. Gearoid Iarla (Bk Fermoy)
Poet Surnames:
  1. MacGearailt
Patron Christian Names:
  1. cname only
Patron Surnames:
  1. O Briain
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Gá la fhúigfead Innse an Laoigh?


[Mac Niocaill, Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963, 7ff.), poem 7]


1 Gá la fhúigfead Innse an Laoigh -

tosach bhias ar laoidh dom dhán;

is mithid liom dul a-mach

anois, má tá damh i ndán.


2 I nInnse an Laoigh ar lár cuain

i gCluain Ramhfhada na ríogh

ag éisteacht re nuall na sreabh

a-tá mé re feadh dhá mhíos.


3 Cruit Í Bhriain fá sirim beoir

[fa hiad mo thrí ceoil do ghnáth],

faoidh chluig Innse don taobh thiar,

nuall na lice ag triall sa sál.


4 Giodh glé binn an leac rem’ thaoibh

agus gé binn faoidh an chluig

dar a rí fhuil os mo chionn

is robhinne liom an chruit.


5 Giodh gairid liom na trí ceoil

ní bheinnse dom dheoin acht seal

ga n-éisteacht i nInnse an Laoigh

ar a dtarla aoidh mo shean.


6 Inis ar Fhorghas na bhfian

noch timchilleas grian is muir

do ba mhaith linn dul dá bhruach,

is ní d’fhuath an tighe a bhfuil.


7 I nInis a tharngair Fionn

ní headh nár mhithid liom triall

ar a bhfuil an seanainm nua

dámadh chead le Ua na mBrian.


8 Géabhaid gá mhac ina dhiaidh

a ndearna Ó Briain as tír thall:

a charaid uile do dhíon

an lá thargaidh do dhíoth Ghall.G


9 Fuaisléagaidh Ó Briain an cheist

ós ar a bhreith atá sí:

an innti bhias mé do ghnáth

nó no cha lá fhúigfead í? G.


10 Cuin tiocfas Diarmaid dom fhios,

nó an bhfaghmaid a fhios ó chách?

dá innisin is sámh dó

cá huair do ló nó cá lá. Gá lá f.


11 An lá bhéaras Muire mhé

i dteach nDé lé ndealbhthar cna

ní ligfe chugam a fhearg -

taobh a Meic go dearg ón gha. G.I.