firstLine"; ?>

1001. Ga sealbh as fhearr ar Eas Ruaidh $
Length: very long 48qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. qualities of patron’s character
  3. Patron’s prowess in battle
  4. use of legal terms
  5. Dinnshenchas (place-name lore)
  6. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Giolla Iosa (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Sleibhin
Patron Christian Names:
  1. Aodh (mac Pilib mhic Aodha)
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1428
Apologue Subclasses:
  1. The Three Collas
  2. Lion intimidated by seeing dogs beaten
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gá sealbh as fhearr ar Eas Ruaidh?

[O’Conor Don, 241b]

Giolla Iosa O Sleibhín cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Ga sealbh as f[h]err ar Es Rúaidh

port ioma n-éirigh anbhúain

srut[h] aidhbhsec[h] ’ma n-imdhigh long

tairsech Inbhir Da Egonn.

2 Eas Ruaid na ramhadh síthe

súaithnigh an cladh coiccriche

do Connochtaibh dan mhín muir

’s don tír fhionnacraidhr Ulltoigh.

3 Tri cinedh is cúis tsoc[h]air

timcioll an chúain chiúnsrothaigh

’na ttri n-oirechtuibh fan Eas

ni da ndoibertuibh dúisceas.

4 Connachtuig[h] an trath is trén

fa chúan sáoirinnsi Saimer

cantair leó gurab leó in port

macroidh gan ceó ar a ccrodhacht.

5 Conullaigh na ccreach fortail

’ga chosnamh ar Connochtuibh

in t-inbhersruth breacach binn

leacach finnghlennach fairsing.

6 Clann Colla na ccupadh nglan

on roinn do-rinne Fionntan

ni dúal aonghuth ’na n-aghaidh

fa(é)n chaomhsruth fúar fíonamail.

7 Manchaigh as dáibh is deisi

sealbh inbhir na hÉirnei-si

is leó in crích go ráimhEs Ruaidh

fa bfríth áineas is anbhuain.

8 Le hÁodh ó F[h]eruibh Manach

mur so in finnsruth forbarach

sealbh ag Áodh ar an es-[s]a

do derbh gach craobh choibhnesa.

9 Ni hiongnadh Es Áodha Rúaidh

ag Áodh eile an airm rinnfuair

úaisle crú chleithe Gáola

’s nír leithe clú an céadÁodha.

10 Ní hé an t-Áodh-sa más f[h]íor dhamh

in cedÁodh cóir a derbadh

air ar son a anm(h)a in t-es

damna gan chol do cháirdes.

11 Aedh eile dob oirdearc sén

mac úasal Eachaidh Doibhlén

do chedc[h]osain an cúan binn

in relto-soin úadh airbhim.

12 Na tri Colla crodha in tríar

tri cosanntoigh chlair Oirghiall

a mín glanrolla do-gheabh

anmanna an trír ré tuiremh.

13 Aedh is Caireall cnedhach

ainm in treas mac Muireadach

a núalabra do-ní me

a ttri bfadanma [leg. buadh-?] baisde.

14 Áedh ar Colla menmnac[h] Menn

Colla Úais dob é Caireall

cupla des mhuireadhach mer

Muiredhach in treas tréinfher.

15 Clann Colla da Crioch na ccath [242a]

Siol Mhuirethaigh mic Eathach

legaid siad clachbrogha cuir

atrogha iad a nUlltaib

16 Colla da Chríoch na ccosgur

as he tug mur thuarustol

Es Rúaidh do mherCholla Menn

a n-echlonga d’uaim Eirenn.

17 Eas an da Áodh amhlaidh sin

Es Rúaidh an inbhir aingligh

ó Cholla is on Áodh eile

dronga nar áomh f[h]áisdine.

18 Magh oirrdearc Ingine in Sgáil

magh nÉine na n-íath cconáigh

as é tredmagh ar tosaigh

do chedgabh an Colla-soin.

19 Oigreacht Colla in crotha gil

mur is cóir d’Aodh Mhág Uidhir

cairt in chúain go derbh dlighes

sealbh f[h]úair ar an inbereas.

20 Eas Rúaidh do f[h]reagra a einigh

ni (f)ulair gan eideimhin

d’fior a caithmhe ’s a cennoigh

ar n-aithne gach Éirinnaigh.

21 A nimh chuirid go hEs Rúaidh

longa Fódhla as fiú d’anbhúain

a ghnuis daithgeal a-deradh

go ccaithfedh ’s go ccinneghadh.

22 Boramha Tuathail Techtmuir

’s a dail da dreich illrechtaigh

dian do bronnfoidhe na ba

ag fonncroidhe fhial Aodha.

23 Cios dó ó fhine Fomra

’sa bheith ’gun fhial osgarrdha

luath do cuirfedh sé fa sech

in té ar nac fuighter freiteach.

24 Fer bronnta bréige an tsháoghail

canfaid re ceibh ndonncraobaigh

’ga brath a-tú a tháobh solus

as tú Áodh gan amharus.

25 A Áedh an erla chlechtaigh

do ghealluis don geiseachtaigh

gan éra ar neach sech gach nech

breath as a mbera biseac[h].

26 Do ghealluis fos feirde dhuit

don fhéin céadna is cúis formoid

gan breit leithbre(i)th(e) gan lúagh fill

a grúadh is f[h]eithmec[h] inntinn.

27 Inuraidh duit a ndeaghaidh [leg. ndiaidh] creach

go ttugais in treas freitech

gan teichedh ré forlann fer

ag feithemh gormfonn Ghaoideal.

28 Nir mealladh lé méd h’einigh

tú fós is na freithighibh

re húain no re hanbhúain sgol

na i n-úair dhaghsluaigh do dherbadh.

29 In tegasg a-ta ort-sa [242b]

no cia a-ta ’gud tegosg-sa

mur nac mealltur tu a treidibh

tenntur clú red chaitreimibh.

30 Cía as baránta dod gruadh geal

re combúaidhreadh na ccóigeadh

an tú a Áodh is urra inn

cuma gach áon at oircill.

31 A Áodh lé n-aircter trachta

in tú bhías mur bharánta

ré hUlltoibh ad cenn do chur

(a) Ulltoigh gidh tenn a tóchar.

32 Ma ta gan [a] aisiog ort

ar airgis do crich Chonnacht

gúais do chen ós aird orra

mairg f[h]er ná budh esorra.

33 Ní hí an coill-si ar cúl na ssreabh

ná [a]n chloch-sa ar cúl na ccoilleadh

do dhaingin a bhádhbh broine

na [a]n mainner arm n-iúdhloidhe.

34 Ní hé in t-éidedh-sa a-ta as-ttigh

náid na cuilg-si ar cul h’éididh

ná [a]n sgor each ré hedh sgainner

a c[h]leth Den do dhlúthchaingean.

35 In búdh é iomad t’fhedhna

na treisi do tigerna

nó as é do rath is díon duit

nó as é bríogh na cclach comraic.

36 Mas fíor a mic Mheg Uidhir

ni fada go bfionnfuigheir

nach bí acht mur bhios an leomhan

rí fad chíos do cuingeóbadh.

37 In leomhan a láoich Gruine

bethadhach is báoghluighe

ar eigin nír clecht a chosg

ní héidir techt da thegosg.

38 Coin eile is áirde loisi

búailter íad ’na fhíaghnoisi

inntlecht do chor úamhain inn

ar ndol uabhair ’na inntinn.

39 In leómhan od-chí na coin

go haiseach d’éis a mbúalaidh

smacht ina aghaidh air féin

gabhaidh ge raibh gan raicheill.

40 Gidh inann ní hionann soin

do dhál-sa is dál in leómhain

gidh casmoil méd bur menma

a ghég chabhsaigh chláoinTemra.

41 Da n-aircter in tír réd tháobh

do chur egla at f[h]olt barrchláon

faitches ní cuir ad croidhe

a thuir ghlaicdhes Gháiridhe.

42 A mheic Pilib puirt Ghábra

smacht ort dobudh édtarbha

tú fer as gleóburba greim

leómhunda mais edh h’inntinn.

43 As cuilén do chúan leómhan [243a]

mac mic Áodha ilcheólaigh

nó as leomhan nach do chúan con

ag seóladh go búar mbíodhbadh.

44 As onchú aigéin mhara

cuingidh na colg mbarrthana

no as fer nár dhú a ndeilbh onchon

clú re f[h]eidm ’ga iomurchadh.

45 Is gúais seabhac as ger sbraica

nach cosmoil re cruth seabhaic

as innráidh re fedh fóghla

re fer finnláir ollorba.

46 Is beithir beime neimhe

nó as nathair ar néimhnighe

sé ar na chor a ndeilbh dháona

crodh ré a fheidm as ionntáobha.

47 Ge dreagan dár dáiledh neimh

ge gribh ar griobhdhacht ngaisgidh

ní fhuil fer as ferr chuma

ina an geal seng saoghalta.

48 Áedh Mhág Uidhir fhóid Gháola

fer choimesa an cedÁedha

gnái thúaidh a tuathaibh a shen

fúair a Cruachain ’sa cCaiseal. Ga...