firstLine"; ?>

1002. Gabh a Bhriain liom fam lochtaibh $
Length: middling 26qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr of BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. Celtica xv, 89
Motifs:
  1. envoi to other patrons
  2. imagery for patron
  3. poet-patron relationship
  4. poet insulted patron ?
  5. fosterage
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Brian Og mac Briain na Murtha
Patron Surnames:
  1. O Ruairc d. 1604
Apologue Subclasses:
  1. Fionn’s instructions to Mac Lughach
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabh, a Bhriain, liom fám lochtaibh


[Tomás Ó Concheanainn, ‘Dán réitigh ó Fhearghal Óg Mac an Bhaird’, Celtica 15, 88-95]


1 Gabh, a Bhriain, liom fám lochtaibh,

ná hagair orm m’iomarcaidh,

tabhair síoth dhamh mar dhlighe,

sgar ré t’fhíoch ar m’impidhe.


2 Ód neoch féin ná fill do thoil,

gabh trá liom tar mo lochtaibh,

giodh fiú m’fhairbríogh cora im cheann,

a thogha airdríogh nÉireann.


3 Gabh tar ar lochtaibh linne,

maith dhúinn airde m’intinne,

má ataoi ar tí réidheachaidh rinn,

a rí as éineochair d’Éirinn.


4 Más di tháinig - tuar béime -

mar táim is tú i n-aimhréidhe,

is aithreach méad ar meanma,

a shéad caithreach claoinTeamhra.


5 Duit is cóir leigheas mo locht,

a Í Ruairc, a rí Connacht,

ceann m’aradhna ná leig linn,

anumhla dheid ní dhlighfinn.


6 Ó táim ag teacht ar do thoil,

mo chionta cuir im aghaidh,

maithim a rádh, a rí Breagh,

gach ní bhus ál le t’aigneadh.


7 Nírbh fhiú leat aoinbhéim oirne

ós aird d’eagla ar n-uabhairne

acht ’nar bh’ál libh a labhra,

a ghrádh gach fhir ealadhna.


8 Rem chairdibh, a chruth naoidhe,

a ndearnais orm d’éagcaoine

nír dhligh sinn ort a fholaidh,

ní ar olc rinn do-rónabhair.


9 Níor chan tú fá rún rumsa

go mbiadh d’fhiachaibh oramsa

beith tromdha tar aon eile,

a chraobh chomhdha ar gceirdine.


10 Is é a dheireadh, dia do bháidh,

nár chubhaidh éinbhéim d’fhagháil,

a shlat abhla d’fhiodh chumhra,

d’fhior m’anma agus m’ealadhna.


11 Dalta do bhí ag Fionn na bhFian,

Mac Lughach, lór do dhímhiadh,

do bhí sé ar tós mar táimne,

dom nós is é as ionáirmhe.


12 Ní gan fháth innisim dheit:

Mac Lughach i n-aois óigmheic

nír léig ar cairde a chionta,

téid i n-airde n-aigeanta.


13 Mac díoghaltach, dalta Finn,

ní thabhradh d’aoinneach uirrim,

do chách tré mhéad a mheanma,

a ghéag ó ráth ríTheamhra.


14 Go mac Muirne, fa mhór rath,

tigid an Fhian dá éagnach,

dár chinn a n-éanghlár uile

ar éanghrádh Fhinn Almhaine.


15 Do Mhac Lughach, lór do bhéim,

téid fios go hurlamh ainnséin,

dá iarraidh go mac Muirne,

slat fa ciallaidh comhairle.


16 ’Na cheann an tráth tháinig sin

do ráidh Fionn tré fheirg n-uaibhrigh,

“tig glár gach aoin i t’aghaidh;

is nár dhaoibh a ndearnabhair.”


17 “Leig ar gcúl cuid dod thréidhibh,”

do ráidh Fionn an flaithfhéinnidh,

“mo rodhoilghe sul rabh rut,

gabh mo chomhairle chugat.”


18 Car an chaomhlaoi do chaith soin

ag múnadh a mheic ionmhain,

bláth na gcraobh ó chathraigh Bhreagh

dá thaobh do athraigh aigneadh.


19 Nír léir ón lósain amach

taom do mhíghníomh Mhic Lughach;

mar do chreid forfhuighle Finn,

deid fád chomhairle creidim.


20 Mar do mhúin a dhaltán dil

Fionn mac Cumhaill, cruth faoilidh,

múin tar mo mhíbhéasaibh mé,

a ríghShéasair mhúir Mheidhbhe.


21 A Bhriain Í Ruairc, a rosg mall,

usaide leam í d’fhulang

do mhuin chroidhe an bhreath bheire

gach neach oile ar th’impidhe.


22 Ag creideamhain dod chruth sheang

ó táid ollamhain Éireann,

a dhamh ré finntighe Fáil,

mé ar th’impidhe níor bh’fholáir.


23 Fiú mo pháirt da-ríribh ruibh

tar ollamhnaibh fhóid Fhiontain,

a shlat do bhláth Cinn Choradh,

sinn tar chách do cheannsughadh.


24 Ní bhiú de ní as sia ’ná sin,

cuir mé ar aithearrach n-aignidh,

a dhreach shocair ó shíodh Breagh,

giodh gníomh docair a dhéineamh.


25 Dá mairthea, a Chuinn mo chridhe,

do-ghéabhainn uaid impidhe,

gach duine a-tú do thogha -

fa tú uile a n-aonrogha.


26 Ní mhaireann tú, truagh an neimh,

a Mhéig Aonghusa Uisnigh,

is gar don chriaidh sinn mar soin,

gabh, a Bhriain, linn fám lochtaibh. Gabh