firstLine"; ?>

1003. Gabh a mhic mo mhunadh-sa $
Length: short 7qq
Certainty: 0
Classes:
  1. Didactic
Manuscripts:
  1. BL Egerton 187 Uill. O Loingsigh 1686
  2. NLS Adv 72/1/48 ? cent
  3. RIA 36 (F/v/5) Henri Mac antSaoir 1787
Prints:
  1. text MD i, no. 11
Motifs:
  1. Teagasga riogh (teaching for king)
  2. Lies
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabh, a mhic, mo mhúnadh-sa


[Thomas F. O’Rahilly: Measgra Dánta I, poem 11]


1 Gabh, a mhic, mo mhúnadh-sa

ré dtoichim uaim ar eachtra;

do dhol as an dúnadh-sa

is de thiocfas do leas-sa.


2 Gé chanaid na míodhaoine

aitheasg nách téid i dtarbha,

briathra diana díomhaoine

nárab mian leat a labhra.


3 Ná bíodh ort ’na dhubhachas

sgéal dá olcas dá bhfuighe;

nárab mó do shubhachas

fán sgéal is fearr dá gcluinfe.


4 Lucht na mbréag gan chomaoine (?)

ná faghaid uaibh bhar n-urraim;

na ríogha is na rodhaoine

gurab iad do lucht cumainn.


5 Déshearc uait badh marthanach

d’éis imtheacht ar do thuras;

bí red chairdibh carthanach

gach uair dá roichfid chugat.


6 Déana, mar a-dubhart-sa,

a mhic bheireas gach éanbhuaidh,

mar bhadh airdri cumhachtach,

toil gach fir don aois éagcruaidh.


7 Comhaill fós go fírinneach

do ghealladh, a ghéag fhionnghlan;

badh glic sibh ór sírchinneadh (?);

mo mhúnadh ort ná hiomghabh.