firstLine"; ?>

1004. Gabh a Mhuire an lamh-sa id laimh $
Length: short 10 qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Mayn. M 84 S. O Murch. na Raith. 1738-
  2. RIA 256(23/G/23)M.OgOLongain 1800-
  3. RIA 182 (23/B/30) M.OgOLongain 1811
  4. Mayn. M 96 Micheal Og O Longain 1817
  5. Mayn. M 70 Tadhg O Conaill 1820
Prints:
  1. transl. McKenna AOD, p. 6
Motifs:
  1. envoi to Christ
  2. Christ and Mary as kinfolk
  3. ‘Lorica’
  4. Sea-voyage
  5. blindness
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na Diadhachta (RIA 256)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (O D. Fionn M96, anon. M84)
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabh, a Mhuire, an lámh-sa id láimh


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 6]


Do’n Mhaighdin Mhuire


1 Gabh a Mhuire an lámh-sa id láimh

a bhuime dom bráthair féin

mór ar bhfala ní fáth rúin

is tráth dúin a chara i gcéill.


2 A mhuime a mháthair a shiúr

ráinig an tuile ar gach thaobh

lá na faille sul raibh róm

tairre a ógh is gaibh mo ghaol.


3 Sul tí an rabharta ós chionn chuain

a bhan-chara [bí] ar gach sdiúir

freagram an teagh thall ó nóin

ní cóir an dall gan fhear n-iúil.


4 Olc mo threoir go neamh a-nonn

gan fhear n-eoil dá chur im cheann

bheith ó ló ba tairgthe thall

do dhall an ró sainnte sionn.


5 Ná han re himtheacht an laoi

re righneas na mban ná bí

cuiridh soin a-mudha mé

gné’s lugha dom choir im chlí.


6 Ceo an bheatha romhainn na réim

dom sheachna ar an gconair gcóir

tar dom dhírgheadh ó d’chí an gciaigh

bí im dhiaidh a rígh-bhean is róinn.


7 Bí it eolach re duine ndall

[ceobhacht] sul dtuite go trom

dul is teagh nó go dtí liom

bí im chionn go neamh a-nonn.


8 Dom thaobh chlí comhnuigh a ógh

bí [re] gach doghruing dom dhíon

mar as neasa ghabh mo ghaol

tar ar an dtaobh ndeasa dhíom.


9 Ná léig a ógh meise a-muigh

is a lór dod threise is tigh

tár im dháil a-nall do neimh

is beir an dall ar láimh libh.


10 A oighre Dé i ndíol do ghon

a n-íoc ó nach éidir dhamh

gan mo dhíon ba nár a-niogh

mo lámh i gcion mo ghníomh gabh. GABH