Poem in printable PDF format
Gabh aithreachas
uaim
[Cuthbert
McGrath, O.F.M., ‘Three poems by Bonabheantúra Ó hEódhasa, O.F.M.’,
Éigse 4, 175-96]
An bráthair cédna
ag trégadh an tsaoghail dó, ar an mboicht-bheathaidh in ar
chríochnaigh a laethe.
1 Gabh
aithreachas uai[m],
a aoinmhic dil
Dé;
ná tréig inn, ar
aoi,
dá mhéid do mhill
mé.
2 Do mhill mé go
lór
a fhlaith nimhe
naoi;
dá mhéid do mhill
mé
ná tréig inn ar
aoí.
3 Ó ló ar
dt[u]ismidh, thrá,
a-tá - tr[u]agh
an gníomh -
gach olc rém ré
ria[m]h
ag tocht, a Dhé,
dhíom.
4 Nír chuir eagla
orm
éag im cheann i
gcurp,
biothroinn do
bhreath gceart,
teach Iofroinn
rém ucht.
5 Mo chroidhe nír
chealg
caidreamh
aingeal ’s ógh,
teagh nimhe na
naomh -
ceadh acht mire
mhór!
6 Uch, mo mhire
mhór!
mo mhire
rom-mill;
uch! oram, tré
fheill,
an cholann do
chinn.
7 Uch, is truagh
mo thoisg!
nír thairg mé, a
Mheic Dé,
cinneadh ar an
gclí
nó gur milleadh
mé.
8 Caoinfead
mh’olc búdh-easd;
uch! is dénta
dhúinn
caoi trér mire
mhóir
nó go sile ar
súil.
9 Nó go sile ar
súil,
’na sruth díochra
déar,
a cuibhreach, a
cnámh,
go fuighleach a
fréamh.
10 An teangasa
tug thú
a bhfeirg riomsa,
a Rí,
uch! suil do
mharbh mé,
uch, nách balbh
do bhí!
11 An bél do
bhrosd th’fheirg -
uch, uch, is olc
leinn
gan é ar ulaidh
luim
nó ag cnumhaibh
gá chreinn!
12 Uch, uch, gan
an súil
lé sillinn go
saobh
’na carn
cheannchruinn chriadh!
’na cearchaill
darbh daol!
13 Uch, uch, gan
an gcois
- cos na
gcéimeann gclaon -
marbh, ’na
criathar chriadh,
ag biathadh darbh
daol.
14 Truagh nach
tárla an lámh
- lámh do
loitthi, a Fhlaith -
’s forgla ar
mball gá mbreith
’na gcrann nó ’na
gclaich!
15 Na h-airm
fhuaras uait
- ádhbhal uaim an
t-olc -
iad innlim rét
uchd,
iad do imrinn
ort.
16 Ar imreas ort
d’ulc
ní h-é do thuill
tú,
ag loighe fán
lia
’s do chroidhe
gan chrú.
17 Na boillsi, a
n-íoc mh’uilc,
iodhbruim
budh-eacht daoibh;
mó an fiach
dhlighe dhínn,
a Thriath nimhe
naoimh.
18 Na boill
chriadhsa, a Chríosd,
cuma a
n-iodhbairt uainn -
crú an deargochta
dhúinn
mar eadhbarta
uaibh.
19 Ar mo shon tug
tú
an troightheach
’s an taobh;
an dá dheargbhois
dúinn
do eadhbrais
ar-aon.
20 Iodhbuirt
mh’anman duit -
duitsi ní díol
é:
uait féin
fhuaras í,
gan dualas, a
Dhé.
21 Gabh im ulc,
gidh eadh,
is ’na bhfuaras
uaibh
- mó ar gcoir;
cagaill dúinn! -
a bhfoil againn
uainn. Gabh.