firstLine"; ?>

1008. Gabh m’eagnach a Chu Chonnacht $
Length: middling 30qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny kgl.Saml.268b late 16c.
Prints:
  1. transl. Greene DMU, no. xix
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. envoi to saints BVM & St James
  3. imagery for patron
  4. poet as patron’s spouse or lover
  5. Material rewards for poetry
  6. liberality to poets
  7. poet-patron relationship
Poet Christian Names:
  1. Conchobhar Cron (Copenhagen MS)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1589
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabh m’égnach, a Chú Chonnacht


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 19]


Conchubhar Crón Ó Dálaigh .cc.


1 Gabh m’égnach, a Chú Chonnacht,

a chnes síthe séghonnnocht;

ar n-éra dhaoibh ní dleghair

a rélla an taoibh tuaidhemhain.

2 A crích Mumhan na múr dte

ón tráth fá dtánaic meisi,

a-tám, a rún fhréimhe Cuind,

ac súr chéile do charfuinn.

3 Do-chuadar, fá cúis tuirrsi,

mo thrí chéile chumuindse

sgoth ríoghruidhe an taobha tiar

craobha míonMhuighe Maicniadh.

4 Bás an trír dá ttucus toil

do chuir misi a ccéin chugaibh;

iomdha lem thiar dá ttoirimh

triar dob fherr le a n-athoighidh.

5 Do-chuaidh - gá ní is doilghe damh? -

Geróid iarla fhóid Mhumhan,

céidfher fa crádh lem chroidhe

lámh darbh éigen ionmhoine.

6 Torchair Seaán, fa saoth liom,

lendán fhileadh fhóid Éiriond;

ránag cend m’aithmhéile ass

aithchéile is ferr dá bhfuarass.

7 Mac Muiris mac an Iarla,

torchair an t-óg airmniamhdha;

fer céime a ttress do thabhach

mo thres céile carthanach.

8 Táineic misi, a Mhég Uidhir,

dá écnach dot indsuighidh;

an triúr céileadh do char sind

ní mhar éinfher don fhoirind.

9 Ar ndul uaim, ní túr treisi,

ó a-táid mo thrí chéilese,

riot, a chédbhrath Chláir Bhanbha

is cáir égnach m’iondshamhla.

10 Ní as fhaide iná an treimhsi a dtám

gabhuim libhsi mur lendán;

dá bhrethnughadh ní bhia mé

cia mo chethrumhadh céile.

11 A ndóigh co ndionganta damh

ionad cáigh, gé céim deacar,

a dhíon béime an chrú Chuindsi

mur chéile as tú thoghuimsi.

12 Céile ar bioth le ndiongnoind dál

ó ló tuitme ar trí lendán

gus anú gur anuss ort

nír thaghus, a Chú Chondachtt.

13 Ní mé do thogh, acht tú féin,

tussa dam, a bhass bhláthréidh,

a n-íoc fhéile tar Ultaibh

céile acht díot ní dinguntair.

14 Aithnim díbh, más doiligh libh,

mé dot togha, a thuir Uisnigh,

ná bí ad lán bheoil na Banbha

a fhádh eoil gach ealadhna.

15 Muna cluinind iomrádh ort

cá fios damhsa, a Chú Chondachtt,

cia tú red thogha tairrsi

rogha na crú Cobhthaighse ?

16 Méd mo dhóighe as do ghruadh gheal

comhoill damhsa, a dhreach áilghen,

cuimhnigh, a rí deghshlóigh Dor,

gan nemhdhóigh dí do dhénamh.

17 Tú shaoilim dá dhénamh damh

mur do-ní airdrí d’ollamh;

a lán súl Tolcha Dá Thí

ar n-orchra ar ccúl co ccuirthí.

18 Ón ghlas tuirsi a dtarrla mé

a ndiaigh tuitme ar ttrí ccéile,

a chnú mullaigh gach mogail,

is tú urraidh mh’fhuaslogaidh.

19 Dom brégadh ón tuirse a dtám

- muirn so arnach cosmhail claochládh -

do-ghébh h’anáir, a ghruadh geal,

mur is dua[1] d’fhagháil d’ollamh.

20 D’iarraidh h’onóra, a fholt lag,

meinic rugadh cuairt chugad,

le saothibh co sreith molta

dot dhreich fhaoilidh étrochta.

21 A n-íoc m’onóra ós hé is cáir

randfaidh misi, a mheic Shiobháin,

sgoth ar n-éigsi red ghruaidh ghil

gan an méidsi uaim d’áirimh.

22 Cidh bé breth do reacfuind ruibh

sa laoidhsi cuirim chugaibh,

a n-íoc mo laoidhe is lór lind,

lógh is daoire ní dhlighim.

23 Ní duas cruidh, ní cuirn cheangail,

bhenfad dod dhreich ndrithlendaigh,

a ré lán an taoibh tallain

san dán daoibh do dhealbhamair.

24 Tú féin an bhreth iarruim ort

san laoidhsi, a mheic Chon Chondacht,

a lámh taisdil bend mBanbha

gá ferr aisgidh ealadhna ?

25 Mur ollamh cuarta, a chruth náir,

ná mes misi, a mheic Siobháin,

gabh lind mar bhar bhfilidh féin

ní dhlighidh gan ind d’óighréir.

26 Rí Luimnigh ón ló nach mair

ionadh ríogh d’adhbhor ollaimh,

dá nderna, a chleath doire, damh

le neach oile ní fhéghaph.

27 Faghthar leo ó Fhlaith nimhe

San Sém ’s an Ógh ainglidhe,

gan m’agra a ccóir guine an gha,

do fhóir an chruinne a cumhgha. G.A.B.r

28 Ní fhuil is ní hiongnadh dáibh

énmhnaoi mur inghin tSeaáin;

múr tiormaibhneach na ttrágh nglan

a gclár fhinnmhaighreach Uladh.

29 A tteisd gé téid a ccianaibh

mná slechta Néill Naoighiallaigh,

ní fhuil díobh a samhail sin

nír fhalaigh díol ar deoraidh.

30 Sduadh co bés briathar mbanda

slat do fhás a húrphlannda

slat dóidfhinngheal do thoill toil

óiginghean do chloinn Chobhthaigh.