firstLine"; ?>

1009. Gabh m’eagnach a Eoin Baisde $
Length: long c.31qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th early
  2. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo-YBL 15th c.
  2. NLS Adv 72/1/29 16th -17th cent.
  3. NLS Adv. 72/2/14 ? cent.
Prints:
  1. transl. Dan De no. xi
Motifs:
  1. disciplining the body
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (TCD 1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Eoin Baisde
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Life & death of John the Baptist
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabh m’éagnach, a Eoin Baisde


[McKenna, L.: Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin, 1922, poem 11]


Tadhg Óg Ó hUiginn


1 Gabh m’éagnach a Eoin Baisde

baoghal dúinn ar ndíochaisge

féagh orainn a chnú craidhe

tú thoghaim mar theachtaire.

2 Don cholainn tugas treiseacht

móide iarraim m’oircheiseacht

caidreabh nach oil don anam

suidh th’aigneadh im uradhall.

3 Ré chéile ní chongnaid sin

’s a n-eascaraid ’n-a n-aighidh

cuin bhias i gcaoin ré chéile

dias gaoil fhuil i n-aimhréidhe

4 A thruaill chriadhsa ar cuireadh mé

ní bhiadh th’éagnach ar mh’aire

muna fhionnmhais ocht n-álaidh

ort i n-iongnais fhalámhaigh.

5 Lánamha ’n-a lucht fhaladh

bhíos ré chéile ag cathaghadh

caidhe an treoir fá dtibhre láimh

fá ndingne a Eoin a n-eadráin.

6 Do chuireas uile im aghaidh

Íosa go n-a easbalaibh

cia a-nocht muna ghabha ar nguth

cara lén holc ar n-éagnach

7 Maith thuige nach táinig mé

gur chaitheas urmhór m’aoise

narab ionann tuigse is tail

duid-se i n-ionam ar n-éagnaigh.

8 Gidh olc thuilleam a thabhairt

is cosmhail nach conntabhairt

fear do threise go dtiobbra

meise i dteagh a Thighearna.

9 Móide do bhéara láimh linn

re ndul sa gcoinne gcoitchinn

mé féine ag oirchill a Eoin

ar thoirrthim Sléibhe Si-óin.

10 Maoidh air i n-éaruic mo chean

méad do dheacrais fan Dúileamh

gach comaoin dar chuir tusa

comhmaoidh do mhuin macnasa.

11 Gar dá chéile cuimhnigh dhí

do mháthair agus Muire

faghaibh ar ghoire do ghaoil

gan Mhoire i n-aghaidh th’óglaoigh.

12 Triúr a-nuas is é m’fhios-sa

d’Anna sa chraoibh choibhneasa

[a-tá] siúr oile Anna

triúr ón chloidhe chomhranna.

13 Do chroidhe íseal umhal

lér eagal a ardughadh

fa aigse ’n-a fheoil is d’fhuil

a Eoin Baisde dod bhráthair.

14 Is é comhrádh chanaid ribh

Muire ógh an uair luaidhtir

nó go ruig-se an Rí neamhdha

do bhí ag tuigse a Thighearna.

15 Forba ráithe do bhí i mbroinn

sul táinig Críosd i gcoluinn

do bhreith eoil rugadh reimhe

tugadh Eoin dá fháisdine.

16 Máthair Eoin an uair do shir

toirrcheas do thoil an Dhúilimh

tugadh Eoin im dhubh-nóin dí

i ndeoidh urmhóir a haoise.

17 Mar tháinig a tigh nimhe

Rí an bheatha i mbroinn maighdine

sul do théacht a fheoil san óigh

do shléacht Eoin i n-a onóir

18 Mar do mhéadaigh a mheanma

ag tuigsin a Thighearna

Eoin re haghaidh an leanaibh

samhail eoin ar eitealaigh.

19 An uair do bhádhais i mbroinn

a Eoin go n-aigneadh coluim

tú do róine Rí nimhe

i gclí óighe d’fháisdine.


20 Muire ógh níor iongnadh sain

dod mhúnadh mar do mháthair

grádh meic ’gun bhanóigh do bhaoi

deit i n-anóir a n-éandlaoi.


21 Gach aon nach leanadh lorg Dé

do níthear ort mar fhínné

ag Eoin Baisde do bhíodh sin

i ngaisde Ríogh an ríchidh.


22 Ní fhuil greim nar léigeadh lais

dar haontuigheadh ’gun eaglais

acht an bhean chuil do chronuigh

fá fear don fhuil iobholaigh.


23 Ioruath mar do aontuigh chol

lé chéile is bean a bhráthar

ní táinig olc fa dheoidh dhe

nar nocht Eoin is níor fheirrde.


24 I n-aghaidh a ndearna dhóibh

do shaothar is do sheanmhóir

fuath budh mó iná fuath falaigh

dó mar luach ón lánamhain.


25 Do bhíodh ag míleas a mhná

’n-a fhiadhnaise gach n-éanlá

nó gur líonadh í dá fhuath

is rí na nÍobhal Ioruath.


26 Níor fhulaing ceann an chreidimh

don díssin dia d’fhoighidin

teacht tar riaghail Dé na ndúl

is é bliadhain i mbríosún.


27 Do bhí an bhean fa baoghal dí

’n-a mnaoi iomtha d’Eoin Baisde

smuainidh é tré n-a hiomadh

guaillidh Dé do dhícheannadh.


28 Dá dheoin féin fuair a oidhidh

do mhian Íosa d’ionsoighidh

níor tuigeadh lé ag oidheadh Eoin

nach foigheadh é dá aindeoin.


29 Mar do cuireadh léi-se i loch

ceann an fhíréin dá fholach

do chíthe lán do lasair

títhe ar lár an lochasain.


30 D’éis gach uilc dá bhfuair an fear

ag cathughadh mun gcreideamh

do shuidh Eoin ní fhuilim dó

fa dheoidh ar uillinn Íosa.


31 Níor ghein ó mhnaoi a mhac samhla

do chíthear a chomhardha

teaghlach Dé i ndeoidh a thogha

is é Eoin a n-éanrogha.