firstLine"; ?>

1011. Gabh mo chomhairle a mic min $
Length: middling 25qq
Certainty: 3
Period:
  1. 13th ult
  2. 14th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Educational
Manuscripts:
  1. BL Add. 19,995 15th cent. fragments
  2. TCD 1363 (H.4.22) 15th-17th cent. frags
Prints:
  1. transl. M. Ni Dhonnchadha, Sages, Saints etc,
Motifs:
  1. internal signature
  2. poets as one of several learned classes
  3. ‘education of poets’ (memorising verse)
  4. legal terminology
  5. citation of earlier texts by name
Poet Christian Names:
  1. Giolla na Naomh m.Duinnshl. (Add. 19,995)
Poet Surnames:
  1. [MacAodhagain]
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabh mo chomhairle, a mheic mhín


[Ní Dhonnchadha, Máirín: ‘An address to a student of Law’, Sages, Saints and Storytellers (Celtic studies in honour of Prof. James Carney, Maynooth, 1989), 159-77]


1 Gabh mo chomairle a mheic mhín,

gan roghairbhe, gan ghleic nglóir,

lean slighe raghlain na riar,

adhradh ciall id chride is cóir.


2 Beir do lorg gu díreach daith,

budh mínleach gach borb ód bhreith -

do-bhearaid a gcuid a cloich

agus a sgoith buicc na beich.


3 Lean dot fhoghlaim - béara bhuaidh!

ná déana doghraing dod dheoin,

gach ní ná tuicfe, tuig féin

agus bu léir duid fa dheoidh.


4 Ogham nach coimhghléighearr colg

agus an t-oirléigheann ard -

eochracha oslaigthe glas

breitheamhan mbras 7 mbard.


5 Meabraigh seinbhriathra na suadh

agus deighriarfa gach dal,

ní fhuighbhe meabhal ná méal,

is féagh do leabhar dá lár.


6 Na Bearradha Féine ad-fias -

ealadha is éimhe do fhás -

is breatha soinnmhe na Seacht,

dar an gCoimdhe, is ceart an cás!

déana go teann is ná teich,

budh fearr do bhreith ná do bhás.


7 Meabhraigh gach seanfhásach sunn,

giodh seanfhásach nocha searbh

is as is fhearr bhéara breith

dá bhféagha gach leith, dar leam.


8 Cuimhnigh aithne Fhíothail fhéil

ar Fhlaithre ros síothaigh slóigh,

ó tharla i leabhraibh ar leith,

meabhraigh agus feith go fóill.


9 Féagh an deasrodharc ar dtús,

is déan gach feaschomarc fós,

a mhacaoimh bhreathghlain na mbreath,

leathfaidh tar gaca leath do nós.


10 Teagasga Cormaic uí Chuind

ar Chairbre is orrdhraic ainm,

déana is na déana go baoth -

do-ghéabha mar ghaoth do ghairm.


11 Do-ghéan deit - comhaill go cóir -

Teagasga Morainn mheic Mhaoin

ar Neire na gcaingean gceart,

beir go daingean leat id laoidh.


12 “Trá”, “iomorra”, “acht”, is “ar”,

nocha comráidhte ban mbaoth,

ní theagaid choidhche gan chuid,

toisgidhe tuig is ná traoth.


13 Fear coimhgne geinealaigh glan

do gach dheighfheadhain is dlugh,

go n-iomad seanchasa suairc -

is é dhleaghas cuairt do chur.


14 Meabhraigh gach rann marbhdhán mín

giodh camdhán é no giodh cóir

do-bheirim fan dTréidhe thuas

nach budh séimhe an buas ón Bhóinn.


15 Ceithre ranna soinnmhe sunn

nár chranna ag Roighne na rann,

acht go dtuigthe a dtrian nó a leath

do bhiadh do bhreath ós gach bhann.


16 Cuibhdhigh agus déana dán

óir is suilbhir éarghna uadh,

is faide bheireas go beacht

iná reimheas na seacht suadh.


17 Súil tar na sleachtaibh go slim

múin agus ceartaigh dod chloinn,

adhair a maoin is a maith,

tabair th’aoidh re a saith ‘s ná sloinn.


18 Ní tualaing breitheamhnacht bann,

la Féine ní fann an fáth;

an tseinbhriathar dheadhghair dhaith

meabhraigh agus caith re cách.


19 Raighne is Mhuireadhach an mál,

raighne na muirearach mór,

dias fa séaghain ar gach sruth,

nocha chéalainn guth dá nglór;

giodh bé do-ghéanadh a ngníomh

do-bhéaradh síodh ar gach slógh.


20 Urradhas, cairde is cháin,

urramhas is airde uain,

ná measg trena chéile i gcleith,

ná teasg féine acht breith fa bhuaidh.


21 Ní rosgadh ná ráidhe a fhíor,

ó losgadh is áille an t-ór,

dá ndéana an corp is a chiall

do-bhéara sgiamh ort gun ól.


22 Coimeas re cách ’na gceird féin

ná déan go bráth d’fheirg ná d’uaill,

fearr duit gach duine god leas,

uile, uile, theas is tuaidh.


23 Ná fóbair leithbhreath ar luach,

tógaibh go feithmheach an fáth

ná druid an claon ar an gceart,

tuig a laogh, ba beacht an bráth.


24 Taithigh rathbhaile go rígh,

aithin machaire seach móin

tar go glan láimh re gach locht,

ná gabh ar dháil acht corp cóir.


25 Mac Duinn Shléibhe, liaigh na sgol,

ní bhia féine is biaidh a bhladh,

Giolla neamhfhann na Naomh nár,

fearann saor gan ghádh ro ghabh.


26 Bí go coimhdheas i ngach cheird,

déana soirbheas agus saint,

a fhir dá bhfoghain gach fáth

ná bodhair-se cách do chaint.