Poem in printable PDF format
Gabh mo chosaoid,
a Chormaic
[McKenna, L.:
The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 22]
1 Gabh mo
chosaoid, a Chormuic,
a ua na ríogh
ro-orrdhruic,
a shlat amra do
chlár Chéin,
a lámh tarrla gan
toibhéim.
2 Dom chosaoid
dá-ríribh ribh
táinicc meisi ar
cuairt chugaibh,
a bheangáin do
chineadh Chuirc,
a leannáin
fhileadh n-orrdhuirc.
3 Tugsad uaisle
cláir Chonnla
cúl rinn in
t-aois ealodhna;
a chaor bhuaidh
ar chách a gcath
in tráth nó in
uair dá égnach.
4 Clann nDálaigh
is daghfhuil Néill
do-chuadar uile
dh’éinmhéin,
a ghéag nach
bhfaghair folamh,
a n-aghaidh na
healadhan.
5 A thriath
laochraidhi Luighni,
doid as cóir ar
ccobhairni,
a shlat théagair
ón Mháidh mhoill,
ní cóir gan
fhéagain oroinn.
6 A shlat réidh ó
Luimneach Luirc,
a bhile do lár
lubhghuirt,
a ré lán in
taoibh thalloin,
ní dán daoibh do
dhearphamoir.
7 Cuimhneach
uaisli chloinne Céin,
a lámh nach
toilleann toibhéim;
cuimhneach tú do
mhuigh Mhodha,
ní fhoil red chlú
comhrogha.
8 A dearmad nír
mhéaduigh mé
an ingheansoin
Maoil Mhuire;
éasga glan
finntighe Floinn,
gabh a himpidhi
oroinn. Gabh mo chosaoid
Isam sgítheach
aniu a nGleann Fhiadha a mBaoidhiollchaibh. Ag sin doid a Chormuic
Í Eadhra ogus sgoth leis ód chaomh ód charoid Tuathal O hUiginn, 7
ní fheadar cia do-ríne an dán beag-sa ro sgríobhus daoibhsi go
fóill.