Poem in printable PDF format
Gabh mo ghearán,
a Sheóirse
[Anne O’Sullivan,
‘Tadhg O’Daly and Sir George Carew’, Éigse 14, 27-38]
Tadhg O’Daly
cc.
1 Gabh mo gherán,
a Sheóirse,
cuimhnigh cion mo
chineóil-se
ag gach pór dod
réimm romhuibh;
mór dá réir
do-rónabhair.
2 Ní thuillte
duid mo dhiomdha,
fa Dhia is
tú mo thighearna;
righe ret’ anáir
doba áil
dlighe gabháil ar
ngeráin.
3 Gan chuid gan
chuidechta linn,
mar sin
thánag fa thuairim,
do-cháidh mo
cuiple a gcaoíle,
ruibh-se do bháir
bhegaoíne.
4 Córaide duid, a
dhrech náir,
ar ngeráin-ne do
ghabháil,
d’fhuil Gall a-nú
ná a-nalluin
rann ach tú nír
thógamair.
5 Seanbháidh do
réime romhuibh
rem chinedh do
chualabhair;
a ghnúis
dealbhnáir nár ér fher,
ná sén seanbháidh
na sinnser.
6 Cairúnnuigh
ríamh druim ar druim,
a chorann
(?) dár séimh somhuinn;
bí féin dúin ina
ndeaghuigh
do réir do ghlúin
genealuigh.
7 Mise th’ollamh
fíre féin,
cuinmhigh damh, a
ghnúis ghlanréidh;
mé riamh gan
chlaon ad choinne
le haon dár íarr
orain-ne.
8 Rinn cheana do
chinn fhine
mar fuair cenn ar
gceirdi-ne;
déantar lat
úaisle oram,
glac an úair-se a
uraghall.
9 Ní hionann as
merdha mhé
’s a lán eile dom
aicme;
a chruth fhíal go
dtenn dtresa,
ríamh ad chenn
ní[r] chuires-sa.
10 Dod thagra
thánag om thoigh,
mar charuid, a
chruth féidhligh,
ní badh é an
triall gan thoradh,
a ré fhíal gan
urrdhubhadh.
11 Don chuid eile
dom fhine
anois a n-eirr
mh’aimseire,
a chruth
shuilbheir, a ghné ghlan,
ná fuilngidh mé
du mhuchadh.
12 A bhfuil
mh’aicme do rádh rum
fa thegh
mo réime romhum
ar chlaon dom
fhine at aghaidh,
a bhile sháor
shíothamhail,
13 Deacair nach
bhfuil d’fhíachuibh ort
cuid dom’
anforlann d’fhurtacht;
cuimhnigh an
bhfréimh dá bhfuile,
a
shuilbhir shéimh shothuinge.
14 Tug an té ó
ttáinig sibh,
a anáir ar lár ná
léigidh,
don
chéidfher ór slonnadh sinn
bronnadh dárbh
éigean uirrim.
15 Muinntear
Bháire na dtrácht dte
ód shinnser fuair
ar bhfine;
má tá sin daor
’na dheghuidh
do bhí saor ’gar
sinnseruibh.
16 Dúais dána an
úair-sin mar í
ní hiomdha fer ó
bhfuighthí;
ní bronnadh as
cáir do cheilt
do dháil an
t-orradh oirdheirc.
17 Ar
dheaghdhán dá ndernadh linn
d’aoinfher dá
uaisle a n-Éirinn,
agad tshíol do
bhí a bronnadh,
díl mar í ní
fhuaramar.
18 Gidh
aidhbhseach é ag gach ollamh
ag fearann-so
fuaramar;
bladh as buaine
iná an aidhbhsi
do an uaine
oruibh-si.
19 Ní buaine an
toirbhert tug uaidh,
an Carrúnnach an
chéadúair,
ná a chlú gan
char ar gcúluibh
do an ar
chrú an Charúnuigh.
20 An té ó
dtáinig tusa,
’s a’ t-ollamh ór
fhásus-sa,
sinn araon a ndá
n-oigher;
a raon linn an
leanfaider?
21 Ón chéadfher
dod réim romhuibh
tug onóir dár
n-ealadhain
féach go bhfuil
ar ro-bháidh ruibh;
mh’onáir ná cuir
ar chúlaibh.
22 An tshlighe as
ar íarr innmhe
fúair an cenn-so
ar gcinidh-ne;
ní cóir file do
rádh rinn
an tshlighe ar
lár do léigfinn.
23 Dán, is an
ttabhartas tug,
mar fúar ón té ó
dtánag,
do-bhéar úaim é
dá eighre,
mar fúair sé ór
sinnseir-ne.
24 Mór do
chuir clú do chinidh,
ní hainm ar gcúl
chuirfidhir,
tú ad bharánta ar
theacht as-tteagh
a neart gabhála
Gaedheal.
25 Damh-sa as
cóir a chur i gcéill,
atá re cur id
chaithréim,
gan fher faghla
’ghá foghuil
Banbha as-teagh
go ttugobhair.
26 D’fhortacht
Éireann, go dul duibh
le dírmuibh láech
ó Londuin,
do-chuaidh ort an
ardbhladh,
ní fhuair a holc
d’ionarbadh.
27 Do fhágbhuis,
ó chenn go cenn
an fonn
aoibhinn-se Éireann
gan ghuid,
gan éginn, gan olc,
gan bhruid, dárbh
fhéitir fhortacht.
28 An dóchus do
andaidh sibh,
maith dúinn a
n-onóir mh’aisdir,
bíoth go bhfuil
ar lúaighill lag,
tar muir fad
thúairim thánag.