firstLine"; ?>

1015. Gabh mo shuirghe a ua Emuinn $
Length: middling 29qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th early
  2. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 540c(C/iv/1) 17th c. O Maolchonaire
Prints:
  1. transl. Carney, Stud.Ir.Lit&Hist.p.266
Motifs:
  1. qualities of patron’s character
  2. intellectual attainments ?
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. imagery for poet
  5. poet as patron’s spouse or lover
  6. Function of poetry
  7. Classical allusion
Poet Christian Names:
  1. Tomas mac Briain Dorcha (RIA540)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim Ruadh ua Emuinn (Captain)
Patron Surnames:
  1. MacDubhghaill
Apologue Subclasses:
  1. Death of Actaeon by Diana the huntress
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabh mo shuirghe, a ua Éamainn


[James Carney, Studies in Irish Literature and History, Dublin, 1955, 266 ff]


1 Gabh mo shuirghe, a ua Émuinn;

cuimhnigh, a chruth saoirshéghuinn,

go bhfuil fírearr fhéile ann:

síneam ré chéile ar ccumann.


2 Ó fuaruis d’fhortún amhra,

d’iúl is d’oighreacht n-atharrdha,

a bhainchéile asa ndligh dáigh,

aithchéile fir ní fuláir.


3 Do thaibhghis mur cheann ccinidh

ré grinneal iúil d’aithighidh,

gan dál dealuighthe uaibh d’fhior,

uaim seanfhairche na sinnsior.


4 Fuarois fothrughadh greanta

d’fhíorfholuibh ghill Ghaoidhealta;

gan tsnaidhm mur oidhir fhaoilidh

gairm th’oinigh nách ionmhaoidhimh.


5 Tarrois fós le foirm ttromdha

’s d’aiceacht áinis bhfoghlumdha,

a bhélluighe nár chleacht cóir,

searc gach énduine oruibh.


6 Do fhromhuis réim an dlighidh,

ón teidhm fuaruis fóiridhin;

do fhiar an ana ret ais,

grian an ana do fhéchais.


7 Nír theasda uaibh dá éis so

gan chríochnughadh dot chúrsa

a measg sgol fionnadhbha Fáil

acht tol mh’ionnamhla d’fhagháil.


8 Más cóir suirghe rér samhail

mur bhreo áigh lé healadhuin,

gan uain, madh áil, ar ttogha;

atám uaibh a n-aontomha.


9 Mur sin nach seachanta daoibh

mur nuachor misi, a mhacaoimh,

a bhreith ghill d’onáir is d’fhuil,

is sinn dom fhoráil oruibh.



10 Ní coir tar cheann do chéile,

ní guth, ní gníomh aithmhéile,

ní meang uile arna fhégain,

luighe leam ’s lem leithédaibh.


11 Tiucfuidh toirrchios toraidh dhe

airdeóchas innmhe h’oidhre;

fá dheóidh budh iomlán n-anma

d’iomrádh eóil na healadhna.


12 Sgéala h’oirbheart is t’fhéile,

uaisle crú do chaithréime

ad dhiaidh dá deighleanmhain d’fhior

biaidh a seinleabhruibh sruitheadh.


13 A bhfad a-nonn budh núidhe

m’fhighe ag iomrádh t’fhortúine

gan ró duilghe - gá dám dhe? -

mo shuirghe madh ál uaim-si.


14 Rachoidh a n-ainm dot fhuil-si

dá mbeith gan teacht taruibh-si

gan ainbhriocht ciúin ó chridhe,

gaibhneacht iúil ar n-éigse-ne.


15 Séidfiod na builg do bhunadh,

buailfiod d’orduibh mh’ealadhun,

a fhir an ghrinneóil ghairthe,

sibh mur inneóin m’fhiadhuighthe.


16 Iomdha riocht a rachuidh mé

dot mhealladh, a mheic Róisi,

ní bean tsuirghe mur sin sinn,

ná sir gan [m’]fhuighle d’aichill.


17 Rachad go foirbhthe a bhfísibh

um mheirdrigh mhín mhailísigh

dot mhealladh do mhuin toile,

’s a n-earradh cruibh cleasuighe.


18 Dot chur dot chodladh dot dheóin

rachad chugat mur chláirseóir,

mur bhriocht, gé braduighe mé,

’s a riocht Ghaduighe an Gháire.


19 Dot bhreith ar imeirt oile

rachad a riocht síodhaighe

más guth do leanmhuin tar lear

’s a ccruth cearrbhaigh nach claoitear.


20 Rachad ar sgáth a sgéimhe,

Uenir claoite a coigcéile,

mur áibhis ó threaghdadh tonn

do chealgadh h’áinis orom.


21 Mur Mhínerva an iúil annuimh

rachad go réim mbiothlannaigh

do bhreathnughadh uaibh as ort,

an ceathrumhadh uair d’ábhacht.


22 Rachad a-rís um riocht féin

chuguibh mur chrthir aibéil

re frais rann go nuaidhe a-niugh

nách buaine crann dá ccuirthiur.


23 Ar Acteon amhlaidh soin

fuarus eisiompláir abuigh,

suirghe shaor nár dhíleas dó,

shíneas re taobh mo théma.


24 Lá dár choimhéirigh ’s a choin

d’fhiadhach a bhfoithribh fásuigh

fuair inghion dá hionnladh féin

a n-inbhior fhionnghlan fhóidréidh.


25 Do Dhiana ar ndearcadh air

nír sguir a breachtradh baoghail

fiadh seilge go ndearnadh dhe

do dhearbhadh ceilge chuige.


26 Greasuis Diana ’na dheóidh

a choin féin a bhfuirm dheigheóil

dá bhfuair ég asa haithle;

cluain dá mhéd ní measruighthe.


27 Tusa an tActeon fuair faill,

a Fhéilim meic Meic Dubhghaill;

mé an inghean fhuair a nighe

d’inbhear cuain ar cceird-ne.


28 Na coin ghráidh do ghreasoigh sinn

dot sheilg re dánacht díchill

tar an droing dár dhearbhus é

na roinn do dhealbhas duit-si.


29 Ó nach féidir dul dínn-ne

na mná suirghe sithmhíne,

ar gcúis ná cuiream a bhfad,

le drúis ná luigheam lánlag.