Poem in printable PDF format
Gabh uaim
comhartha cumainn
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 66]
Domhnall mhac Fir
gan Ainm .cc.
1 Gabh uaim
comhartha cumainn
don dán neambog
nuachumuim,
a chéile a-tám do
thogha,
grádh don fhéile
an ealadha.
2 Laoidh
shuaithnidh mur shéd suirghe
duit tré bháidh
do-bhearuim-ne;
tuig, a lámh
neamhchruinn nárach,
ar dhán
cheannchuim compánach.
3 Ní fhuil agam
díol acht dán
ar son chumuinn,
ceard neamhnár;
re tabhairt don
tí thuillfios
malairt í nách
anoirchios.
4 Do-ghén duit
díoghruis ceirde
d’ealadhuin
ghlain ghaoidheilge,
a mheic
Fhiachaidh fhéil airmmir
don triathfhuil
réidh rioghLaighnigh.
5 Do-ghébhuinn
mur leannán lat,
dá ngabhthá ar
gcumann chugat;
madh áil lat mé
dod mholadh,
ná bac é mar
ordughadh.
6 Créd fá sirfinn
acht mur so
do pháirt, a
mheic mheic Aodha?
a ngioll ar
dheilbh mo dhána
sionn a bhfeidhm
a faghála.
7 A lámh chródha,
a chroidhe bog,
ní tú dhlighim do
dhearmod
fám ealadhuin
ribh do roinn,
a fhir
cheanamhuil chumainn.
8 Do fhéch mé ’s
ní huair annamh,
tú ar tús sul do
thoghamar,
cé an céile ’nar
chasmhuil suim
do ghasruidh
fhréimhe Raghnuill.
9 Madh áil
deadhail rér ndiomdhaidh,
gabh teagusc, a
Thoirdhealbhaigh;
rádh na cléire is
na suadh soin:
re céile druadh
ná dealaigh.
10 Cia in ri nó
an ríodhamhna féin
do bhi riamh [iúl
gan oilbhéim],
dár shir Éire mur
adhbha,
gan chéile fhir
ealadhna?
11 Reacfad drong
dod dhreich náruigh
dár ghabh leó do
leannánuibh;
díom do dligheadh
teacht tarsa,
neart na
bhfileadh bhfaobhrach-sa.
12 Mac Maoin in
file feasach,
Morann oirdhearc
ilchleasach,
céile druadh
Fhearadhuigh Fhinn,
dual don
ealadhuin uirrim.
13 Mar dhraoi
airdríogh fhuinn Teamhrach
biad-sa teann ar
Thoirdhealbhach;
tar druim na
gcumann do-chuaidh
cumann Cuinn agus
Ciothruaidh.
14 Do-bhéradh, dá
n-iaradh air,
rioghdhacht Néill
mhóir mheic Eachaidh
don fhilidh trén,
do Thorna,
sgél dob infhir
ealadhna.
15 Do-chuas lé
Dúnadhach draoi,
Conall Gulban
fhuair ardghnaoi,
’na dheóidh
d’fhéghuin gach oirir;
dénuimh eóil a
fhiafruighidh.
16 Do-ghéna mé, a
mheic Fhiachaidh,
ó tá oruinn
d’fhírfhiachaibh,
feadh ar réi-ne
ar ndícheal duit
mar Fhítheal,
céile Cormuic.
17 Fearghus
Finnbhél, [an] file
dob fhearr
fuighle is fáisdine,
do thogh triath
na Féine, Fionn,
tar gach céile
d’iath Éirionn.
18 Dlighim
cuimhne Cathaoir Mhóir,
rí Laighion,
triath in tromshlóigh;
in té ór slonnadh
ar siol,
dob é ollamh an
airdríogh.
19 D’éis na riogh
d’imtheacht uainne,
do bhi ar Éirinn
fhéaruaine,
suim a
n-ealadhuin ní fhuil
ag deaghfholaibh
Fhuinn Eachaidh.
20 Tearc ar tí a
luirg do leanmhuin
amháin acht tú, a
Thoirdhealbhaigh;
drong nár chuir
bríogh a mbronnadh
d’fhuil na ríogh
do reacamar.
21 Tairngire
chliar chríche Breagh
gomadh leó sealbh
a sinnsear
do dheimhnigh do
fhréimh Raghnuill,
don fhéin
neimhnigh neamhanbhfuinn.
22 Glór sin lé
[a] bhfuil gach file;
fíorfuidh tusa an
tairngire,
a mheic réidh
aimhréidh Fhiachaidh,
rét fhéin
airmghéir óirsciathaigh.
23 Tú as brath, a
mheic meic Aodha,
aniú ag
draoithibh duanchaola;
fiach na ríghe an
t-ord ollamh,
an lorg fíre
fuaramor.
24 Gurb é rún as
mó ad mheanmain,
maith thuigim
thú, a Thoirdhealbhaigh,
beith ag tnúdh
réd fhréimh reamhuibh
do rún, a fhéil
aithriomhuil.
25 Ó tharla sé
dhamh-sa a ndán
buain fád
leithéid do leannán,
ní nár, a mheic
mheic Saidhbhe,
dheit gan chládh
ór gcumainn-ne.
26 Do-bhér do
chionn bhar gcumuinn,
a lámh nach uair
easurruim,
laoidh fá mbia ag
cách ar chuimhne
tráth bhus sia ná
ar saoghuil-ne.
27 Tugus duit, a
sheing shiobhlaigh, -
fiú do theisd, a
Thoirdhealbhaigh, -
tal buan lén
doghabhtha druim,
gabh uam
comhartha cumuinn.