firstLine"; ?>

1021. Gabh umat a Fheidhlimidh $
Length: very long 47qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
  2. 15th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. ‘inauguration’/eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS (index only)
  2. RIA236(B/iv/1)D.ODuibhgeannain 1671-
  3. RIA1077(A/iv/4)Doim. ODuibhgean.1724
  4. RIA935(C/i/1)ChasO’Conor of Beln.1728
  5. RIA746(E/ii/1) C. O’Conor of Beln. 1726-
Prints:
  1. transl. Dillon, Med. Stud. pres. A. Gwynn, 191
Motifs:
  1. internal signature
  2. imagery for patron
  3. nobility of ancestry
  4. caithreim, list of triumphs
  5. Inauguration
  6. king’s officers
  7. list of subject territories
  8. historical precedents
  9. gaming
Poet Christian Names:
  1. Torna (RIA 236(?), 935)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Feidhlimidh Fionn
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair Ruadh d. 1490
Apologue Subclasses:
  1. Conchobhar mcNeasa&Cead mc Magach
  2. Cathal Croibhdhearg at Ath an Urchair
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabh umad, a Fheidhlimidh


[Myles Dillon, ‘The inauguration of O’Conor’, Medieval studies presented to Aubrey Gwynn, ed. J. A. Watt et al., Dublin, 1961, 186-202]


1 Gabh umad, a Fhéidhlimidh,

ionnsuigh an carn gan fhuireach!

Ag sin thiar ar éinshlighidh

teóra Connacht ’gud chuireadh.


2 Is uasal an cuireadh-sa

atá aca fád chomhair;

as mur sin don chuideachta

bhias do láthar it fhochair.


3 Ó Bhiorra go Bun Drobhaoisi

tángadar cách it choinde:

a ccoinne do chomhaoisi

fada ó thángadar roimhe.


4 Síol mórdhuasach Muireadhaigh,

ó Bhúill, ó Chéis, ó Chruachain,

tángadar fád chuireadh-soin

le rígh mhaicne Mhaol Ruanaigh.


5 Aicme ríoghdha Raghallach,

muintir Ruairc, ríoghradh Bréifne,

do ghabhsat an ghasradh-sin

dhá longphurt láimh re chéile.


6 Clanna Céir mhic Fherghusa,

Corcumruadh, Clanna Conmhaic,

trí sluaigh mhóra mheadhracha

láimh re chéile ar thrí tolchaibh.


7 Clanna Céin mhic Oilealla,

clann Chosgraigh, cath Ó Maine,

’na thrí cathaibh coimhtheanna

nach líonmhaire fér faithche.


8 Clanna Fiachrach foltshnáithigh

ó Mhuaidh, ó Echtghe, ó Iorrus,

do-chuadar ó chomháirimh

dá ndlús agus dá n-iomad.


9 Easpaigh agus airdeaspaig,

ollamhuin ann ’gut fhuireach;

ní tugadh le haimseraibh

a leithéid sin do chuireadh.


10 Ní fhuil rígh ná rodhamhna

dán dú ríghadh rígh Connacht

ná mionn cáidh ná comharba

nach ffuil a cCarn Fraoich romhad.


11 Luathaigh ort, a Fhéidhlimidh,

nárob móide do dhíomus

a tteacht sin ar énshlighidh

go Carn Fraoich do bhor ríoghadh.


12 Do-ghéabhair ón ríoghraidh-se

ionadh branáin ’sa bhrannabh

a gCarn Fraoich na ríoghraidhe

’nar ríogh Pádraig Duach Galach.


13 Gérbh é an Duach sa ór gheineabhair

mac dob óige aga athair,

is dó sin do chreideabhair,

[cách] uile rob séd samhail.


14 Clann Muireadhaigh Muilleathain

geurb é Connmach a sinnsear,

Iondreachtach mac Muireadhaigh

is aige ro bhaoi an oidhreacht.


15 Tadhg mac Cathail chomhromhaigh

aga raibhe an chlann oirrdheirc,

tamhon chinidh Conchobhair

mac dob óige don chloinn-sin.


16 Is mar sin do Thoirrdhealbhach

dá ttugadar cách ceannas;

cíos Éireann gan oirbhearnadh

tugadh dó is é ’na leanabh.


17 Do bhí a lán budh aosmhuire

dá chineadh ris ag coinntinn;

do chuala gach aonduine

iomthúsa Chathail Chroibhdheirg.


18 Ní tar áis fuair th’athair-se

an cúigeadh áighe d’Éirinn;

nocha ttét an tsamhail-se

tar teach amach, a Fhéilim.


19 Níorbh iongnadh, a Fhéidhlimidh,

do thogha i n-áit na ríghe;

do chíthear gan édeimhin

néal ríogh ’san bhall i mbí-se.


20 Is tú as rí ar chéimeannaibh,

a Í Dhuach ghuthbhinn Ghalaigh;

mór an obair éinteangadh

do thuarasgbháil do thabhairt.


21 A chuiléin ón Cruachain-ráith

do chuaine Chathail Chroibhdheirg,

dá ttugainn do thuarasgbháil

nocha sgarfainn re coinntinn.


22 Dá mhéit damh badh oirchise

do mhaithghníomhartha do fhaisnéis,

ar eagla na coinntinne

ní bheanfad féin red chaithréim.


23 Ní dá rádh go ndearnabhair,

is do chuala dá chur oraibh,

airgthe muighe Breaghmhaighe

agus milleadh an Mhothair.


24 Ní do dhéanamh fiadhnaise

is do chuala mé gur chreachais

Hí Bhriúin agua Ciarraighe

fa trí huairibh nó ceathair


25 Dorus mhúir Mhég Eochagáin,

ní dá innisin oraibh,

do fosgladh é let eocharláimh

créad ach comhartha sonais?


26 Níorbh iongnadh an sonas-sin

do bheith ar do chéibh chlannaigh;

atá an t-ágh ar Chonnachtaibh

ariamh fá Áth an Urchair.


27 Sgéal beag ar an sonas-sa

do bhiadh agam, a Fhéilim,

ní do sgur dot mholadh-sa

mo cheard féin cidh fá ttréigfinn?


28 Laithe n-aon dar ghabhadar

Connachtaigh agus Ultaigh

níorbh í an choinne charadraidh

againne fa Áth an Urchair.


29 Le Meidhbh Chruachain chomhromhaigh

téid banntracht chóigidh Chonnacht

d’fhéachain chrotha Chonchobhair,

dúil fa deighdhealbhdha ar domhan.


30 Ar ndul dona hingheanaibh

do dhéachain airdríogh Uladh,

deacair dul dá n-inntleachtaibh,

téid Ceat i gceilg ’na cumasg.


31 Ar dteacht don tuir thréanchobhsaidh

do chomhrádh re mhnáibh Meadhbha,

marbhais Ceat fear d’éanorchar

díobh le hinchinn Mheis Geaghra.


32 Gá dú ach is ón urchur-sin

do baisteadh Áth an Urchair;

táinig aidhidh Chonchobhuir

gé do ránaig beó a nUlltaibh.


33 Lá eile da ndeachadar

Connachta ar an áth céadna

’s é an uair sin ag eachtrannaibh,

Cathal Croibhdhearg ’s a sgéala.


34 Gér theirce d’Ua Chonchubhair

ná don tshlúagh eachtrann airmghéar,

loisgeadh leis an longphort-soin

ní gnáth deireadh ar ghaillsgéal.


35 Is mar sin do loisgis-se

Áth an Urchair, a Fhéilim,

luach nó dhó na hoibri-se

dot chlú do-chuaidh fo Éirinn.


36 Builg dhonna ar do dhearnannaibh

do bhí ar mbriseadh an bhaile;

dá luach nó trí a ndernabhair

tugais leat ó chnoc aisde.


37 Ar n-imtheacht le a n-éadálaibh

d’urmhór a ndeachaidh libh-se

béaraid ort ar éanláthair

Laighnigh agas Fir Mhidhe.


38 Is annsin do ráidhis-se

riot féin a gceartlár Gaoidheal;

“tairgidh fear na táiplise

cluiche do bhreith re haoinfhear.”


39 Tusa féin an t-aoinfhear-sin

a bhranáin óir is fhithchill!

Rugais cluiche ar Ghaoidhealaibh!

Imir feasta go hinnill.


40 Ní beag dáibh a ndearnabhair,

suidh i gCruachain red chathaibh,

tabhair chugad th’fheadhmannaigh

agus déana do bhanais!


41 Rí Búille do mharasgál,

do thaoiseach séad Ó Ceallaigh,

is t’ardmhaor Ó Flannagáin,

Ó Floinn is maor dot eachaibh.


42 Do thaoiseach giall Ó hAinlidhe,

Ua Dobhtha ceann do chabhlaigh,

fir lúthmhara láidire,

ar tír ar loch ní lamhthair.


43 Cúlchoimhéad ag Eachlannchaibh

taoiseach ceithearn is conmhaor

gasradh dhaoineach dheaghthapaidh

samhail na Féine a Formaoil.


44 Gach feidhm nach bí ag feadhmannach

d’Ua Bheirn ní beag an freastal;

is dó is dual feadhmantus

maith re roinn is re reachtas.


45 Do longa ag Ua Flaithbheartaigh

agus ag airdrígh Umhaill;

Laighnigh agus Gaileangaigh

bhar bhflatha fiala fulaing.


46 Triath Ua Taidhg th’fhear díóghaltais

agus do thaoiseach teaghlaigh

do dhoirseóir Ó Fíonnachtaigh

agus mise do sheanchaidh.


47 Ní bhíu, a aingidh Chonachail,

re th’aos feadhma ní is faide;

is tearc triath i gConnachtaibh

gan feadhmantas uaibh aige.