firstLine"; ?>

1026. Gabham deachmaidh ar ndana $
Length: very long c.76qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1225(D/ii/1) Bk Ui Mhaine c. 1394
  2. RIA 1134(23/E/29) Bk Fermoy 15th cent.
  3. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. NLS Adv 72/2/14 ? cent
  5. NLI G 45 ?E. O’Reilly trscr. from RIA1134
Prints:
  1. transl. DanDe no. xxv
Motifs:
  1. role of BVM
  2. pains of Hell
  3. joys of Heaven
  4. brevity of life
  5. Disciplining body
  6. litany of saints
  7. Tithes
  8. poetry offered to God
  9. indulgence to all memorising poem
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (RIA 1225)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabham deachmhaidh ar ndána


[McKenna, L.: Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin, 1922, poem 25]


Donnchadh Mór Ó Dálaigh


1 Gabham deachmhaidh ar ndána

do Dhia mar as díongmhála

mithigh dhó ar ngréas mar do gheibh

béas ro badh mhó ná mithigh.

2 A-tú riamh is ní riacht uaim

ag geall d’Íosa ’ma éanduain

nochan fhuil meall as mhó dhamh

ná a gheall dhó is gan a dhéanamh.

3 Sinne ag déanamh ar ndána

do chách do chionn éadála

an té do chéas tar ar gceann

far ngréas is é nach áirmheam.

4 Tárras deighealadhain de

gidh olc bheirim a buidhe

ní fhidir mé an deaghshlad damh

dearmad an té dá dtárradh.

5 Córaide dhamh is dearbh leam

friochnamh re Dia fa ndligheann

gidh suail ó a-né gus a-niogh

as an ré do chuaidh [cúiteamh].

6 D’Íosa nochan fhoráil uann

feasda deachmhadh ar ndeaghdhuan

deachmhaidh ar leith do luagh croidh

nó duan as na deich nduanaibh.

7 Tabhram a thruagha a ndligh dhínn

gan imreasain don Airdrígh

cíos mar do gheabhthair don Ghall

sgíos ’mun ndeachmhaidh ná déanam.

8 Do dhlighfeadh gach neach fa nimh

d’éis a éadála d’áirimh

an deachmhadh do Rígh na ríogh

acht deachmhadh mír na míghníomh.

9 Gion go dtí riomsa is mé a-muigh

Dia do dhearmad fá dheachmhaidh

na féich nach cuirim dhó dhíom

do ló an fhuighill badh imshníomh.

10 Do bhiadh ag cách seanmhóir sonn

dá mbeith a n-aire oram

a-tá an bás re béal gach fhir

mar shás re n-éan gan fhaicsin

11 Olc freagarthar an robhadh

gidh meinic a mhothoghadh

an fear red thaobh mar théid as

ní léig dá gach aon anas.

12 Mar sgarthar an t-aos aithnidh

borba mhór nach mothaighthir

’s iad a-rís ag teacht dá dtaigh

ní beacht le dís a ndeaghail.

13 An fear éirgheas uaid a-mach

ní fhaicfe beo ar n-a bhárach

ceilt gach thaoibh leabhair fa lic

do bhearair d’aoidh go haimhghlic.

14 Nior chuir sinn i sníomh go se

th’éara-sa a ghnúis Mheic Mhuire

lá an Luain budh hachlán th’éara

athnár an uair aithmhéala

15 Re hÍosa is adhbhar móide

teacht tar tuar na Tríonóide

ní leanta ní as sia ná sin

do bhí Dia re n-a dhúilibh.

16 Ní shaoilim acht ag Dia a dhearbh

má téid óinmhid i nIfearnn

gá breath rug féin ar an bhfear

dá nach tug céill nó creideamh.

17 Fuighlim d’Íosa amhlaidh so

más eadh do b’áil le hÍosa

is cead liom-sa a Dhé mo dhul

beag n-ionnsa é do eadar.

18 Guth ar bhuidhin bhíos gan neart

ná tabhram tré n-ar dtreiseacht

Mac Muire ní doilghe dhó

luighe oirne ná orra.

19 An duine ad-chí a-niogh i niort

ag so i márach é i n-ainriocht

an sluagh mar a-droigh ag dul

truagh gan acht soin an saoghal

20 A dhaoinei-se nach deachaidh

bídh feasda go fuireachair

bhar dtocht ar cheal is cinnte

gidh eadh is olc oirchillte.

21 Do bhéar dhaoibh re ndul san mbeirn

tuarasgbháil tighe Ifeirnn

all bruachdhubh roighéar riasgach

goibhéal uathmhar ilphiasdach.


22 Gach fraoch gach fiodhbhadh fhuil ann

gach srath gach áth gac abhann

gach faighthe ar a saltair sibh

mar altain d’aithle a hoirnimh.


23 Do ghéabhtha ar bhar gcionn don chuairt

eadarnaidh is í anshuairc

sluagh borb diabhlaidhe i nbhar ndáil

ord iarnaidhe i ngach éanláimh.


24 Éirghid daoibh a haird eile

fir go dteangthaibh teinntighe

mar eimhear is ord dá ghuin

colg teineadh ar gach teangaidh.


25 A thruagha ní tháinig teidhm

acht dul daoibh d’fhéachain Ifeirnn

éitche a leabthach gráin a ngon

gáir na bpeacthach dá bpianadh


26 Gairbhe a leacaigh lór do phláigh

teas agus fuacht a urláir

troma a thairnighe nach te

loma is gailbhighe a ghaoithe.


27 Eitche an teaghlaigh thig ón tsornn

éitche an bheoil as bhéal d’Iofarnn

eagail an craos dorcha dubh

is aos comhtha ’gá chosnamh.


28 Inneosud ’n-a dheaghaidh dhaoibh

sgéala an ríghthighe im rolaoidh

ní sgeoil [drochratha] a ndearbhadh

eoin cochlacha ag ceileabhradh.


29 Is ceol dá gceolaibh maithe

oirfideadh na héanlaithe

fosgadh gotha gach eoin fhinn

mar sgotha ceoil a cuislinn.


30 Gá fios nach faicfe fear uaibh

an gcathraigh neamhdha neamhfhuair

ionnmhas an talmhan truagh sin

’s gan luagh na hadhbhadh d’fhaicsin.


31 Eadarnaidh d’ainglibh nimhe

ar bhar gcionn do chífidhe

dar libh is grian dá ghabhlaibh

niamh gach fhir don eadarnaidh.


32 Do chífidhe an clár neamhdha

as teaghdhais an Tighearna

slógh san rathaigh go reabhach

’mun Athair mór muinntearach.


33 Gairid lá ag lucht an taighe

gan chogadh gan chorraighe

gan aon ag ceilg dá chéile

gan taom d’fheirg ná d’aimhréidhe.


34 Gan lá bróin tré bheathaidh síor

gan imreasain gan imshníomh

gan ghalar gan tnúdh gan troid

gan rún faladh nó formaid.


35 Gan orchra ar síodh nó ar sonas

gan íotain gan ocaras

gan mhonar gan ghníomh dar ghein

acht moladh Ríogh an ríchidh.


36 Do bhéara an Rí mar roghain

na cathracha ad-chualobhair

ar rogha féin dúin budh dheacht

do mhúin dúinn céill is cloisdeacht.


37 Gé dearar gur logh Dia dhúinn

is gomadh mionca ar míorúin

loghadh na gcéad ndoibhéas damh

créad fá dtoiréas dá dtugadh.


38 Eagail leam Dia fá ndéanaim

fo ríor is olc aithfhéaghaim

súil [a] ní féin [ar] gach fear

béim ar an tí nach tibhreadh.


39 Mé ag siobhal ó aois meic mhaoith

go bhfuilim i n-aois óglaoich

sódh ar a dtaisdil mo throigh

ba mór n-aisdir dom anmoin.


40 Tríocha bliadhan beag do phoinn

thugas ceannas dom choluinn

srian ris an gcolainn badh cóir

’s a n-iarr orainn dá honóir.


41 Gá misde don cholainn chriadh

an t-anam d’faghbháil ilphian

léim let olc ní cóir a chuirp

ní hort as dóigh a dhíoghuilt.


42 Mh’anam-sa i n-aghaidh mo chuirp

eisean gan fhéachain d’iarmuirt

ar gclí-ne ag crádh na hanma

nár líne na lánamhna.


43 A thaoibh-se ar a dtá mo lámh

gé taoi a-nocht go hóg iomshlán

cinnte daoil ort dot ithe

a thaoibh is olc th’áirithe.


44 Tabhradh Mac ar seathar sinn

ar chionn éaga go hinill

rath críche gion go ndligh dhamh

ar na cíche ór ibh th’adhbhar.


45 Dlighidh an Coimdhe rom chum

trócuire d’fhéachain oram

’s é ’n-a dhearbhráthair ’n-a dhiaidh

deaghmháthair Dé ’n-a deirbhshiair.


46 Sirim ceannsa ar Mhac Mhuire

cia ar nach tug a thrócuire

ó raghar ar gcúl chuga

laghadh dhúnn ar ndrochugo.


47 Inghean Iaichim is Anna

conair molta míorbhalla

dá dtrian impidhe aice

finntighe na fochraice.


48 Gabhaim greim maith do Mhuire

meinic sionn dá síorghuidhe

a cuid do dhuain Dé dlighidh

do chuaidh mé ’n-a muinighin.


49 Gá foráil flaitheas nimhe

d’fhagháil tré ’n-a himpidhe

gan bheith fa ghlóir éarlaimh ann

ón óigh ghléaghlain ná gabham.


50 Aitchim an dá dheaghfháidh dhéag

fam thabhairt do Dhia ar deighshéad

slóigh ar nach ceiseabh chuige

dá sheisear do shochruide.


51 Im Aindrias im Eoin nglanógh

im Philip im Pharthalón

im Mhatha mór as mhór bhladh

im Thatha im Phól im Pheadar.


52 Im Thomás im Mhaithias mór

im SheanIacóbh im Shiomón

dá fhear déag nach seachain sinn

rem beathaidh rem éag aitchim.


53 Guidhim an móirsheisear mór

fam thabhairt a Dhé ar dheaghshódh

lughaide is omhan eisean

ó moladh na móirsheisear.


54 Im Mhíchéal mbláthmhar mbithfhial

im phríomhfhlaith im Phanithial

im Ruimhial ris nach sgar sgiamh

im Uirial nglan im Ghaibhrial


55 Im Sairial seolta caingean

im Raifial n-ard árchaingeal

uaisle an tsamhaidh aingligh fhinn

rem chaingnibh gabhaidh guidhim.


56 Guidhim ceathrar sgríobhtha sgéal

im Lúcas liom go láintréan

in Eoin im Mhatha im Mharc

treoin na flatha dar bhfóbart.


57 An triúr fheadhbh im Mhartha móir

’s im Mhuire máthair Iacóibh

’s im Mháire Magh-da-léana

báidhe dhamh rom dhídéana.


58 Guidhim na hógha uile

’mun ríoghain im roMhuire

do shódh móideadh an Ríogh rinn

an cóigear gríobh n-ógh aitchim.


59 Im Chaitir-fhíona as fhearr thig

im Dheir-bhile is im Bhrighid

cóig glanchroinn ris nach gráin poing

im Shamhthainn gcáidh im Chaoluinn.


60 Aitchim an dá dheaghfháidh dhéag

fam thabhairt do Dhia ar dheighshéad

do gheabhthar ionn dá n-áireamh

an ceathrar fionn fíorfháidheadh.


61 Im Amos im Íosa hÉal

im Isahias im Aiséar

ceathrar glainfhial i mbiadh báidh

im Dhainial bhfial an bhfíorfháidh.


62 Guidhim liom go dian díreach

an chéad míle mairtíreach

díon damh gan chionaidh gan chrádh

im Ghrioghair nglan im Ghearmán.


63 Im Sdeafan im Laibhrint lonn

im Chlement dar chóir tearmonn

tréan i dtoigh Dé na deighfhir

as a bhfoil mé ag muinighin.


64 Guidhim an sluagh mór manach

im Bheinidheacht mbuanbhladhach

gach manach bhus adhma orm

do thabhach mh’anma a hIofarnn.


65 Guidhim Auguistin óghach

go ’n-a chéadaibh canónach

íocfa ar nduais-ne na deighfhir

as uaisle is na himpidhibh.


66 Guidhim Martain réidh reabhach

go ’n-a shluagh fhionn fhaoiseamhach

go ndeach mé san magh neamhdha

más é tal mo Thighearna.


67 Guidhim Pádraig Puirt na reann

im naomhaibh uaisle Éireann

im Ghrinne rom ghonann grádh

im Cholam Cille im Chiarán.


68 Im Arannán im Odhrán

im Fhinnéan im Adhamhnán

gach naomh dá ndéanam dán

díbh im Bhréanann mbán im Bhaoithín.


69 Im Fheichin Cunga im Chuimín

im Sheannach im SheanChuimín

beid go luinneach im láimh thall

im Choinneach gcáidh im Chomhghall.


70 Im Ó Suanaigh na salm ngrod

im Ghiolla Aodha Easbog

gach naomh gach naomhóg dá gcluin

im Mhaol Maodhóg Ó Monguir.


71 Im naomhaibh Éireann uile

dom shíoth le Mac mórMhuire

im Bhéinne ngléaghlan nach gann

im Éinne éarlamh Arann.


72 Gach ní as cumhain ’s nach cumhain

liom d’ainglibh is d’éarlamhaibh

a roineart a ngníomh ’s a ngreim

dom dhíon ar oireacht Ifrinn.


73 Ní hiad naoimh an bheatha bhí

thig díom d’áireamh acht éinní

gach naomh dar naomhadh ar nimh

dom shaoradh ar taom dtuisil.


74 Eoin Bruinne is im Eoin Baisde

dom dheaghailt re díochaisge

eoin oile Pól is Peadar

Muire ógh dom fhoircheadal.


75 Rob sgiath dídin an duansa

do mharbhaibh na mórshluaghsa.

dom aos aithnidh don fheadhain

dar n-aithribh dar n-oideadhaibh.


76 Guidhim fós an bhFáidh bhéaras

neamh dá gach neach mheibhréabhas

go rod beara ar neamh a-nonn

gach fear dá ngeabha a ngabham.