Poem in printable PDF format
Gabhla Fódla fuil
Chonaill
[Eoin Mac
Cárthaigh, Poems on the Uí Dhomhnaill (circa 1641),
unpublished PhD thesis, TCD, 1994; poem 4]
1 Gabhla Fódla
fuil Chonaill,
lucht iomchair
gach anfholaing,
croinn chomhlána
as daingne di,
sailghe congbhála
a céime.
2 Balladha as
daingne dise,
fughnacht as
fhearr aicise
- lucht
daghchomhaill glóirríogh nglan -
póirshíol
glanChonaill Gulban.
3 Sás congbhála a
teallaigh te
dlaoi dhíona a
téagair thighe
cúirt
ríoghBhanbha na raon nglan
fíorghabhla a
saor le a seasamh.
4 Do chongbhadar
riamh roimhe
críoch Banbha,
bean Iúghaine,
gan tolg ina
taobhaibh soin
faobhair a gcolg
’gá cabhair.
5 Níor léigeadar
- lór do smacht -
an feadh do bhí
fa a mbardacht
suim do chur
aoinneach eile
i mbrugh
daoineach Dairine.
6 Do shíol
Conaill chláir Crionna
re cumhdach
fhuinn Oilealla
croinn dhíona fa
breith Banbha
deich ríogha gan
fhreasabhra.
7 Do bhí fós - is
feirrde soin -
dá fhichid naomh
do naomhaibh
dá shíol i
mBanbha na mbeann
ag díon gach anma
ar ifreann.
8 Do tharngair
Pádraig Puirt Dúin
’s Colam fa
cráibhtheach nadúir
toigheacht trír
fhéil oile
díbh ar an réim
ríoghraidhe.
9 An lá nach leó
Nás go neimh
Teamhair ríogh nó
Ráth Chaisil
- comhshlógh gach
cuire ’na gceann -
uille ó fhormhór
na hÉireann.
10 Do bhí aca -
tuar a dtréin -
Oileach is Inis
Saimhéir
- puirt
ríoghraidhe rer chruaidh cuir -
ríoghDhoire
thuaidh is Teamhair.
11 Dob iad sin,
gan teacht re a dteann,
ardphuirt
oireachais Éireann
cinn oireacht na
n-órghlac ngeal
re dtoigheacht
mhórmhac Míleadh.
12 Anduadh tar
chách ’s gach conair
i gcathaibh, i
gconghalaibh
- re ríomh a
gcéimeann gcogaidh -
ag díon Éireann
uaradair.
13 A-táid uile,
deóigh i ndeóigh,
síol gConaill
d’áis is d’aimhdheóin
dáibh féine
d’orláimh re a n-ais
ag congbháil
chéime is cheannais.
14 A cur as an
riocht reimhe
dá dtí iomlaoid
aimsire
ar chrú an
cheinnbhile ó Bhóinn Breagh;
- dóibh as
deimhnighe a dídean.
15 Inis Banbha an
ghuirt ghrianaigh
’s í fa fhoirinn
ainmhianaigh
cádhas a treabh
taobh re lár
gan fhear le a
dtaobh a tochrádh.
16 Céile as
chubhaidh dá cneas slim
do inneósainn é
d’Éirinn
- crann do bhláth
fíneamhna a fear -
táth ríghEamhna
dá roiseadh.
17 A-tá fear dan
dual a dóigh
má tá sí ag
iomchar anshóidh
plannda d’úir na
ríogh roimhe
- bíodh a súil re
sádhaile.
18 Do-bhéardaois
féin a feis dó
- dá mbeith tráth
ar a togha -
síol na dtréad
uairse d’fhearaibh
tre uaisle a
ghéag ngeinealaigh.
19 Géag chumhra
do chloinn Conaill
’s d’fhíonfhuil
Eóghain abhramhoill
braon do chrú
Colla na gcath
- na fonna rú fa
riarach.
20 Crann do
choill mhóir an mhiodhóil
d’fhíonfhuil
Eachaidh Muighmheadhóin
sruth téigle nach
tuil le baois
éigne ón Duibh is
ón Drobhaois.
21 Ua Cuinn ó
Theamhraigh na dtreabh
’s Cuinn chaoin ó
Chruachán Lighean
do chrú Dálaigh
druim ar druim
do sháraigh clú
an chéadChuinn.
22 A n-oirbheart
ní dheachaidh de,
mac áirmheach
Aodha Buidhe;
gaisgeadh, ciall,
féile agus fos
is rian dréime re
a dhúthchas.
23 A-tá Doimnic Ó
Domhnaill,
d’uaisle is
d’éifeacht ionchomhlainn,
’na dhíol céile
ag a clár slim
dá gcládh Éire
’na hÉirinn.
24 Tarla gach
mian dá mianaibh
ar Bhanbha an
fhóid fhinnghrianaigh
dá bhfuairse le
chéile i gcurp
a thréidhe, a
uaisle, a ábhacht.
25 A mhaordhacht,
a mhéin reabhraidh,
a aobhdha seal
sibheanraidh,
a chlú i
ndeabhaidh uair eile
i dtruaill
leabhair lúirighe.
26 A chródha, a
cheannas feadhna,
a chairptheóracht
chinneamhna,
a bharradh féile
ag crúdh cath,
a thréidhe ar
lúdh ’s ar lámhach.
27 Dá mbeadh, mar
do bhí a-nallód,
síon chogaidh ’s
gach conarród,
fan
gcoimhghleicse an té dá dtig
dob é an
Doimnicse Doimnig.
28 Do bhiadh fa
cheart chláir Fódla
suas re cách don
chéadfhógra
go bhféin áigh
chrannruaidh churadh
daghshluaigh
cháigh do cheannsughadh.
29 Ag so re a
ríomh a rogha
congháir chliar
eóil, ealadha,
fianna tarbhdha
gan tacha
- miana damhna
deaghfhlatha.
30 Ceól do
iarrfadh uair oile
séis cholg ag
leódh laochraidhe
tóir ag
groideagar gliadh ’s greagh
’s coigeadal
fhian i n-éigean.
31 Sróll data ag
dul re crannaibh
fuaim ’gá bhuain
a buabhallaibh
meanma ar fhéin
ghairgbheódha ghrinn
céim le a
n-airdeógha a intinn.
32 Dá mhianaibh i
n-uair fheadhma
gáir sdoc fa
fhéin fhinnEamhna
laoich ag tinnmhe
chealg is chean
is imle learg ’na
luaithreadh.
33 A háit éigin
go clár Cuinn
dá dtigeadh ua
chlann gConaill,
ar bhruach
fhaithche ’narbh fhiar ceart
do bhiadh aithne
ar a éifeacht.
34 Dar
haithnigheadh, gérbh óg sin,
Cormac mór mac
Airt Aoinfhir,
- fear dar
chubhaidh a crann air -
le Lughaidh thall
i dTeamhraigh.
35 Lughaidh
meanamnach (?) Mac Con
tarla dó - dia do
phudhar -
(?) céim
grionnardghlan dá ghné shlim
dar hionnarbadh é
a hÉirinn.
36 Aimsear éigin
dá éis soin
táinig Lughaidh
líon cobhlaigh
go caoimhchrích
bhfódghloin bhfinn bhFáil
ógbhaidh nar thim
i dteagbháil.
37 Gairid, trá,
ar dteacht don eingse
nó gur throid ’na
timchillse
dar fhíorat a
dtuinn thachair
ar ríomhac Chuinn
Chéadchathaigh.
38 Ceannas Fódla
ó mhuir go muir
tarla ón lósoin
ag Lughaidh;
níorbh é lá
méadaighthe a mac
go lá a
chéadaithne ar Chormac.
39 Lá dá raibh
Lughaidh na leann
ag agallaimh
fhear n-Éireann
leaca fhuilngeach
go ngné ngloin
’s é go
tuillmheach i dTeamhraigh.
40 Do bhí Cormac,
croidhe lán,
’gá fhalach air
’na ógán
d’uamhan laige a
ghéag ngoile
’s tréad aige ’gá
n-ionghaire.
41 D’ithe
fhéarghuirt each an ríogh
téid an tréadsoin
- tuar eissíodh -
- is beag dá
gcreidís dá chuing -
mar do bheidís
gan bhuachaill.
42 I n-éiric ithe
an fheóir ghloin
gabhthar cheana,
trá, an tréadsoin
- sgur baoghail
’na ndeóigh a ndíon -
le maoraibh
fheóir an airdríogh.
43 “Tuitfid”, ar
Lugh, “más lór soin
dúinn na caoirigh
san chluanaidh,”
oighre na ríogh ó
ráith Breagh
do ráith nar
dhíor an dligheadh.
44 “Lór”, ar
Cormac an chneis ghloin,
“barr na gcaorach
san chluanaidh”
do ghlór mhall i
modh eagair
“mar logh ann,
’nar itheadair.”
45 Le comhrádh
Cormaic í Chuinn
do-ug Teamhair,
teach Criomhthainn
- múr na slógh
nar haoradh d’fhuil -
claonadh mór ina
múraibh.
46 “Cormac an
fialnár feartach,”
ar Lughaidh, trá,
“an tairngeartach
- is é an fear do
éiligh inn
’s ní meadh
éinfhir i n-Éirinn.”
47 Lughaidh
meardha is múr Teamhra
do aithnighsead
infheadhma
- tromshlat tar
dháigh nach deachaidh -
Cormac cáidh dá
cheirtbhreathaibh.
48 Gá dtú leis ní
leanabh air
fágbhaidh
Lughaidh, trá, Teamhair
d’oighre Airt ar
n-a aithne
- cairt nar
dhoilghe dearsgnaighthe.
49 An aithne
chéadna ag crú Cuinn
a-niú ar Dhoimnic
Ú Dhomhnaill
ar thúr
oirbhearta ’s gach alt
ar rún
toirbhearta, ar thábhacht.
50 Ar gach méin
aird ’na n-iongnais,
ar fhoirm, ar
bhreith bhreitheamhnais,
ar smacht fíre fa
cheart cáigh,
ar reacht tíre do
thógbháil.
51 Fáilteaghadh
cáich re a ghnúis ghloin
claonadh
Teamhrach an tráthsoin
tar aon
d’uaislibh fhuinn Eachaidh
don uainsin
Chuinn cheirtbhreathaigh.
52 Do féachadh a
lámh leabhar
i dtreasaibh gan
tuirseaghadh
comhghlac do
chinn ar gach coir
tar Chormac re
linn Lughaidh.
53 Ní fúighthear
aointír oile
timcheall Fódla
féaraighe
gan lorg a loinne
le a láimh
i n-ord coinne do
chongbháil.
54 Is faide a
cheart ar chlár Cuinn
- féachthar uaibh
ua Í Dhomhnaill ! -
- dual dóigh a
tromshlait i dtoigh -
’ná cóir Chormaic
don chursoin.
55 Níorbh
iongnadh do chrú Conaill
teacht, i n-áit a
n-uraghaill,
go flaith Liag fa
bhéim Banbha
ós iad féin a
fíorghabhla.
56 Fuair Doimnic
mar is dual dó
... tochmhairc a
tuar garma,
bláth mailgheach
ó mhoigh Meadhbha,
saimhbheach gan
oil n-aimseardha.
57 Craobh
fhíneamhna thaibhgheas toil,
d’fhíonfhuil
Bhriain mhóir mheic Eachaidh,
géag chumhra do
chloinn Colla,
croinn dar umhla
eachtarrtha (?).
58 Do dháil Dia
dá dreich thromdha
maordhacht is
meas measardha,
- mar tá aga
craoibh riamh reimhe -
ciall is aoibh is
áilghine.
59 Do thoirbhir
Dia dá dreich naoi
na tréidhe as
dual do dheaghmhnaoi
- tearc dar
dáileadh acht dise -
dleacht a
n-áireamh uirtheise.
60 Ar lorg
Éamainn mheic Eóghain
inn Brighid do
bhuaintreóraigh
go freagra as
léire linne:
eagna, féile is
fírinne.
61 Gruaidh mar
rós, leaca mar lil,
rosg néamhanda ar
nós oighridh,
dá mhalaigh
chaola chearta
chaomha ar
aghaidh innealta.
62 Corp deaghlán
as díol ceana,
glaca laga
láingheala,
béal aobhdha gan
oil ndealbha,
dá throigh
mhaordha mhéirleabhra.
63 Geág chumhra
do chriaidh chiníl
inghean cheannsa
Caitilín,
(?) bean dan
soirbh a séan garma
(?) ler léagh (?)
foirm a fíorghabhla.