firstLine"; ?>

1028. Gabhthar danacht o dhalta $
Length: long 43qq
Certainty: 4
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1235 (C/ii/2) 15th to 16th cent.
  2. TCD 1340 (H.3.19) 16th -17th cent.
  3. NLI G 29 18th cent. fragments
  4. NLI G 447 ? 1738 (“Rossmore MS�)
Prints:
  1. transl. McKenna, PB pp 47-51, 158-60 (no.xi)
Motifs:
  1. envois to SS Francis and Michael
  2. “caithreim�, list of spiritual triumphs
  3. role of BVM
  4. Judgement Day
  5. disciplining the body
  6. fosterage
  7. imirce
Poet Christian Names:
  1. Pilib Bocht (“Rossmore MS�)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Eoin Bruinne
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Eoin Bruinne: short anecdotes
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gabhthar dánacht ó dhalta


[McKenna, Lambert: Philip Bocht Ă“ hUiginn, Dublin, 1931, poem 11]


1 Gabhthar dánacht ó dhalta

tig do thaobh na hannsachta

a bhreath broide a mhéid meanma

go dtéid d’oide oileamhna


2 Ag fior leasaighthe an leinibh

dá roibh aige a fhóireidhin

fás dá fheirg ris an oide

grás an leinb ní lughoide.


3 Leigidh duine le a dhalta

i n-oirchill a fhoghanta

tail a mheanman do mhacnas

air nach dearnadh dĂ­oghaltas


4 Madh cruaidh an bhreath bhearas air

grádh an oide is as dearbhthair

an tĂ­ ar a mbearar an bhreath

don leanabh go mbĂ­ buidheach.


5 Is tugtha dhó dá dhalta

a n-iarrfa i n-ainm dánachta

dá ndiultadh Dia Eoin asbal

cia ’n-a dheoidh nach diultfadhsan.


6 Sinn dar n-áis muna fhagha

i n-anĂłir an Ă©arlamha

go rabhar d’aontail is Eoin

faghadh mh’aontaidh dom aindeoin.


7 Tug do mhuirn dá mhac ochta

faoi mar chearchaill codalta

n-ionadh buime go mbĂ­odh

bruinne iodhan an airdrĂ­ogh.


8 Muire ar mhéad a deala dhamh

gidh hĂ­ shaoilim dom shaoradh

móide a máthair Dé mo dhóigh

sé ’n-a bhráthair don bhanóigh.


9 Don easbal do oil tusa

gidh gar do ghaol folasa

neasa a ghaol a mheic Muire

deit do thaobh na trĂłcuire.


10 Ní chluinim gá aithris air

go dtug riamh i riocht peacaidh

ionadh don locht as lugha

corp iodhan an Ă©arlamha.


11 Do bhaoi gloine is annsacht ann

cosmhailtear ris an gcolam

do bhĂ­ i n-osnaidh Eoin Bruinne

cosmhail ceoil na coluime.


12 Deacraide buain re a bheathaidh

a iomad dá oibreachaibh

is cuma gan teacht thairrse

cuma a fheart ní fhéadainnse.


13 Dias crábhaidh do chuaidh ó Dhia

do bhĂ­ ag guidhe meic Maria

go teacht a-rís ’n-a riocht féin

don dís ar iocht an fhíréin.


14 Gur chuir Dia do dhúthracht thé

ar n-éag mná dá mhnáibh páirte

feoil agus fuil fan anam

nír sguir Eoin dá uraghall.


15 Fleadh nachar fhéad a oidhidh

do bhaoi is bladh dá mhíorbhoilibh

mar gach bhfleidh eile gá hól

is neimh na fleidhe ar fadĂłgh.


16 Do chuala gur hinnleadh air

tunna ola d’éis fhiochaidh

teacht Ăł fhiochadh na hola

criothar d’fheart an éarlomha.


17 I n-oiléan do b’fhada ó thír

neach nar bh’umhal don airdrígh

do chuir ar imirche Eoin

do mhuin innighthe is aineoil.


18 Do chĂ­thĂ­ Dia do dhealbh neamh

san oiléan is é a-deirthear

a rĂşn falaigh gur reac roibh

leat Ăł adhaigh go hadhaigh.


19 Do luigh ortha d’éis na sgéal

do fhuaradar ón fhíréan

orchra re h-ucht a Ă©aga

a lucht comtha is coimhéada.


20 Nír mhaith a cheann féin an fear

do chách nír chóir a oidheadh

a mhéad do chathaigh re a chorp

fachain dá éag re hadhort.


21 Gidh mĂłr do theagasg tug dĂłibh

le cách fa cruaidh an tseanmhóir

an t-Ă©arlamh do ba teo toil

beo do théarnamh i dtalmhain


22 D’éis a chuirp do chur san uaidh

is eadh frĂ­oth innte an athuair

plĂşr na n-aingeal n-a ionadh

daingean dĂşnn a dheimnioghadh


23 Mairidh an clĂş do chuaidh air

Eoin Bruinne is beo Ăł anmain

a chorp naomtha gidh Ă© ann

ní shaorfa mé nach marann


24 Dod sgéalaibh gé do sguir mé

do rinnis ni rádh bréige

mĂłr do chuid do na crannaibh

nĂ­ lĂłr dhuid a ndubhramair.


25 Dár leig riot dá rún fhalaigh

gé do bhearthaoi bararamhail

nĂ­ hionnochta dhĂşinne dhĂ­obh

rĂşine ionganta an airdrĂ­ogh.


26 Gidh cúis méaduighthe meanma

bheith i dtreise tighearna

ní dhearna a fagháil díoth dhó

a bhfríoth d’anáir ó Íoso.


27 Do bhĂ­ ag Dia tar gach ndalta

dhó d’iomarcaidh annsachta

fios an sgeoil nach faghbhadh fear

go dtabhradh d’Eoin ós íseal.


28 Ă“ ChrĂ­osd re hucht a Ă©aga

Eoin mar oide coimhéada

do ceangladh re Moire mĂłir

dearbhadh oile ar a anĂłir.


29 Nír bh’iongnadh d’íoc a mhuirne

a fear cumtha is comhuirle

martra d’fhagháil ’n-a hionadh

anáir dalta an dúiliomhan.


30 A chumha re trí tráthaibh

dá dhalta is dá dheaghmháthair

a chumha nĂ­r chumha choimse

lugha í ná a hadhbhoirse.


31 Tuilleadh aimsire d’fhagháil

leis do ba lór d’easanáir

achd gomadh bás a deoidh dhó

le hEoin nír chás a chumho.


32 NĂ­ roibhe deor do dhalta

ag déanamh na deaghalta

d’éansdair agus Eoin [san] fheart

le a dheoir do b’éasgaidh imtheacht,


33 I n-ionadh mheic a Mhuire

do bhaoi Eoin gut ionghuire

táinig a chridhe a ógh ort

ar n-Ăłl dighe as an diadhocht.


34 Nochar aontaigh an t-abhra

is creidthe ar a chomhardha

gan deoir i rosg Eoin nar fhear

cosg gus an deoir fa dheireadh


35 A ré go dtiocfadh is teach

do rinne re Dia ndĂşileach

sgarthain nar dheoin le dalta

marthain d’Eoin do b’ionganta.


36 Gur bheanais céill dá cabhair

ar n-imtheacht dá asbalaibh

nír bhac th’fuireach ag an óigh

buidheach an mac dod mhĂ­odhĂłigh.


37 Luach na ndéar do dhoirt tusa

ar Íosa dá n-agrasa

ná fuiling ar n-osnaidh ort

cosmhail go bhfuighinn fortocht.


38 Do chéadfadhaibh na colla

gé tú ag tabhairt urroma

ní déantar gan díoth anma

síoth na gcéadfadh gcorpardha


39 Ni hadhbhar duit dom dhearadh

is urusa m’éigneaghadh

an cholann ionghlan a Eoin

gá hiongnadh oram aindeoin.


40 Dá bhfaghuinn cara as mh’ucht féin

ó Chríosd dár chóir mo mhíréir

mé muna éara id ....

. . . . . . . . . . . . . . . . . .


41 An tabhach a-tá n-ar gcionn

nĂ­r thughtha gin go dtuigiom

freagra ar chéadfadhaibh an chuirp

[d’eagla an] éantabhaigh ordhuirc.


42 Tar cheann a ndamantar dhĂ­obh

dá mbeith asbal an airdríogh

gá ghuidhe i dtráth na tagha

cách ní fhuighe a n-athragha.


43 Cuimhnigheadh maor na meidhe

is Froinséis t’fhear impidhe

nach bia réidh i ngoin an gha

a thoil féin nó go bhfagha. Gabhthar.