Poem in printable PDF format
“Gach éan mar a
adhbha”
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 98]
1 “Gach éan mar a
adhbha”
oirrdhearc so is
[’s] sé leantar;
gach ealta mar
oiltear;
ní chleachtfa
achd a cleachtadh.
2 Lachain i
laoibh sneachta
ag snámh eighridh
uaine,
ní fearr leo lá
gréine
as teo ná an chlá
as cruaidhe.
3 Eoin íochtair
na fairrge
dá nach foghnann
faidfhéar
bíd choidhche gan
chadódh
gach n-oidhche
fan aigéan.
4 Éadána eoin
mara
ar muigh nach múr
trágha;
eoin moighe ná
móna
ar doire ní
dána.
5 Eoin coilleadh
ní cleachtaid
cuaird ar muigh
ná ar maighshléib;
nochan fhaghbhaid
dh’anbhuain
nach adhraid don
aimhréidh.
6 Beathadhaigh an
bheatha
mar bhíd eoin na
n-ealtadh,
gion gob
dh’aonchrúdh oiltear,
gan claochlúdh do
chleachtadh.
7 Cách fa a
gcleachtadh bhunaidh,
bláth dearcan tre
dharaigh,
fir fa cháil a
gcionaidh
is dáibh sin a
samhail.
8 Gach macaomh
mar mhúintear;
Maghnus maith do
múnadh,
slat Breagh,
Brian na nGaoidheal,
mac mar Niall
geal Glúndub.
9 Maith do
múineadh Maghnus
mac Conchobhair
Carna;
gidh tréan nocha
toghdha;
gach éan mar a
adhbha.
10 Maghnus mar do
múineadh
cá Gall glas ó
ngéabadh?
sé ag dul tar
gach ndúnadh
Lugh é is ní hé a
éanar.
11 Lugh é is Cú
na Cearda
- gach cleas ’gá
chúl chraobhach -
ainm dó im gach
mbuaidh Buadhach
i ngach uair bhus
aonach.
12 Gach buaidh as
bhuaidh aonaigh
fhuair ’s ní
fhuair gan iarraidh;
sleagh re sdargha
sduadhaigh,
fear Falgha, fear
fiadhaigh.
13 Fear feithmhe
gach fhásaigh,
fear catha agus
comhluinn,
badhbh gheal go
ngroigh sheangdhuinn,
fear ’ga bhfuil
gach foghluim.
14 Oide múinte
Maghnuis
maith ar chách a
chomaoin;
tug druim re gach
ndobhuaidh
Ó Chuinn gion go
gcommaoidh.
15 Do mhúin féin
dó dochar,
do dhruid é i
ngach ionadh;
níor mhúin ón ló
as leanabh
dó achd a shúil
re shiobhal.
16 Do mhúin trá
dá throighidh
théid i n-ágh re
n-ógaibh
ag breith cruidh
gach chóigidh
fuil do bheith
’n-a bhrógaibh.
17 Do mhúin dá
ghlún ghealchorr
ghabhas beirn re
biodhbhaidh
a fhilleadh go
harnaidh
re himeall i
n-iomghuin.
18 Do mhúin
múnadh éagcóir
dá ucht réidh go
riarthair
bheith i
gcomhdháil chaomhthaigh
re corrgháibh i
gcliathchaibh.
19 Do mhúin béas
dá bhrághaid
- béas aice as
ord cagaidh -
gan ní uimpe
idir
achd muince go
madain.
20 Níor mhúin at
achd iarainn,
nó at cotún
craobhach
ón cam gach
craobh líneach
’n-a bharr as
caomh caolach.
21 Do mhúin
bheith ag bogadh
fan gcleith nó
fan gcloidheamh
bas choirrgheal
an churadh
re toirneamh na
dtroigheadh.
22 Do mhúin
meadhón oidhche
onchú an earla
ghlúinigh
loighe i ndoire
dhiamhair
’s gan loighe
achd ’n-a lúirigh.
23 Olc d’fhulang
ga fhoghluim
is eadh dhligheas
deighfhear;
fear
céadmhaoidhte curadh
ní héagcaointe a
eidhear;
tig ’n-a thuile a
thoradh
do dhuine fa
dheireadh.
24 Ní tearc
toradh iongnadh
aige d’éis a
fhorbhaidh
do shról dhearg,
do dhoinnmhil,
don ór ceard i
gcornaibh.
25 D’fheoil, do
lionn, do luachair,
do thuathaibh fa
threabhaibh,
do dhíon bó, [do]
bhroghaibh
d’fhíon is an ló
leabhair.
26 D’éadach agus
dh’eochaibh,
is dh’éideadh mar
fhaghlus,
dh’arm go n-ór,
is dh’ionnmhus,
dhiongbhus Mór do
Mhaghnus.
27 Maghnus
mhullaigh Tailltean
troid ris is réim
anáigh;
gar don rígh ó
roBhóinn
tír nar ghabh do
ghabháil;
maith dá bhfuair
ní furáil
do fhlaith ar
n-uair d’fhagháil.
28 Rí
gaisgidheach nGaoidheal
gorm a
chloidheamh crosghlan;
rí na n-each a
each-san
do-ní an chreach
do chosnamh.
29 Ní
héagcosmhail aigneadh
dá eoch ’s
d’fhior a druimne;
lán Éire dá
n-inmhe;
re chéile isad
cuibhdhe.
30 Each geal,
gruagach doinnfhionn,
dias a-tá ar tí
fuadaigh;
creach fhear is
each n-éididh
re n-each ngeal
an ghruagaigh.
31 Gruagach go
méad míleadh
do-éid ar gach
n-aoinfhear;
each gráineamhail
gléigheal
re
ngáidhfhearaibh Gaoidheal.
32 Manannán an
mharcshluaigh,
Maghnus Muighe
Muaidhe
fear eich
sheinggil shídhe
agus eirridh
uaine.
33 Níor chumhga
neart námhad
ní do-san ná
di-se;
Dia deisiol na
deise
ei-sion agus
i-se.
34 Is í an Liath
Mhór Macha,
mór n-anbhuain ro
fhuluing;
tug sei-sean bú a
Boirinn
is ei-sean Cú
Culuinn.
35 Is i-se an
t-eac oirrdhearc,
Each geal Taidhg
ghloin ghraifnigh;
ó a cholg
thei-sean teithtir;
Tadhg ei-sean nó
a aithghin.
36 Is i-se an
Liath luirgneach
lingeas cách i
gcathaibh;
sei-sion mhac
Maoil Mhithigh
as phrap re
taoibh tachair.
37 Si-se re
sluagh nGaoidheal
Gob na Sgéal
sgeamh sholamh;
sei-sean Murchadh
Mumhan
nach tomhthar do
thomhadh.
38 Sei-sean Síoda
Odhar
dar bh’aithnidh
gach aonach;
si-se leath re
Lámhach
a each achd nach
aondath.
39 An Blár
Aodháin i-se
agus Aodhán
ei-sean;
léigthe an magh
dhí is do-san
dá rabh sí agus
sei-sean.
40 Sei-sean Lugh
lá an tachair
ler thuit fine
Fomhra;
triall teithidh
ní tarbha
ris an mbeithir
mbodhbhdha
fa fhonn Mhuighe
Meadhbha
ar Dhonn groidhe
[Garmhna].
41 Conall Cúigidh
Chonnacht
chosnas Magh
n-Aoi n-armghlas;
is cathaighe
coimhdheas
fan machaire
Maghnus.
42 Maghnus
mhullaigh Cruachan
croidhe brodla
bághach;
doirbh fa mhúr
Sainbh srianach
sbairn re lúdh ’s
re lámhach;
re ghleic ní
ghabh lúireach
fa Mhagh mhac
meic Mághach. Gach.