Poem in printable PDF format
A mheic, gur
mheala t’arma
[RIA 2 (23/F/16),
‘O’Gara’, 110]
Domhnall
mac Daire [Mac Bruaideadha]
cecinit
[Deibhidhe, Dán
Díreach]
1 A mic
gur meala
t’árma
dua(i)l duit díon t’athardas
a
lámh trén gan tacha neairt
rob
sén catha dod ceadbeairt.
2 Ar sean
deaghuaire is
dearbh
linn
a
meic riogh ratha hOillill
red
chlu(dh) is eadmhar
gach arsaigh
do
ceadgabh tú in trealamh-soin.
3 Gur meala a
meic an íarla
t’iorradh daingean
dluithniamdha
nach
eaitter aondhorus air
d’eaitteadh taobhsolus treabhraidh.
4 Do
mhionn cumhdaidh
nar chailg
rinn
do
lann thana a ttoigh
gaibhnind
do
caoilshleadh go gceó nimhe
ler
sráoineadh gle[o] Gairidhe.
5 Dul at
armaibh is am
dhuit
go
madh í an toisg o ttainicc
a-níar do nuasgoil
iomtha
Brian
do fuaisgail Eirionncha.
6 Go madh é so an
sén da bhfuair
[111]
Conaire
ceann an
morshluaidh
an la
do marbh Nuadha
Neacht
arm do-chuala a
ceidfheacht.
7 Go madh é so an
sén dar gabh
mac
Deitcin daltan Uladh
gég
abla caoimshluaidh Codail
arma a
gcraobhruaidh Concubhair.
8 Sen da ttug
Midhir meabhlach
an
t-arm d’Aongus
ildealbach
toisg
dar
fogradh
Ealcmar uadh
a
mbreacbrugh fhodglan fionnfhuar.
9 Go madh é so an
[sén] dar
chinn
ar Cathaoir mor mac
Feailim
fa ri
an fear ar
fhonn Banba
dar geabh
Conn a
ceadarma.
10 Go madh í an
bhuaidh bearthar
libh
dar bean
Chormac
clair Uisnigh
múr
Teamhrach na bfreamhslat bfíar
do
trenmac
meanmnach Macníadh.
11 A Seaain meic
meic Uillig
a
gribh corcra an Cruachainuid
cosain Magh sreabhaobdha Sreing
gabh
t’iolfaobhra da n-aighleainn.
12 Bíaidh
gair máoidte acc
macraidh fiodh [leg. s-?]
gair bhróin a
mbailtibh eisiodh
gair badhbh is
brainean gcorrach
fad
th’arm
roighear
realtonnach.
13 Do
gealladh cráobh da
ccoill féin
do
sgrios Gaoidheal guirt saoirNéil
a geg
cnuais nach cnu falamh
guais
mas tú do tiorcanadh.
14 Lugh
mac Cein na ccreach
rot[h]rom
mur sin
fúair
fiann
dubLochlann
fir
threana le teachta a ttroid
sgela
a teachta sul
tanicc.
15 Máoir
Bhalair na
mbriathar
tteann
ar gcur cana
ar chrich
Eireann
fa
lán d’osnaidh a n-ainbreath
gach
clár cobsaidh
ciúnaibneach.
16 La n-áon
dar fiarfraigh Balar
da
lucht fis “an
bféadabar
an
bfhuil cláochladh coidhce am chionn
fa
saorchlár foirfe
Eairiond?”
17 “Ni ticc re
trean do cineadh”
ar an draoi is do
cinnfidhear
“acht oighre
t’ingine fein
finnbhile coimhghe
a cineil.”
18
“Bearaid Eithne an
fuilt clannaigh
mac
bus meisdi Lochlannaigh
d’fior a siothbhrugh braonghlas Breagh
rioghLu(i)gh caomhnas gach coigedh.”
19
“Gearr do go dul a
n-ármaibh
tall
a gCruachain chráobhablaigh
sioth
na mbrugh nglanfallain ngeal
Lugh
Manannain na
mileadh.”
20 Do
fioradh faisdine in
druagh
(do)
geinter Lugh na lann n-ionfhuar
blath
fionn na freimhe
ferdha
Eire
a ngioll a geineamhna.
21 Ticc fan
macamh mogal ndluith
do
lucht comháoisi is
comhluith
sluadh sídh ler ceangladh commbaidh
a
gealbrugh min Manannain.
22 Iadaid
ar tteacht go Teamhraigh
fan
stuaidh gcruithgil gcaoindealbaigh
fir
dearcmalla Droma
Caoin
deagclanna
donna
Dealbaoidh.
23 Dob é a crioch
gur cosain Lugh
Fodla
re fine a matha(i)r
guais
cur dar-iribh
orra
gur minigh Lugh
Lochlanna.
24 Ticc don blath
blodh na ngeag [leg. géige?]
tu as
dothcha a mic Margrege
do
cur Gaoidhiol fa Ghallaibh
d’aoinfiodh Lugh is Lochlannaidh.
25 Tu leitheid an
leinbh roimhe
fada
a-táoi ’god tarrngaire
tu
bus ursa do crú Cuinn
don
Lugh-sa is tu bús tuairim.
26 Tu tainicc mur
tainicc Lugh
d’eis
t’foghlama a n-iath Saxan
d’furtacht tolcha
na ttri riogh
do
bhi a n-orchra ’s a n-imsniomh.
27 Do bháoi
Cruacha an ba[i]rr
leabaira
red
bheth a mbeirt
gaisgeadhaigh
sruth
Búille is glanMuaidh ad gheall
ni
sáoirer d’anbúain E[i]r[e]ann.
28 A-táoi ag
eirge tre t’armaibh
mur
thig cronn [leg.
crann?] tre clochadhbuidh
ad
cruaidhfiodhbaidh
fan cas buing
ag
fas tre fhuairiomdaidh iaroinn.
29 A-ta
fiodhbadh ag fas
libh
d’ogbaidh Cruachna
an clair
linnghil
suas
acc easgar tre a
n-armaibh
measdar cruas da
gceadtamhnaibh.
30 A-ta libh don
leth eile
lucht muinte na
macroidhe
laoich gealcorcra is daingne a gcath
sailge ferconta
Francach.
31 A-ta libh don
leth-si a-níar
slan
cogaidh fa clainn
Uilliam
sluaigh míndhealba
caomha o gCais
cráoba fíneamhna Foirgais.
32 Red
lucht cogaidh cia
gebhus
a-ta
libh lucht
choisenas
clar seanabhlach
fódglan Fáil
ógbhadh gealarmach
Gabhrain.
33 Nior
dhealaigh lamh re
loinn déud
ag
síol gCeallaig[h]
dod coimhed
dorncladh socra sioll gColla
corcra diobh a ndearnonna.
34 Beid
ar bur sluagh sliocht Dha Thí
siol
gCéin ni curtha a neifní
fa
barr foirne a
laochra learcc
caomhtaigh is
doilge dibfearcc.
35 Bíaid
red chois cía nach
fidir [112]
sluagh Cruachna is
cath seainSligidh
fir
láimhdhearga na
lann tte
rann
bainlearga
Breifne.
36 Biaid
iarthar Connocht fad chuing
sluagh aisdreach
iarthar Umhaill
garbshluaidh o gleanntaibh Iorrais
d’ealtoin armhrúaidh eigiontais.
37 Do-dena tu a
thuir Cruacan
diobh
a ndiaigh do creachruathar
na
saorGhoill o guirt Ghaillme
lucht
aonroinn is
aoncainge.
38 O bhéid
linn líon
ar seilge
d’uaislibh Fodla finnleirge
ar fhiadh
n-eignioch neamhgann Neil
derbam ceadrioth
ar gcoilein.
39 A-taid fir na
learcc im Loch
Riachs
rath
Meadhba múr na morsgiath
fuinn tsheimhe na
ngriangort
nglan
le
ceile is íarlocht Uladh.
40 Cia he an
fer le bfrith
reamhaibh
suas
ar súr do
geinealaigh
dar gabh righe
ar
caomhchlár
Cuinn
le
claochladh sine samhluim.
41 Se cuigfhir do
cloinn Eimhir
umad
ní hiul doidheinimh
tu[i]g nach dingne an tir-si thort
innme is isle na
iarlocht.
42 Neach dob isle
na iad sin
nir
fhás roimh acht
righ coigidh
no
íarla don féin
Gallda
a
grianga seimh saorclannda. A mic...