Poem in printable PDF format
Gach maighdean go
Máthair Meic
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
11]
Don Mhaighdin
Mhuire
1 Gach maighdean
go máthair meic
ní cóir uirre
acht ainm oirdhreic
ar [óigh] féin
[gidh] cneasda cean
dá réir ní measda
maighdean.
2 Ní da réir na
n-ógh eile
atáid tréidhe ar
maighdeine
beith don uile do
fhaomh sin
saobh is Muire na
maighdin.
3 Locht oile ní
haithnidh damh
ar máthair óigh
an athar
[muime] ar
maighdin munab locht
nar laighdigh
uirre a hóghacht.
4 Is tearc ógh
oile mar sin
mar taoi id
mháthair ’s id mhaighdin
a sdiúir
ríogh-bhan naomh neamhdha
a chaor fíonmhar
fínemhna.
5 Tú bain-cheann
brogha nimhe
tú eochair na
haithrighe
a chraobh [iúil]
an uile bhean
a sdiúir a Mhuire
mhaighdean.
6 Cia nach
tiobhradh teasda as lia
ort a mháthair
mhic Mharia
a chrainn láin as
trom toirthe
a thonn i dtráigh
thorchairthe.
7 A tuireamh ní
thiocfa díom
a mháthair mhic
an Aird-ríogh
leath a gcuala do
chlú ort
a chnú bhuadha na
mbeannacht.
8 A ógh lér ghabh
[an té as triúr]
ná léig m’anam ar
ainiúl
ót uan mhín-gheal
a Mhuire
lér dírgheadh uan
m’eolchuire.
9 Ní mhaithim don
mhnaoi a Íosa
mar aighne lá an
luain-shíosa
nar mbaoghal go
labhra leam
do shaoradh
m’anma ó Ifreann.
10 [Ní] diongna
nach dearna mé
tús mo mholta
riamh roimhe
dod míon-bhais ’s
dod ghruadh gheal
dual gach
díoghrais fa dheireadh.
11 D’inghin Anna
an earla [shlim]
’s í dá
mhinceacht do mholfainn
ró molta ní
dhiongnainn dí
dioghluim gach
molta Muire.
12 D’éis [gach]
teasda dá dtug sinn
cuid oile
d’inghin Iaicim
i ngar a teasda
ní bhia bean
ria ní measda
gach maighdean.
13 Ós aige atá
coimhdhe ar gcean
molfaidh mé
Míchéal aingeal
[saorfaidh] sinn
ón ghuin-se an gha
acht [gur linn]
cuisle an chíogha. GACH