firstLine"; ?>

1033. Gach oige mar a hadhbhar $
Length: very long 54qq
Certainty: 4
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th -17th cents
Prints:
  1. transl. McKenna, PB pp. 56-60, 163-5
Motifs:
  1. Envoi to Michael, Francis and BVM
  2. Gravestone
  3. imagery for God (fear tighe)
  4. imagery for body (hound slips leash q. 15)
  5. role of BVM
  6. Judgement Day
  7. guardian angel
  8. Original sin
  9. inevitability of death
  10. Disciplining body
Poet Christian Names:
  1. Pilib Bocht (cf. dedications in last verses)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Apologue Subclasses:
  1. Blind Longinus pierced Christ’s side
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Gach oige mar a hadhbhar


[McKenna, Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 12]


1 Gach oige mar a hadhbhar

ar n-oige gin gurb ionghlan

uaill na clí is uaill gan adhbhar

truaill talmhan í ni hiongnadh.


2 Na hairrdhe tánaig trínne

ón dá cháraid lé chéile

igan a seachna is saobh dhúinne

ceathra dúile as claon céille


3 Ó ar máthair mairg do gineadh

máthair do chailg a cineadh

ní thig bláth tríom ná toradh

gnáth folamh síol na sligheadh


4 Eabha is [uaidhe] do tairngeadh

ceana na truaille talmhan

[i]omdha gné dhíobh gá dhearbhadh

síol neamhghlan gur bh’é mh’adhbhar.


5 Teasda sin uile uainne

nach sil a duine dhínne

neart ar marbhadh na méinne

adbhar péine a teacht trínne.


6 Go teach nDé sul do dhíoraigh

a bhreath gidh bé do shlánaigh

casmhail dá char i bpianaibh

sal mianaigh arsaidh Ádhaimh.


7 Tug an brugh thuas do theibe

ar gcruas dá chur i mbuige

is tearc snáth óir san oige

loige a-chách ar gcóir chuige.


8 Mo chridhe an uair do hionnladh

ní fhuair achd nighe neamhghlan

an tann nach téid an damnadh

sal anman ón mhéid meanman.


9 Truagh nach caraim óm chroidhe

is óm anaim uan Muire

iul an ghrádha ós sé ar slighe

fighe lámha Dé an duine.


10 [Cachuin] a cholann daonna

oram rachaidh a rádha

nach sire mé mo mhiana

fiadha a Dhé nimhe ar námha.


11 Bíodh a riar ort ’n-a eire

srian risin gcorp go gcuire

ná diult é mar fhear tighe

do chridhe teagh Dé a dhuine.


12 An bás ’n-a dheoidh mar dholadh

a ghrás dár ndeoin dá dhearadh

dual don tsíol tocht i dtalamh

sgaradh rem chorp díom dleaghar.


13 Ní bhiú gá chor i gcomhrádh

do chiú ar dtol ’n-a thol neimhghéar

cia dá nach nár é d’iomrádh

grádh iomlán Dé dá dheidhbhléan.


14 A bhronnadh gur bh’ál d’fhalach

an lán ollamh gum fhuireach

siaide go líon sé ar soidheach

d’oineach Dé nach bíom buidheach.


15 A riaghal ní reacht cumhang

tearc iadhadh aga n-anann

dá héill do chuaidh an cholann

comhall uaim féin nach fagham.


16 An uall dom char san chéimse

truagh agus nar an mh’uaillse

do thoil Dé bhí nach bímse

an tí as ísle is é as uaisle.


17 Ní bhia i n-a ainbhios oram

Dia ’s an saidhbhreas nach sirim

sal mo ghníomh gin go nglanam

anam glan díom go ndlighinn.


18 Ní hurusa a rí a rádha

th’fholasa is í gá shéana

an té do ghlac a gníomha

nach mac díola é d’Éabha


19 Ar gcré ar-aon gur bh’ionann

ní hé an gaol ’n-a ghaol chumhang

daoibh gidh cairdheach an cholann

comhall gaoil m’ainbhreath d’fhulang.


20 [Do] shíodh red [chloinn] go gcumthar

[don bhruinn] do bhíodh id thiomchal

an chóir má do ní a neamhthal

ceannchadh sí ón óigh th’iomchar.


21 Ní dhó as cion cailleadh th’aithne

th’aingeal i gcion ní cuirthe

mo thoil an feadh nach [feithfe]

an fear feithmhe fhuil uirthe.


22 Ionta nír bh’adhbhar fuirigh

cionta m’anman ar th’aighidh

duit is léir a locht folaigh

[solaidh féin] ort a ainimh


23 Do mhaor tar mhodh an ghrása

ar do ghaol do chor chíosa

ní lean sé an ceart san chássa

do reacht mnása é a Íosa.


24 Ní bhacfadh tuar a thighe

dá n-antar ag uan Muire

go nóin do ré nach raibhe

th’aire re glóir nDé a dhuine


25 An síodh gá chara i gcreideamh

ar gcara ríogh go rugadh

a bhláth do chóidh don chogadh

cogar d’óigh an tráth tugadh.


26 Fuair an rí rogha tighe

ar n-a chora i gclí Muire

teagh ar ar lia fear faire

teagh i raibhe Dia as duine.


27 Nach bí a fear gun óigh ísil

is eadh do chóidh ’n-ar gcluasaibh

mac nar chlaoi móid na mnásain

fásaidh ón mhnaoi óig uasail.


28 Tug im óidh umhla croidhe

do chóidh gár chumhnga slighe

ar mbreith oide na n-uile

Muire i leith mh’oige d’fhighe.


29 Nír chuir greim achd greim saothair

i ngach eing dá bhfuil fúthaibh

tearc don uaim gné nar ghnáthaigh

do fhuaigh.......


30 Fuair gnaoi sul do ghlac oirbheart

an mac gur chlaoi re a cunnlacht

cuiridh sí duine i ndeighriocht

eidhriocht Muire [is í an] umhlacht.


31 Is cóir as am dom fheitheamh

an dall do fhóir an t-othar

a bheith i ndún Dé athar

dúnn go rachadh sé i sochar.


32 Claonadh mo [chuil] fan umhla

[duibh] ní baoghal a mbiodhbha

a-tá sé i sás ar gcabhra

ollmha grás Dé ná a [dhiomdha].


41 ..........................íocthair

síol Éabha an t-am fa sgaoiltir

na huile achd an té tréigthir

léigfidh sé uile i n-aointigh.


42 ..................d’fhagháil

mian m’anacail do fhuráil

snas a chinn leis an gcaráin

gabháil linn as nír fhuláir.


43 .......................croidhe

ar sgaoileadh uann don uile

ar leic an ríogh nach raibhe

achd líon faire meic Muire.


44................ tráth na togha

nar mhaith do chách a chneadha

is lia ar a bhfuil a fala

ná cara ag Dia d’fhuil Éabha.


45................Muire a-dearar

gairm dá gcuire ar a chineadh

is rí mór leis nach muirear

cuireadh slógh na dtrí dtigheadh.


46 Am a sgaoilte is a sgarta

ní hann budh chaointe a gcionta

ag sin an táth réidh rompa

docra a réir an tráth tiocfa.


47 Do bhéara táth don talamh

an tráth do ghéabha an goradh

a adhnadh budh hé a dheireadh

adhbhar teineadh Dé an domhan.


48 Díle mar do fhear umpa

dínne do bhean a bronnta

mar ghrís i ndiaidh a deargtha

biaidh san teannta a-rís rompa.


49 Do bhéara an ceart dáibh dearadh

ag teacht n-a dháil fa dheireadh

mairgg neach do gheibh an garadh

aghadh sein ar teach dteineadh.


50 Ní hánair daoibhse a dhuine

saoirse d’fhagháil ót eire

cuir go bás cruaidh red chroidhe

ní fhoighe grás uair eile.


51 Teilgthear ó Dhia arna ndula

’s na teinntibh i mbia a mbara

mar théid bláth do bharr feadha

clann Eabha tráth na tagha.


52 Gníomh nach dár dtaobh do tuilleadh

le maor an ríogh do rinneadh

nach éidir is é ar ndaingean

aingeal Dé ar éigin d’fhilleadh.


53 A rí an uird Mionúr mothuigh

fiolún an uird re hathaidh

an grís do bhí ’na beathaidh

leathaidh a-rís í a athair.


54 Dia uaibhse ar gclódh gach cheana

a ógh fa huaisle modha

léim id chlí tug dár dtagha

cara an tí rug do rogha. Gach