firstLine"; ?>

1037. Gaoidhil meallta no mac Neill $
Length: long 40qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
  4. NLS Adv 72/1/44 17th cent.
  5. RIA 3 (23/L/17)S.OMurch.na Raith.1744-
Motifs:
  1. imagery for patron (salmon, bee)
  2. description of clothes
  3. irresistible attractions for women
  4. patron single exception to condemnation
  5. capacity for wine-drinking
  6. spartan life of warriors
  7. War with English
  8. cooperation btn some Irish & English
  9. Hostages
  10. house/furnishings
Poet Christian Names:
  1. Uilliam Og (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Neill
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1595
Apologue Subclasses:
  1. Honey bees lured out with colour & music
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gaoidhil meallta nó mac Néill

[O’Conor Don, fol. 150b]

Uilliam Og Mac an Baird cecinit

Dan ag griosagadh fer nÉrenn a n-agaidh Gall a ndáil Ui Néill [in a different hand]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Gaoidhil meallta nó mac Neill

creidedh go haimhglic eiséin

gloir robháois a ngléire nGall

Éire gurb fhoráois echtrann.

2 Da mealladh timchioll Temhrach

a-táid-sion nó Toirrdhealbach

lucht onóra a hucht na nGall

no lucht ansodha d’fhulang.

3 Cennus Éirionn ar ól fledh

tugsat cuid do Chloinn Mhíl(l)edh

ar ghlór blá(i)th ar erradh óir

do m(h)ealladh c(h)á(i)ch a ccedóir.

4 Cía haca as mó do mealladh

lucht áoibhnis as óirerradh

no lucht síribhe sreabh bfhionn

ar fedh ríMhidhe is Ráoilionn.

5 Decair dóibh malairt meallta

don droing tug taom náoidhenta

fedh énuaire ar áoibhnes nGall

sáoirlios f(h)éurúaine Fréumhann.

6 Toirrdhealbach mac Neill Í Neill

búaine dhó an [n]í do-ní-séin

sechna cúirte ccod(h)ladh gerr

cogad nach bfuicfe fuigeall.

7 Más ar s[h]aídhbrios shaoilid Goill

mealladh deig(ri)fir Dhúin Ghenuinn

cur coingleca um chró tTemrach

mo (t)toirberta (t)Toirrdealbac[h].

8 Clár Fód(h)la na bfíodhbadh réidh

gabadh códhnach cloinn [leg. crú?] saoirNeill

an clár d’anacal re ais

rodocar dál an dúthchais.

9 Tech cúirti a ccoilltibh glasa

ferr dhó ag díon a dúthchasa

na táobadh gallbhaile Goill

áondhamh damruide dabhoill.

10 Na bíodh cúirt na cloch áolta

da n-eirgedh a n-esáonta

nac lecfa da lámhuibh pféin

tar slánuibh sleachta sáoirNéill.

11 Na mealluid briatra bláithe

náid erradha órsnaithe

tríath ó sáoirNeill go Saxuibh

ón íath caoimréidh chladharsaidh

12 Tíodhlaicthe as tóir ’na ndeghaidh

dáilid Goill do Gháoidhealaibh

ar orcra críoch a cconáigh

bíoth ortha ar iongabháil.

13 An aithne dhó dáil na mbech

oigre Neill na náoi ngeimhleac[h]

urra creac[h]faghla cúain Bregh [151a]

an bhec[h]ádhbha an úair airgter.

14 (A)s ámhluigh airgter fana mil

an táin bhech go mbroin neimhnig

drong tirmleaptac na cclad ccuir

dol go hinntlechtach ortuibh.

15 Tégaid a ttimcheall na mbech

do seilg orra go haisech

fir is mná éduigh ámhlaidh

lá a mbreguidh ó[a] mbechadhbhuig.

16 ’Na bfiagnuisi ar fod sgathach

sínter earradh ioldhathach

cantur fonn síreachta séimh

sonn don f[h]irealta aigméil.

17 Dath na mbrat binneas an chiuil

taithnidh riu-séin réim ainiúl

san úir tholchuigh mbiligh mbuig

ort[h]uibh ó[a] ttighibh togbhuid.

18 Lingter lé lucht na seilge

ainnséin d’éis na róicheilge

a n-aitreabha ar an mbróin mbech

aicmedha ar nár chóir cúibhreach.

19 Ní(r) t[h]uig an saithe a[s] sé a shuim

an cealg iongantach áluinn

go lingthir ’s gach táoibh thairsibh

don tirmthigh cháoimh ciomasgil.

20 Gontur leó locht na seilge

ar bfás da bfráobh dibfheirge

beich na ttreabh sáordhaithgheal séimh

báoghlaighter gidh edh iad-séin.

21 Mar sin do-níd gasraidh Ghall

ré Gáoidhealaibh ghuirt Freumhann

na fir fhlathamhla ó lios Bregh

do sgrios d’athardha a n-aithredh.

22 Taisbénuid cuilte chlúimhe

fíon derg brata blatnuidhe

d’úaislibh slóigh bhasghnébhuig Bhregh

is taisbénuid bróin mb[l]eidhedh.

23 Aille a sed febhus a bhfledh

shanntoighid maicne Mhíledh

d’áoibhnes mhoighe fódbhuig Fáil

togbhuid ler-oile d’énlaimh.

24 Ar esgradaibh aille óir

ar bhratuib data donnsróil

clár tiorm sáoirdhes seng

[24d not in ms]

25 Mar breugus báite an dubháin

an t-eó is é ar iomgabháil

fan ccrich bfáoiligh nglenntoigh ghloin

mealltair Gáoidil ré Gallaibh.

26 Ní mheallfuid maicne Dhanair [151b]

an t-eó s(h)énta s(h)íodhamhuil

ó Bhoinn ghuirm bfhionnfhocluigh brais

cuirm na iomarcaidh ionnmhais.

27 D’fhéin Dhanair ni dóigh ceilge

fírbheach mhuighe míndheirge

fer as faobhraighe ar chóir ccealg

báoghlaighe dhóibh a dhíbfherg.

28 Ni leigfe an fhírbhech d’fhuil Cuinn

don tslógh líonmur-so Lonnainn

slat dreacharmglan as derg sledh

sealg bheachádhbadh mac Miledh.

29 Do chloinn Mhíledh acht mac Neill

ní heól dam díocra a n-oilbhéim

nar mhealladur gléire Ghall

tennobair Éire d’altrom.

30 Do meallsat sliocht Gáoidhil Ghlais

Goill Bhanbha ré barr ionnmhais

acht cenn slóigh fionnGháoidhil féin

nach dóigh iolmhaoinedh eiséin.

31 Ní chuir síansa a slabhradh óir

ní tug grádh do corn comhóil

síol daighNeill nár gradhaigh [leg. gharrdha?] Gall

ó tharla d’aimhréir echtrann.

32 Minic bhíos ar bhéulaibh slúaigh

ré féin Lunndan lór d’anbhúain

fedh altruin súain ’na suidhe

a ttruaill antruim íarnuidhe.

33 Do dhíon Fhód(h)la ’s é as gnáithe

cora [io]na ata órshnáithes

pfeilm íarnaidhe crúaidh fa a chenn

ag sdúaigh ríanmoighe Ráoilenn.

34 Goill 7 Gáoidhil Temra

da mbéid uile d’einmhenma

coimheirge cogadh Í Neill

obair doidhéinme dhóibh-séin.

35 Da oired a n-ibhid Guill

fa dhíon chatrach chloch ndíogainn

ibhidh d’fhíon ré féin bFheabail

Ó Neill fa dhíon duilleabhair.

36 Gé a-tá ar foghail ré fada

tri mná Chloinne Cerdada

mná núadhála a-nu(gh) d’O Neill

r(i)ú giodh fuarána eiséin.

37 Goill Fhod(h)la an úair dob ferr

nós Clann Neill na Náoi nGéibhenn

a ccéim ós ceimionnabh cáigh

geill gach Éirionnaigh d’fhaghail.

38 Níor cuiredh ríamh do ríaghuil

ar seinnshliocht Neill Náoighiallaigh

lamh a nglas Gáoidhil nó Goill [152a]

na cas a n-áoinidh íaroinn.

39 Aicme Neill Oiligh aisdrigh

dar gheis gabhail túarusdail

ríamh ó Gháoidheal nó ó Ghall

Niall is áoinfer nírbh ionann.

40 Búdh leó cennus chlár cCóbthaigh

benfuid Eirinn d’allmurr(a)chaibh

chóir an tshloigh na sénuid sin

gan bhóin ní ghéubuid Gáoidil. Gaoidhil