firstLine"; ?>

1038. Gaois Ailbhe a n-inghin Domhnuill $
Length: long 44qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th ult.
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy wp
Manuscripts:
  1. RIA 766 (3/C/10) Sean O Dala 1851
  2. RIA750 (C/i/3) 16th c. ?
  3. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
Prints:
  1. text DiD no. 99;
  2. transl. Ir. Monthly 47, 224
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. Envoi to saint (Archangel Michael)
  3. eulogy of patron’s personal appearance
  4. qualities of patron’s character
  5. moral qualities of woman patron
  6. nobility of patron’s ancestry
  7. patron’s liberality to poets
  8. fertility in reign of just prince
  9. almsgiving
  10. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Fionn (RIA3)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Sadhbh inghean Domhnaill (d. 1391)
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh d. 1399
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnaill


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 99]


Gofraidh Fionn Ó Dálaigh .cct.


1 Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill

ainnre ’mun mbinnghil mbarrdhuinn,

inghean shaor dhealbhdha Dhomhnaill

craobh ghormfhuinn Leamhna labhraim.


2 Geall gaoise is oinigh Ailbhe

’gun mhnaoi-se oirir Uidhne;

ní dá méin tre mhéin Shaidhbhe;

Ailbhe í ar chéill ’s ar chuimhne.


3 Sadhbh inghean Domhnaill Daoile,

finnbhean a horlainn Áine,

ceannchadh neamh - gá ní as bhuaine? -

bean Muaidhe ’s do-ní náire.


4 An bhean ’n-a mnaoi as fhearr inmhe

do bhean geall do ghnaoi Ailbhe;

gan ghrádh neith ar chraoibh Choinnle

coimhdhe do dhreich shaoir Shaidhbhe.


5 Inghean Domhnaill Óig aghar

tar gach móid ag a moladh

díoladh a duain d’éis fhileadh

re cineadh géis Cuain Choradh.


6 Éisdid sluaigh innbhir Uidhne

rer nduain d’inghin a n-oidhre;

éisdid sluaigh iarthair Aidhne

duain Saidhbhe ó iarrthair oirne.


7 Céim anshógha ní hionráidh

tar fréimh Anóra d’fhaghbháil;

bacadh uilc díorma daghshluaigh

anbhuain ríoghna Guirt Gabhráin.


8 Inghean Mhéig Carthaigh Cliodhna

carthair fa mhéid a meanma

do sia don toigh bean Banbha

nó targha a-noir teagh Teamhra.


9 Dáil a cruidh cian ó thalluinn,

dáil a sguir sgiamh don choinnill,

a ndáil uman gceird chumaim

cáir urraim don deirg dhoinnfhinn.


10 Gnúis niamhdha ranua roigheal

ag banua Iarla Uladh;

do Shaidhbh is cáir a gcuireadh

cuireadh gairm ar mhnáibh Mumhan.


11 Rug ó gach mhnaoi buaidh bronnta

fuair ghnaoi - ní gnaoi as nar theannta;

do-ní sgol do réir rompa

bronnta ag féin Dor go ndearnta.


12 Re taoibh a dtabhair d’airribh

’s a bhfaghair d’aoibh ón ainnir

sgíos ó chuaird ar gach choinnimh

bhíos ar choinnil shuairg Saingil.


13 Táin do ghnáth i nglas chongna

[do láidh] bas mar bhláth n-abhla;

do thuill san eing an ealbha

ar chuirr sheaghla sheing Shadhbha.


14 Do ráidheadh re a dreich ndeighgil

“do sheich t’áireamh i n-Albain;

gé fríoth riamh olc ó a n-airgnibh”

gan mhian Cairbrigh ort d’argain.


15 Mac Dé ní dóigh dod thréigean;

is é as ghlóir do ghlac ndíggeal;

is dóigh dá mbé ort éigean

éideadh bocht Dé dod dhídean.


16 Fial an bhroineach réidh ríobhan

nach léir tar th’oineach éanar;

dá ndearnta ag dáimh ibh d’aoradh

baoghal libh dháibh a dhéanamh.


17 Re linn mhná bhrogha Bhóinne

ní thora lá achd lá gréine,

maidean reoidh fa mhagh Máighe

eoin áille ag car le chéile.


18 Sa mhoigh mhín aibhnigh ealaigh

’n-a tír ghloin aingligh iodhain

sreabh chaol ’s a cuan ’n-a choraidh

ó bhonnaibh craobh n-uar n-iobhair.


19 Sruth go mín, eas ag turnamh,

teas i sín, suth i bhfoghmhar,

crodh fan mbragh, iasg i n-innbhear,

damh ag inghear riasg roghlan.


20 Mionn súl áille gach ubhaill

ó Dhún Máighe go Manainn;

a-nuas do sóigh le soininn

cnuas mar fhoirinn óir d’abhaill.


21 Druim re fiodh foghnaidh dhúinn-ne

miodh chuill i gcornaibh uaine;

caithtear an lá geal gréine

re chéile is fleadh mná Muaidhe.


22 Tír bhar sluaigh-se i seilbh Sadhbha

fuair-se deilbh ’n-a deilbh dhiongna,

lucht ar leith fa bhuaidh dealbha,

meanma an tsluaigh ar chleith Cliodhna.


23 Eala Cuain lochbhuig Luimnigh

do thuair fhochruig dá hanmain;

fuath dhí ní bhia achd ga biodhbhaidh,

ionmhuin le Dia í amhlaidh.


24 Mo chean don mhoill úir iodhain

nar thúir doirr achd doirr Deamhain;

a crodh gé do-chí ag buidhin

guidhidh sí a ndol gan deabhaidh.


25 Ráidhte dhúinn d’fhuighlibh aobhdha

ris an suilbhir n-úir n-óghdha:

“ní fhuilc achd adhbhar ríoghna

t’íorna fhannghlan fhuilt órdha.


26 Uathadh bean i mbia t’úire,

ní lia fear mar fhear n-Áine;

mór bhur n-éad re clú a chéile

tú is do chéile, a ghéag Gáille.


27 Súil Banbha fa bean d’Éibhear

ret fhear, a fhabhra míondubh;

an teach i mbí is barr Gaoidheal

dá maoidheamh ann rí is ríoghan.


28 Fuair an ríoghain-se robhladh

do fhíoraidhbhsigh uaill ndeaghbhan;

sí céad nó dá chéad fionnbhan

ní hiongnadh dhí méad meanman.


29 Gaoth dhaith ar ndruim na foirne,

flaith i gcuirr gacha cairbhe,

lucht loingse ó Lios na Beirbhe

d’fhios deilbhe soillse Saidhbhe.


30 ’Ma súil gcuirr-se do cumadh

a coimse do chlúimh mhalldubh;

im rosg mhall Sadhbha ag silleadh

filleadh mong n-abhra as andubh.


31 Gnúis réidh gheal i n-a goire

dá nar bhean béim ná bine

abhra mná Moighe Ruidhe

duibhe tá i ngoire gile.


32 Buaile clúimh as lór liobhra

súil mhór uaine fan abhra

dlúthmhong cheart ’n-a dá colbha

comhla dearc súlchorr Sadhbha.


33 Gan locht cuma ar craoibh n-Aise

truma a taoibh, truma as deise,

crios mar soin budh díor dhi-se

’n-a cris-se fhoil díol deise.


34 Treabha as lór daingne is dlúithe

far Saidhbh-ne ag slógh na críche;

gach treabh dá treabhaibh bláithe

snáithe geal feadhaigh fíthe.


35 Gasradh ghlan ógbhan uimpe

tres an magh bhfódghlan bhfinnte;

ag dul don romhaigh reimpe

eillte ag cur omhain innte.


36 Inghean Méig Carthaigh choirnghil

tar nach barrthair ar bhiodhbhaidh

mar do bheath le géis nGabhraigh

cabhraidh neach d’éis a hionnlaigh.


37 Dlighidh sí anáir óighe

d’fhagháil óir is í as cáidhe;

is lia náid na laoi saoire

aoine re Dia ag mnaoi Mháighe.


38 I dteach nDé do ria an ríoghan

Dia lé i leath ris an saoghal;

do-ní is gan chleith [nGlaoi i] ngábhadh

crábhadh neich do [bhaoi] i mbaoghal.


39 Inghean Domhnaill Dúin Luimnigh

ag foghluim ’gan úir fhinnghil;

cian ó bhaois airrdhe amhlaidh

cabhraidh gaois Ailbhe an inghin.

Gaois.


40 Gaois Domhnaill Óig a athar

i n-Eoghan an airm cheannghlais;

bláth is mil re a ré is raitheas

- níor bh’é sin flaitheas Fearrghais.


41 Gaois Dunlaing ag díon Buadhaigh

cách do shíol [Domhnaill] daoraidh

taoiseach cuaine úir Éibhir

féinnidh Uaine an chúil chraobhaigh.


42 Art Ó Caoimh do char bandál

a aoibh dhamh [’s a dhaonaigh]

fíon le [túr] ’n-a theagh mhiodhfhuar

diombuan greagh i n-úr aonaigh.


43 Cóir Ó Donnchadha a-déarmais

do chomhthogha im Bhóinn mbraonghlais

Tadhg Sionna ós gach mugh maoidhim

giolla a Brugh aoibhinn Aonghais.


44 Ar feirg nDé díneadh mei-se

Míchéal aingeal dá n-éada;

sinn don aingeal ’gar n-aithne

daingean linn d’aithle éaga. Gaois.