firstLine"; ?>

1040. Gar fuaras cupla coimseach $
Length: long 45qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
  2. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c. 1726<1622 ex
  3. TCD1288 (H.1.14) Aodh O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 30
Motifs:
  1. imagery for patrons
  2. eulogy of personal appearance
  3. qualities of patron’s character
  4. Function of poetry
  5. patron’s liberality to poets
  6. Patron’s prowess in battle
  7. War with English
  8. fertility of land in just reign
  9. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Seaan mac Philip (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. MacEochadha
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh and
  2. Esibel, children of Aodh
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1597
Apologue Subclasses:
  1. Conn’s children, Art and Sadhbh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gar fuaras cúpla coimseach


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 30]


Seaán mhac Philip Mhic Eochadha .cc.


1 Gar fuaras cúpla coimseach

ré dáil neith as neamhthuirseach,

srian a gcéille ar a gcumas,

a mian d’fhéile, a n-ionunnas.

2 Don chupla a bhfogus fríoth liom,

scél a ngnaoi is gearr go sgaoilfiom,

fear gan chleathrámh don chúpla,

is bean dreachnár dheaghmhúnta.

3 Tig lé an leathchúpla oile,

fear díolta gach dámhscoile,

bean bairr úir chleathlúbdha chlaoin,

leathchúpla dhúin nách díomhaoin.

4 Cúpla as fhearr ré hiomchar dámh;

do cumadh adhmad iomlán

go séimhcheart le Saor na gclann,

ar-aon d’éifeacht is ionann.

5 Clann Aodha nár eitigh neach

a tteagmháil, a gcló chuimseach,

cúpla d’aoinmhéin ’s gach ollamh,

caoinréidh múnta ar mhórbhronnadh.

6 Fiacha is Eisibél ar-aon

dá phlanda do phór bhfíonchaor,

dias aobha as mó measdair,

a gcló Aodha ar airdteasduibh.

7 Fada ó chéile cuid dá méin,

cé táid ar n-easgar d’éinfhréimh,

bean mhálla as caorchamhail ciall

’s caomhchuraidh dána duaisfhial.

8 Ré chéile cionnus samhlaim

dá scoith fhréimhe ríoghRaghnaill,

bean trom a ttréidhibh banda

’s a féinidh lonn leóghanda.

9 Gabhuim lé mar inghin d’Aodh,

Eisibél aincios míothaom;

mac mar Aodh as eadh Fiacha

nár lean acht raon ríthriatha.

10 Fear as-toigh go ttaise sróil,

fear ionrúin re headh gcomhóil,

sruth dílinne a ndál catha,

lán d’fhírinne ardfhlatha.

11 Eisibél nár éimidh scoil,

ní as gaolmhar ré [a] gnúis náraigh,

gnaoi an aoil daithghléighil tré donn,

an chaoin ghlainchéillidh ghlaccorr.

12 Ní fríoth ó uaislibh Fhóid Chuinn,

Fiacha ’s a shiúr mar shamhluim,

luadh a nduasadh re deóraidh,

cuan uasal an fhirleómhain.

13 Mar ghluaisios ó Thuinn Tuaighe,

a mbeól gach fhir énuaire

gnaoi Fhiachaidh [ní haisdior gearr]

ag taisdiol iathair Éireann.

14 Taidhbhseach bhíos a mbélaibh cáigh

ó inghin oighri Seaáin,

siad ronnta ó rádh gach scoile,

bronnta ar chlár gach conaire.

15 A samhail riú ní ronnfa

Fiacha ar feabhas gconnartha,

crann siúil na sluagh go hEaspáin,

cuan iúil dá gach éigeasdáimh.

16 Céim as mó a mealltar daoine,

ní leó luach a gcumaoine;

mór ttoil dáiltir nach dleaghair

don ghloin fháiltigh aithreamhail.

17 Ré hEisibél ní hé as loinn,

rún foghla ag fine Raghnoill;

níor dhiall don damhradh dána

lér mhian snadhmadh síothchána.

18 Eisibél an aignidh bhuig

is Fiacha nách díol dearmuid

dias nach foil dlaoi ar a nduasaibh,

dá shaoi do ghroigh gníomhuasail.

19 Cian ó do-chuala rompa

clann ríogh go rún daonachta

a gcoimeas re cloinn Sadhbha

thoilleas roinn don ríoghBhanbha.

20 Rugadh do Chonn na gcéd gcath

Sadhbh is Art Aoinfhear échtach,

dá ríghin caibhdhean do chlódh,

mílidh is daighbhean duasmhór.

21 Leis an dís ní diúltaoi aon,

clann Chuinn, an cúpla neamhdhaor;

Sadhbh go ró n-einigh mar Art,

a gcló an deighfhir ar dhaonacht.

22 Fríoth an tráth fá ttorchair Conn

fonn Cobhthaigh na gcóig ttórann,

slat seilbhe an fhuinn re hathaidh,

lé heighre Chuinn Chédchathaigh.

23 Do-chuadhas chuige lé hArt

gur chaith reimhios don ríoghdhacht;

ag so a chríoch mar do-chuala,

gá críoch dho fá daghbhuanna?

24 Sadhbh, inghean Chuinn, cuirthior siar

go rígh Mumhan, go Maicniadh, -

rogha bainríoghan Cláir Cuinn

do dhaighdhíoladh dáimh nduastruim.

25 Clann Aodha ar chrích na cloinne,

clann ríogh Teamhra trédmhoille,

gealluim dóibh sén ar samhuil,

scél as cóir do chreideamhuin.

26 Mar do bhí Art tar éis Chuinn

re mac Aodha as eadh shamhluim,

go mbia ag díon iatha a athar

Fiacha ar ghníomh san ghleóthachar.

27 Eisibél, aondóigh scoile,

inghean Chuinn a cosmhoile;

lán dá hainm do bhí an Bhanbha,

ré Saidhbh is í as iontsamhla.

28 Clann Chuinn a gCruachain na séd

ó [a] bhfuil fós a gclú ar coimhéd,

ar dhís do char ’na gcumaidh

ar bhladh a-rís rugamair.

29 Clann Aodha is iad an dias-soin,

dá dhéis d’ithir airddiasuigh,

a gclú ris an gcloinn-sin Chuinn

toimhsidh gach cnú don chrobhuing.

30 Dá lóchrann shoillse shíl Bhroin,

dá én seabhuic ós seabhcuibh,

dá choin coimhéda scoile,

roighéga croinn chumhruidhe.

31 Dá réltain iúil d’éigsibh Fáil

clann mhórdhuasach mheic Seaáin;

dáigh fá fhiachuibh, diaidh a ndiaidh,

Fiachaidh do dháimh ’s a dheirbhshiair.

32 Mac Aodha is inghion Shadhbha,

cúpla as comhard mbaramhla,

ag sein dá raghain don roinn

Branaigh san mheidh dá measuinn.

33 Tugsad a ttáinig dá n-aois

ré dáil bronnta gan bhélbhaois;

siad ar druim comhdhála cruidh,

dá chuing congmhála comhair.

34 Sínfidh ré hardchlú a athar,

Fiachaidh nár ob aontachar,

clú an mhílidh tairbheartaigh thréin

spairnneartmhair dhílligh dhuaisréidh.

35 Dar lé is í an iomlaoid as fhearr,

ar choimhriar éigios Éireann

tug an ghég bhonnbhán bhanda

roghrádh na séd saoghalta.

36 Ag iompódh d’éis gach troda

d’fhine Raghnuill ruagfhoda,

ar Fhiacha as gnáth ón ghleóchur

fiacha ar chách ná cúiteóchar.

37 Leis deire an gach beirn bhaoghluigh

mac Aodha an airm rionnfhaobhraigh

leis tós ag dol a ndeacair

do nós a chon choinghleacaigh.

38 Tabhairt na ngeall dá gruaidh nduinn

fiú an inghean-sa ua Rémuinn;

geall ar gach bainghrés beiridh,

geall daighbhés, geall gnáitheinigh.

39 Gnáth ó Ghallaibh ghuirt Maisdean,

le Fiacha ó fríoth armghaisgeadh,

a gcóir go síodhochtuibh sliabh

le fóir ghníomhfhortuil Gailian.

40 An clú-so ar inghin Aodha

scaoilfid draoidhe duanchaola

fá Éirinn an fhuinn scoithghil

ón duinn mhéirsheing mhalltroighthigh.

41 Do sgaoileadh glas do ghlór beach,

ciúin labhras gach linn mhaighreach;

níor ghluais gaoth dlúthbharr doire

fá laoch cúlcham Calraighe.

42 Is fiú a cheirtbhreatha córa

fearthar a n-ucht iarnóna,

ámhuill bhraoin bharrbhladhaigh cuill,

don bhanBhranaigh shaoir shúlchuirr.

43 D’uaislibh Laighnioch is leó dul

dá gcumhdach ar chath Sacsan,

dream lé fíoroighri gach fuinn

go ceann ríoghaibhle Raghnuill.

44 Fiú gach toirbheart tug a-mach,

a clú cémadh céim deacrach,

níor imdhigh cliar nár chosain

riamh ón inghin Aodha-sain.

45 Ar cuireadh d’áiriomh orra

coimhdheas iomchruid eatorra;

dias as réidhe fá riar sgol,

cian ó chéile ’s as comhghar.