firstLine"; ?>

1043. Ge shaoile a Thaidhg, nach dearnas (al. ‘Cia.. $
Length: very long 200qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. RIA 236(B/iv/1)DODuibhgeannain1671+
  3. NLI G129 Conchubhar O Luinin 1676
  4. RIA1073 (24/P/24) Art O Neill 1700
  5. RIA785(23/G/8)T. ONeachtain et al.1711
Prints:
  1. transl. McKenna, Iom. no. xvi
Motifs:
  1. druidic attributes of poets q. 91
  2. education of poets
  3. science of war
  4. Sin and penitence
  5. poet a friar
  6. legal maxims
  7. legal terminology
  8. citation of earlier text by name
  9. agriculture/food
  10. proverb q. 44
Poet Christian Names:
  1. Flaithri
  2. Roibeard
Poet Surnames:
  1. MacArtuir (RIA 1073 -?an brathair? NLI G129)
  2. O Maolchonaire (RIA 236)
Patron Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire
Patron Surnames:
  1. MacBruaideadha
Apologue Subclasses:
  1. Cu Raoi mac Daire and ‘bearradh geoin’
  2. Division of Ireland by Iughoine
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gé shaoile, a Thaidhg, nach dearnas


[McKenna, L. Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society , vols 20, 21, 1918); no. 16]


R. Mac Artúir O.S.F. .cct.


1 Gé saoile a Thaidhg nach dearnas

rann don dán fár ghluais th’fhearg-sa,

is go bhfuile ag iomchur ruinn

dar leat amhail nach diongnuinn.


2 ’s go béal-chráibhtheach ar tosach

ar an aibíd do thoghas

ar son go ngealla modh dhamh

dhúinn ní fhuil ó Leith Moghadh.


3 do bhrígh go gcuire-se ’m leith

nacham don tóir ná don chreich

’s gur lean an saoghal ’s a mheang

isteach san ord i bhfuileam.


4 Focal dod théx nach tuigim

agus arís go bhfuilim

aithiseach tarsna im threabhadh

luaith-bhreitheach is leith-bhreathach.


5 nár chongbhas go ceart mo chuing

ag dol tar modh riaghla an uird

’s ag greannughadh m’uird gan tlás

i méid uabhair Goliás.


6 is gam shamhlughadh re damh

as díomhaoin toisg san eadradh

ós í sin do thuigse a Thaidhg

an fhoich neimhneach bhíos dá chailg.


7 do chrothadh dhe ar an damh

níor chóir a chur i n-iongnadh.

Do thionnsgnas mo thagra ó thús

do chur do choimhmeasa ar gcúl.


8 dá chlaoi sin is t-uabhar dna

Níom oireamh treabha tarsna

ní mó do rinneas aoinní

a mhic Dáire mar mhaoidhtí.


9 i n-aghaidh ceachtar dhíobh sin

mo riaghla ná mo chreidimh.

Dá ndearnainn ’s don tí nár fhéach

na dhiaidh ar gcur láimhe ar chéacht.


10 Do b’ionchaithmhe an chloch dar linn

go ro-dhána fám thuairim.

Dearmadach dhaoibh-se nach é

céad-shochar áirmhe ar do fhréimh.


11 an sochar sin fuarais féin

uatha más eadh fríth ei-séin

ceaduightheach agaibh go bfuil

Corc is síol Éibhir go soin.


12 Nach raibh i gcreideamh Chríost cháidh

do chosnamh i n-iomarbháidh

agus mise do dhamhnadh

tré Thorna an t-éigeas amhra.


13 nach raibhe dhuit-se más fíor

na chríostaidhe do choimh-dhíon.

Gé deirim sin do b’éidir

tré bhar mbaoithe im fhuil nÉibhir.


14 go meastaoi-se a mbeith sin

re ngein Críost ’na gcríostaidhthibh.

m’amharus nocha n-niongnadh

óir is sibh féin as chiontach.


15 fán gcontabhairt i bhfuil mé

cia ar a dtabhra Críostaidhe

an tráth mheasas tusa a Thaidhg

ain-chríostaide dhé do ghairm.


16 Torna éigeas lér hadmhadh

creideamh Críost ’s na n-ard apstal

amhail as fhollus do chách

is in rann dúnta don dán.


17 ar a ndearnais dar leat féin

aithcheodh nár chuirthe id chaithréim.

Acht madh ainchreidmheach amháin

nó an lucht théid don chreideamh cháir.


18 cia lén tualaing a thuinge

nach don chreideamh chríostaidhe

admháil eiséirghe mhic Dé

ag cur dimbrígh san mbith ché.


19 ’s admháil eiséirghe na gcorp

i gcomhdháil Chríost na gcomhacht

mar do rinne an seanóir saor

Torna ar rug Pádraig naomh.


20 ar mbás Néill agus Dáithí

amhail is rug ar Oisín

do ba sine ná Torna

’S do chreid i nDia fhorordha.


21 Muna ndiúlta sibh go nuadh

as th-ughdarás féin go fuar

do rann deiridh an dána

nach é Torna as baránta.


22 Is dá ndiúlta sibh-se sin

badh iomdha mná agus fir

ag fochuidbheadh da gach leith

oraibh fád dhearmad cuimhne.


23 gan a dhiúltadh ar thosaigh

nach é Torna an tsaoi fhortail

do rinne aon rann don dán

ó nár bhinn libh a chomhrádh.


24 Nárbh usa sin féacha féin

do chur lét inntleacht i gcéill

do na daoinibh le na binn

beith ag éisteacht réd choinntinn.


25 ioná rádh dá n-abradh sibh

an dán atá i mbéal gach fhir

gomadh le Torna cuid dhé

’s nach badh leis an chuid eile.


26 gan do dhearbhadh san réimheas

na bhfuilmid gurab leisean

an chuid úd oile don dán

nach fuil ort-sa na sheachrán.


27 acht an dearbhadh dhearbhas dún

gurab le Torna an rann úd

eadhón iad-soin d’fhagháil riamh

i gcrích Éireann ar éin-rian.


28 ’s a dtoigheacht ó láimh go láimh

ó laithibh Torna go ar láibh

is a bhfagháil go díreach

ar sliocht suadh is sein-sgríbhneadh.


29 Is follus mar sin do réir

fiadhnaise a admhála féin

Torna éigeas go raibhe

is in chreideamh chríostaidhe.


30 Éiligh sonna an mbreith ndaortha

rugais orm dáil nárbh fhaomhtha

im ain-chreidmheach do chosnamh

’s daor thú fhéin san adhbhar-sa.


31 ós tú do rinne an t-adhbhar

fár thairgis mé do dhamhnadh

nó is tú do thuill a rádh riot

beith luaith-bhreitheach leith-bhreitheach.


32 Ort-sa má tharla dearmad

ó Lughaidh fuarais dearbhadh

iar mbáthadh Dhuinn an tsinnsir

do bhreith oirdheirc Aimhirgin.


33 mar tugadh ceannas na slógh

ar bhéal Éibhir d’Éireamhón.

Narab iongnadh libh a-nos

do lochtughadh as a los.


34 Gan urraim uaibh do Thorna

ar aoi n-aoise is ealadhna

ar dhaoinibh aosda budh dhéin

ar son go n-iarrfaidhe réir.


35 a n-uachtaráin seach gach fear

bíodh go mbeith níos ó náid-sean;

agus an uair do shonnradh

nach is in sealbh badh dúthchas.


36 nó as dhual do shinnsear ó cheart

théid an sóisear i n-oighreacht.

Mór do tharcaisne ar Thorna

’s má taoi-se i gcreideamh mhórdha.


37 nar chreid mar a-deire féin

is dearbh gur chríostaidhe ei-séin.

Tug dot aire ar an adhbhar

cia dhíobh dlighthear do dhamnadh.


38 nó an cóir creideamh do ghairm dhe

an creideamh sin i bhfuile

dot admháil féin ós dá shéad

creideamh Torna is th-iris-léax.


39 óir ón scrioptúir is deimhin

ná fuil ann claochlódh creidimh

acht aon chreideamh riamh go cóir

mar dhearbhas briathra naomh-Phóil.


40 Ná bíodh fós ort na éidearbh

na aimsir i gcrích Éireann

gurbh é Torna an tobar fis

ard-ollamh gacha éigis.


41 Gurb uime sin do toghadh

ó Leith Chuinn ó Leith Mhoghadh

mar oide múinte dhóibh sin

Niall Teamhra is Corc Caisil.


42 Is coir dhaoibh-se go bhfios damh

ar an adhbhar sin an tan

a-deire gurad lia d’fhios

is d’ealadhain ná an t-éigeas.


43 cuaird fan Laidin maoidhtear lat

is féach “qui se exaltat.

Do b’fhearr dhaoibh déanamh dá réir

do ghéabhthá id sein-leabhraibh féin.


44 sean-fhocal gnáthach ar sean

’s fearr teicheamh ná tairiseamh

ioná beith id chúis gáire

ag fine Chuinn is Máighe.


45 ag geallla seasta go cruaidh

it aon i n-aghaidh mór-shluaigh

is dhá rádha go neamh-nár

do Thorna dol ar seachrán.


46 ó nach raibh acht duine ann

dárbh fhéidir dol ar mearbhall

mar badh tusa mo thruaighe

spiorad na héigse uaisle.


47 nó Dia na heagna ó silid

srotha an eoluis fhírinnigh

’s dhá rádha gur d’eagla Néill

tug air dá fhaidhnaise féin.


48 gan dol i dteann-thagra ris

mar as ghnáth lucht an fhaithchis;

is a usacht a tuigsin

ar a thagra don chor sin.


49 le Corc Caisil ’s le na fhréimh

i bhfiadhnaise an ríogh rígh-Néill

is le Niall i n-aghaidh Cuirc

gan briocht bádha na labhairt.


50 is nach raibh don druing ollamh

darab gnáth bheith ag moladh

a dtriath na bhfiadhnaise féin

’s dá gcur ós cionn gach chinéil.


51 ’s nár chlaon re connailbhe riamh

ag déanamh leathtruim re Niall

ar bheith dhó-san ait an choir

don chloinn Ír sin ó Ulltaibh.


52 mar fuair Tadhg an saoi feasach

go hinntleachtach áitheasach.

An raibhe fala an uair-se

ba aosda o ba nuaidhe.


53 ná faltanas chloinne Ír

re sliocht Tuathail dá dtuigthí.

Nach leo torchuir Tuathal féin

agus a athair ba-dhéin.


54 Fiachaidh Fionnóladh fuair bladh

is Conn cródha céad-chathach

’s Roitheachtaigh mac Maoin i bhfad

ria san bhfoirinn a-dubhart.


55 ’s Muireadhach Tíreach iar soin

sean-athair Néill Naoi-ghiallaigh.

Sinnsir Néill nach leo torchuir

i n-éiric na n-éacht n-ordhairc.


56 Oilill mac Slánuill nár thláith

is Airgeadmhar mac Síorláimh

Éilimh mac Connra maile

agus Mál mac Rochruidhe.


57 Is nach le comh-bhráithribh Néill

clanna Eochadha Doimhléin

do sgriosadh ó gcrích bhunaidh

i n-earr chóigidh Chonchobhair.


58 ’S nach le hEochaidh athair Néill

do dhí-cheannadh féacha féin

an rí déidheanach dhíbh soin

ríomhthar ar Éirinn éachtaigh.


59 Caolbhadh mac Cruinn Badhraoi a ainm

Níor chúis cairdis do chomhshnaidhm

sliocht Ír agus Éibhir ghlain.

Gidh mór díobh tarchuir mar soin.


60 a sean-fhala do chuaidh as

is níor nuaidhseadh faltanas.

An file d’fhuil Éibhir Fhinn

cosmhuil da bhféachadh go grinn.


61 an faltanas so Ulltach

re Niall d’éis na n-iomarghal

do chur comhráidh Thorna ar gcúl

go n-iarrfadh claochchlódh réasún.


62 d’iúl éigin ar a mbiadh dath

i bhfiadhnaise fhear Mumhan

is nach maoidhfeadh tré shíol n-Ír

báidh Thorna ris an Aird-rígh.


63 Maith dhamh mo bharamhail inn.

Thú ar nad mhealladh saoilidh sinn

’s gurbh feasaighe Corc an áigh

ar son gur sheachain teagbháil.


64 ar mbeith dhó-san an chéid-fheacht

na dhalta ag Torna éigeas

’s ar a bheith na rígh Mumhan

do hoirdneadh mar ba cubhaidh.


65 i ngrádhaibh fileadh go fíor

do réir ghnáthaigh ar sein-ríogh

gan seasamh ar seanchas chlaon

ris nach sgarfadh seisean saor.


66 Ní ó aineolus fuair Corc

gé fuair adhbhar dá dhúsacht.

Do shaoilfinn fós amhlaidh sin

guradh fearr-sa i gceird gaisgidh.


67 Ioná Corc tré theicheamh dhó

go n-a ceithre catha armtha

ó Niall i mBearnán Éile

dar coisgeadh a gcoimhéirghe


68 ’s gan é ní ba goire dhó

ioná longphort i Lothra

’s tusa dar leat gan bhaoghal

ag cur romhad it aonar.


69 tabhairt troda mór an neart

do Leith Chuinn uile i n-éinfheacht.

Acht muna mbeith go gcuala

uait féin it fhuighlibh fuara.


70 méad bhar n-ainbhis is nár soin

i riaghlachaibh an chogaidh

ag tabhairt oile gaisge

ar Conn do b’olc an aithne.


71 tré gan rabhadh do chur dhó

roimhe sin go Mogh Nuadha

an tan tug amus longphuirt

ar Eoghan go n-Allmhurchaibh.


72 A chliar Éireann theas is thuaidh

freagraidh so tógbhaidh bar n-uaill.

Rug ó Phort Parrthais oraibh

ollamh ós gach ollamhain.


73 a-deir gurab mó atá d’fhios

is d’ealadhain aige a-niodh

ná ag Torna an t-ughdar sean

ard-ollamh Innse Gaoidheal.


74 a-deir go dtiobhra soillse

don fhuirinn atá i ndoirche

’s eolus nach fríth roimhe so

re barr ar mhíle bliadhan.


75 Tigidh a sgola Banbha

as gach taoibh is in am-sa

d’fhéachain a mhíorbhal n-eoluis

Dia na héigse d’aith-bheodhadh.


76 Taisbeanaidh dhó bhar ndeacra

ag léigheamh leabhrán seanda

Ibhidh sonn digh bhar sásaidh

a sruth éigse an iol-dánaigh.


77 is ná congbhadh sibh a mheas

gurb é Mac Dáire ón dtaoibh theas

nach cualabhair roimhe so

do dhul tar cách i n-eagna.


78 Óir is eadh aithristear uaidh

is in bhForghas láimh le Cluain

go bhfuair seisean go nua ’nois

cuid do chnuas na gcrann n-iomuis.


79 Dar éirigh buinne an bhailg fis

a fuarán eagna gur fhich

ó thoircheas éigse ar tuile

ag sgoltadh a urbhruinne.


80 Daoine eile dá rádh ris

go bhfuair seisean an t-eo fis

ó Aoibheall ban-fháidh síl mBloid

atá aige na caraid.


81 Muna gcreididh-se a n-éabhairt

tigidh as gach aird d’fhéachain

iongantais mhóir seacha soin

sein-Shliabh Callain re n-iodhnaibh.


82 Gidh eadh a éigse uaisle

d’eagla oirbhire uaibh-se

le tuarasgbháil as mheadh blaoisg

ná freagraidh do ghairm dhíomhaoin.


83 Anaidh ag bhar n-oidibh féin

óir fuair mise sgéala ó ’né

gurab é an Tadhg daoibh aithnidh

atá ann ná hathraighidh.


84 ’s nach fuil acht all-ghlór gan fhréimh

na adhmholtaibh air féin

’s nach cná iomuis mar ad chlos

fuair seisean is in bhForghas.


85 acht cná caocha dá ngoirthear

cnuas na gcrann neimh-fhis ndoi-cheart

tré nach faghar uatha iar sgéith

toradh acht ainbhios uile.


86 Is fós nach é an t-eo fis

mar shaoileas sluagh Sléibhe Mis

fuair ó Aoibhill cloinne Cais

acht madh eo fis ain-eoluis.


87 ar an adhbhar nach faicim

acht fís aige agus aislinn

i n-áit an mhóir-eoluis cheirt

do shaoil d’Éirinn do thabhairt.


88 Dá bhfiafraighidh cia an toirrcheas

ó Shliabh Callain do coimpreadh

aithchim ar bhar n-éigse sibh

gabháil díbh ar bhar ngáiribh.


89 An uair do mheas gach Muimhneach

do chonnairc méad a bhuilg-sean

gein an-mhór uaidhe do bhreith

acht luch fhéir uaidh níor tuismeadh.


90 D’éis ar sgaoileadh ar gach leath

ó aird-fhile an taoibhe theas

ag fógra a thoirchis fis dó

amhail do chualaidh Fódla.


91 ar ndol dó ar a chliathaibh fis

ní thug do shluagh Shléibhe Mis

d’iúl acht a rádh nach raibhe

Torna i gcreideamh chríostuidhe.


92 ’s mar sin gur iongnadh dhamh-sa

dol ar son a mhacsamhla

’s dom chor-sa i gcomhair re damh

as díomhaoin toisg san eadradh.


93 is idir gach comhrádh fuar

bheith ag bodhrughadh ar gcluas

tré n-a mhionca nach truagh dó

a-deir sochar na sochar.


94 is neithe éadtroma oile

ar son Éibhir ’s a chloinne

do chuir Lughaidh cheana ar gcúl

’s tug arís mar réasún.


95 Ionnus go gcuirfeadh i gcéill

do Dhál gCais gá bhfuil i gcéim

go dtugann uaidh freagra lán

mar chreidid cách dá chomhrádh.


96 Ag so a fhileadha Fódla

agaibh an t-eolus mór-sa

do chosnamh an taoibhe theas

fuair Mac Dáire na choimhmeas.


97 Nach fuair Guile Átha Lóigh

Mac Liag ná aon ollamh cóir

d’éigsibh Leithe Mogha i ngar

do mhíle ar thrí chéad bliadhan.


98 Ag sin daoibh an fuarán fis

le barr gaoise air do bhris

lér chlaoi an príomh-fháidhe-se Chlann gCais

leath Chuinn le gaisgeadh n-eoluis.


99 aon chaoga rann thiar is thoir

bhíos ó láimh go láimh i sgoil

gé nar léir dó na measg sin

críostaidheacht Torna éigis.


100 Gion go mbeith againn éin-neach

do shliocht uasal na n-éigeas

an aibíd iona bhfuil mé

ní cosmhuil go mbia choidhche.


101 ghan fhear do chlaoidhte ón taoibh thuaidh.

Is minic lé rugadh buaidh

leis an gcloidheabh roimhe so

ón chéad Mac Dáire díomsach.


102 Is tug bearradh geoin ma-le

ar an dara Mac Dáire

Iongnadh is ceaduightheach dhuit

déanamh aighnis ar son Chuirc.


103 Ag nach raibh creideamh Críost

’S nar choimhéad aithne an Aird-ríogh

’s nach léighthear dhamh cúis phúdair

beagán d’aighneas fa Lughaidh.


104 eadamar nach diúltfa sibh

do bheith i soillse an chreidimh.

Más luaith-bhreith leith-bhreith beirthear

iar gclos dhá rann do bhreitheamh.


105 Acht gurab éigin anmhuin

ann gach ionadh don talmhain

ris an druing gá saoilfeadh cách

éin-ní do bheith re a rádh.


106 nó a-déaradh go bhfuigheadh soin

barr ré rádh na n-imreasain

ní cosmhuil go gcuirfeadh cách

aon chaingean i gcrích go bráth.


107 ’S is leith-bhreith rugais féin

ar thagra Torna is ríogh Néill

is do dhamnais a rug riamh

an eaglais thoir agus thiar.


108 Do bhreitheamhnas ó dhligheadh

i n-aghaidh na n-eithriceadh

a-deir go mbíd leo ghnáth

neithe nuaidhe re a rádh.


109 re hucht bhfír-chiall mbreithre Dé

as a ndamantar iaid-sein;

agus arís do dhamnais

forghla a mbearar ar talmhain.


110 do bhreathaibh díorgha dlighe

is in maitheas phuiblidhe.

Gé go ngabhthaoi-se do láimh

go treorach idir chloinn Táil.


111 mar gach il-cheird dá bhfuil lat

bheith dom mhúineadh-sa i ndiadhacht

is sibh ag gairm dochtúir dhíom

olc an diadhacht duit go fíor.


112 a fhógra oram fa bhreath

do breith ar an bhfaoisidneach

gá chur iar dtuigsin a ghníomh

an tan sin ó dhligheadh fhíor.


113 ria n-éisdeacht amhail as gnáth

a fhaoisidne go hiomlán

an tráth as fhollus nach tig

leis an gcoinghioll dhligheas sin.


114 le haithreachas ó chrídhe

ná le hadmháil fhírinne.

Dearbh as ar maithe riot féin

bhar n-aird-rígh ar Theamhraigh thréin.


115 iar gcreideamh nar háirmheadh libh

tre luighead an chomháirimh

ní hé amháin na bhfochair soin

ríoghradh Leithe Cuinn go ngoil.


116 acht i bhfiadhnaise do sheacht

gceathrar rias an naomh-phroiceapt.

Is cosmhuil gur deacair dhuid

teacht go dána síos san troid.


117 Lét aon Bhrian Bóruimhe a-bháin

do shíol Éibhir go mór-dháil

i n-aghaidh seacht ’s dá fhichead

atá do réir na bhfileadh.


118 na n-aird-ríoghaibh ós Bóinn Bhreagh

d’fhuil Éireamhóin iar gcreideamh.

Is dá dtugmaois na rígh dhuibh

tar fhírinne an tseanchais ghloin.


119 Toirdhealbhach Ua Briain bhar mbrath

nach biadh Brian ina aonar

dóigh gidh ad dána as cloinn Táil

libh-se féin fós gomadh náir.


120 gan acht dá rígh i gcomhair leat

le móir-sheisear ’s dá fhichead.

Atá an oiread sin agaibh

do ghnáith-bhéas ionn bhar dtagraibh.


121 ar bhar neithibh a-mháin

do chur a-mach le mór-dháil

gomadh cosmhail dámadh libh

an dá fhichead ’s na seacht rígh.


122 d’fhuil Néill ó cheart a sean

do ghabh Éirinn iar gcreideamh

go gcuirfe sibh bhar bhfuil féin

ós cionn ríogh mac nIsraël.


123 ’s ós impeiribh gá dtáim ribh

an oirrthir is an fhuinidh;

mar as urus a aithne

ód mhaoidhmhighe as a mhaicne.


124 ’s ar bhar mbladhmann ar gach leith

as bhar n-aon Bhrian Bhóruimhe

is an gcoróin fríoth mar fríoth

leis nach béaradh tre bhith síor.


125 dá mb’é éan-lámh don chluiche

ó chloinn Tuathail ’s Iughoine

ór fuadadh do dhruim faille

an choróin ’s a bóruimhe.


126 do réir mar dhearbhócham dhuibh

ag cur gluaise ar théx Lughaidh

ós é sin téxa díreach

na sruitheadh ’s na sein-sgríbhneadh.


127 ’S iongnadh liom ó fhior t’aoise

ar an gcúis nochtaim dhaoibh-se

coimhmeas éag-cosmhail a-nois

do thionnsgnamh mar do thionnsgnais.


128 Is doilghe liom ioná sin

an ní chuala dhá rádh libh

Do ghluais bhar bhfearg go meardha

i n-aghaidh Néill rígh-Theamhra.


129 ar son h-an-fhlaithe do ghairm

do shíol nÉibhir ó bhfríoth spairnn

dar leat nach cualais a-riamh

go sin a ndubhairt rí-Niall.


130 mar do bhádhais go diamhrach

ag saothrughadh feadh bliadhna

clann Éireamhóin na n-arm ngéar

an tráth fuarais i n-éidtréan.


131 craobh do dhealbhadh do Dhál gCais

nar chuiris ua Táil rét ais

na aon oighre ceart na cheann

ar fhuil ríoghachta Éireann.


132 do réir an cheirt go díreach

do bhí gan chloinn sin Mhíleadh

re dteacht gabháltais oile

ar Crích n-arsaidh nIughoine.


133 agus fós san gcraoibh gcéadna

da gach taoibh dá thaisbéana

gur chaillsead an chuid oile

d’uaislibh Críche Laoghaire.


134 an tráth-sa acht amháin ua Cais

a gceart ar Éirinn iath-ghlais.

Más fírinneach súd a Thaidhg

mar dearbhthar dhúinn as gach aird.


135 ros dall do báidh re Dál gCais

’s an onóir uatha fuarais

ar an modh soin go bhfuile

nach gcuimhnighe is nach tuige.


136 Fírinne an tseanchais uasail

léighe gach laoi it shean-duanaibh.

Gidh mó do ghnóthuigh Mac Liag

’s Aitheas ua Lorcáin ar Brian.


137 ná sibh-se ar chineadh Cais

gá bhfuile id réadluinn eoluis

dá mbeirdís a leithéid súd

do leith-bhreith amhail rug tú.


138 le Brian i n-aghaidh céille

’s fírinne na sein-éigse

do sgriosfaidhe gan éidearbh

le hollamhnaibh na hÉireann.


139 a n-anmanna go hollamh

as rolla na n-ollamhan.

Ó ’d-chítear dhuit gur éigceart

ar bheith na shinnsear d’Éibhear.


140 cur Éireamhóin ’s a shíl sin

re nÉibhear re síol nÉibhir

nach éig-ceart dhuit-se Dál gCais

sliocht an tsóisir Chormaic Chais.


141 do chur ós chionn na gclann saor

clainne Carthaigh ’s a gcomh-ghaol

maicne Carthaigh go n-a ngaol

sliocht an tsinnsir iad araon.


142 Eoghan Mhóir ro ba mac glan

d’Oilill Ólum rígh Mumhan.

Táinig crobhuing caogad ríogh

ar sliocht Eoghain Mhóir go fíor.


143 ós an Mumhain go meadhair

go Cormac mac Muireadhaigh

agus gan acht dá rígh déag

do shliocht Chormaic Chais na dtréad.


144 na ríoghaibh ós Mumhain Mhis

Follus bhar leathtrom aighnis.

Forghla a bhfuil i leith Moghadh

mealla ar seilbh bheith dá gcosnamh.


145 fa Dhál gCais mar chlanna Cuinn

dá gcur le seanchas mearbhaill.

Is léir mar sin san am-sa

cia do ní an treabhadh tarsna.


146 a-déara sluagh Caisil Chuirc

gur diom-buaidh dhóibh do labhairt.

Bíodh a dheimhin agat féin

don uimhir áirmhe ar do fhréimh.


147 ós chionn Éireann mar ríogha

go bhfuil cuid nach in-ríomha.

An fear d’easbaidh ar triochaid.

ria gcreideamh uaibh dá ríomhthair.


148 ná háirmhidh orra ó so amach

an dá cheathrar dhéidheanach,

ná Brian Bóruimhe iar gcreideamh

dá mbeith nach beanfadh seisean.


149 an ríoghacht amhail do bhuing

go cealgach do Mhaoil-sheachluinn.

Ó Mhogh Corb go ré Criomhthainn

dóibh ar seilbh bheith na ríoghaibh.


150 an dá cheathrar a-deir sinn

nach cóir d’áireamh ar Éirinn.

A haithle Iughoine Mhóir

tá an t-ochtar sin ó chóir.


151 iona n-anfhlathaibh uile

mar aon re Brian Bóruimhe.

Ní cóir a n-ainm do chur síos

go bráth i rolla na ríogh.


152 Ar nuimhir ríogh Innse Breagh

ní cóir an naonbhar d’áireamh.

Éireamhón céid-rí Banbha

don chloinn Míleadh dá dtarla.


153 Gé do bheansad trí haicme

seal ríghe dá ríogh-mhaicne

fuair sealaidheacht na ríghe

clanna Luighdheach mhic Ithe.


154 sliocht Ír agus Éibhir Fhinn

na trí haicmeadha deirim.

Sealadh dóibh ar an nós so

ag spairnn riú im ríoghacht bhFódla.


155 an chlann sin Éireamhóin fhéil

an tráth fa héidtréan iaid-séin.

Mar sin dí i ndiaidh a chéile

ó ré Chonmhaoil mhic Éibhir.


156 nar dhaingnigh aon drong na sheilbh

go tuitim Reachtaidh Righ-dheirg.

Iughoine tárraidh an tsealbh.

Leis torchuir Reachtaidh Rígh-dhearg.


157 i ndíoghail éaga a bhuime

Macha miolla mongbhuidhe.

Is é an tIughoine Mór sa

do dhaingnigh ríoghacht Fhódla.


158 dhó féin is dá síol ó shoin

do réir an reachta an uair-soin

É do dhaingnigh a dílseacht

d’fhuil Éireamhóin mhic Mhíleadh


159 do réir na n-ughdar dtromdha

admhas uile an teann-phonc-sa.

Gan chur ina cheann féine

ná a chlann-mhaicne dá éise.


160 tuingid aicme Éibhir Fhinn

’s gach drong oile fa Éirinn.

Do thuingsead d’aitheasg éin-fhir

bíodh go mbeidís níos tréine.


161 gan cheart ar bith ó so a-mach

d’agra dhóibh ar Threibh Theamhrach.

Tugsad dó an uile umhlacht

dar naisg orra san chonnradh.


162 Gach slán gach móid dár gnáth sonn

tugsad uatha ré chomhall.

Oighre an Iughoine dubhart

Tuathal Teachtmhar nar tubhadh.


163 aimsir fhada dá éis soin

an chuing chéadna ros cheangail.

Gonadh dhé sin as an-fhlaith

gach rí d’fhuil Éibhir arm-ghlain.


164 dar thairg seilg na ríghe ó shoin

ar chloinn Iughoine is Tuathail.

Ar ríoghadh aca ón am soin

drong do éirigh le a n-antoil.


165 I n-aghaidh na fola ríogh

le huabhar is le hainbhfhíor

gá dtú i ndiaidh na mionn sa

go ghluaisfeadh ulca iomdha.


166 Gibé do thairgfeadh gan cheas

a saoradh ó ain-fhlaitheas.

Osglaidh ar feadh an domhain

slighthe easumhla is cogaidh.


167 i n-aghaidh na bprionnsadh gceart

do dío-sgaoileadh a móir-neart.

Do thuillfeadh diomdha ó ríoghaibh

an talmhan-sa díbhlíonaibh. .


168 darab daingean do sonnradh

ar choimhéad a sean-chonnradh

’s ar chongbháil ríghe go sáimh

ar a gceart ’s ar a gcoráin.


169 móid uasaileachta is umhla

do bhuain do lucht easumhla.

Dámadh ceaduightheach don tír

gan comhall a mionn dá rígh.


170 cian do ríoghaibh sa domhan

dár chóir flaitheas d’altughadh.

Dá moltar dóibh a-ríse

dol do throid im an ríghe.


171 na huaisle chuirid fa smacht

is mhionnuigheas dáibh umhlacht

caidhe ar talmhain rí fa nimh

lén héidir a dhearbhadh sin.


172 feadh aon uaire gá dtám dó

i ríghe gan fhreasabhra.

Bíodh nar chreideadar na rígh

Iughoine is Tuathal na ndís.


173 ceanglaid dhóibh féin ’s dá sliocht sin

fa mhóid umhla fir fhuinnidh

muna bhfuair tú id sgrioptúir féin

nach fuil d’fhiachaibh ar an méid.


174 bhíos gan creideamh Dé Dúiligh

caomhna an dlighidh nádúirigh,

acht gurab éidir leo ó cheart

gan comhall mionn mar as dleacht.


175 fuil araile do dortadh

’s mná a chéile do chomhthochradh

ní so nach faghar ag fáidh

agus nach éidir a ráidh.


176 gan tuilleadh ndiomdha n-adhbhal

ó Righ Nimhe is naomh-thalmhan.

Féach féin a Leath Mogha mhóir

an bhfaice ar Thadhg bearradh geoin.


177 Tar éis ro-dhóchais chlann gCais

as a fhuaránaibh eolais;

Nó an bhfuil bearrtha ó chluais go cluais

ó aon bhráthair don taoibh thuaidh.


178 gan chead dá chraoibh ’s dá eagna

do réir iúil na sein-sgreaptra,

muna áitighe gurab bréag

sgríobhtar ar Leith Chuinn na gcéad.


179 gur dhiúltsad Gaoidhil dá gceart

’s gur mhionnuighsead uasaileacht

do chloinn Iughoine is Tuathail

is don ríoghraidh ó Chrúachain.


180 amhail do reac Lughaidh ruinn

’s mar do mhaoidh mac Uí Dhomhnaill.

’S más amhlaidh sin sheasmhas duibh

a Leath Mogha Caisil Chuirc.


181 ní tiubharthar dhó i sgolaibh

modh ughdair ná deagh-ollaimh.

Caithfid saoithe an taoibhe thuaidh

’s ní d’eagla nach béardaois buaidh.


182 tagra moráin nach bia ceart

re fear all-ghlóir gan éifeacht

leis nach faghthar dó dol as

acht táinseamh ar an seanchas.


183 ’S munab le seanchas grinn géar

acht le cuma a aignidh féin

chuirfeas roimhe Mac Dáire

cosnamh slóigh na sean-Mháighe.


184 Do ghéabha fear a fhreagra

nach féadfa cosg a theanga

d’fhior-labhra láin do leith Chuinn

ag síor-rádh seicheadh capuill.


185 Tuig a Thaidhg gé taoi rói-ghlic

gur éirigh díbh toisg ghóidrisg

ag tairgsin táir ar Thorna

fár léig thairis díomhordhadh.


186 fa gan teacht i n-aghaidh Néill

Ua Tuathail ’s Iughoine fhéil

gá raibhe a dtáinig roimhe

suas is in réim ríoghraidhe.


187 go Míleadh Easpáine ór chin

na ríoghaibh ar Fhiadh Fhuinidh

acht madh naonbhar dá aithle

is ochtar ria n-Iughoine.


188 tré an-fhlaithe dhíobh do ghairm

an chlann sin Éibhir do thairg

ríghe ris d’éis gach éachta

móid umhla ’s uasaileachta.


189 Do rad Éire sin go léir

do Thuathal ’s dá dheigh-fhréimh

mar do chuimhnigh go feasach

a oighre Niall mac Eachach.


190 I dtráth tagra re Torna

ag caomhna ceart a athardha

is in rann i na ndubhairt

nach tiobhradh baile i Mumhain.


191 do shliocht Éibhir Fhinn gan troid

nó cíos as do chloinn Tuathail.

Ós léir id bhriathraibh maithe

go bhfuile ag déanamh aisig.


192 d’éis bhar saothair do Dál gCais

ionn gach éagcóir dá ndearnais

adaimh anois ó chridhe

ar do bhráithribh mar dhlighe.


193 Ag iarraidh maithmhe do réir

mar mhúineas briathra an tsoisgéil;

ar Leith Mogha ar a ndearnais

éagcóir re Dál an deagh-Chais,


194 ’s ar Leith Chuinn do tairgeadh libh

do chur fa chiaigh lét fuighlibh;

ar an éigse do bhuime

is a mallacht do thuillis;


195 ’s ar th’fhine féin dár thuill sibh

diomdha is mío-ghnaoi fear bhfuinidh;

’s ar aicme nÉibhir uile

dár bhean tusa réd chroinic.


196 ar leigeadh go so seacha

do ríoghaibh gan inchreachadh;

’s ar Dháil gCais rod chuir i gcéim

dá nachar thuillis caith-réim.


197 ’S mar do rad Corc theas do Niall

tabhair do Lughaidh a riar

ag rádh ar chan ris an rígh

mea culpa peccavi.


198 Ofráil th’urnuighthe iarsoin

do Dhía le haithrighe ngloin

is maithim-se dhuit a-nois

riom féine gach a ndearnais.


199 is aithchim ort díolghadh dhún

go dtuilleam síoth Dé na ndúl

tré ar síoth annso i ngleann na ndeor

is nach deachmaois ar ain-eol.


200 amhail adubhairt Torna

ós deimhin fir na talmha

do theacht i ndáil do bhreithe

ag so a Chríost do choimeirghe. GÉ SAOILE.