firstLine"; ?>

1044. Ge ta sibhsi leath ar leath (aceph.) $
Length: middling 18qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/30 early 16th cent.
Prints:
  1. text Carney POR no. xxxvi
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. patron’s liberality to poets
  3. patron’s prowess in war
  4. creach (cattle-raid, plunder)
  5. War with English
  6. fertility in reign of just prince
  7. Immunity of church in war observed
Patron Christian Names:
  1. Pilib (mac Briain mheic Fheilime)
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1508
Poem:

Poem in printable PDF format

Gé tá sibh-si leath ar leath [Acephalous)


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 36]


1 Gé tá sibh-si leath ar leath

gan rún énduine d’eiteach,

dar leat is ní fuair file

dhá dtí uaibh fá oirbhire.

2 Geadh uasal riamh roimhe a-nos

Bréifne na mbriathar solus

mórthair le [a] huaisle ó Fhilib,

mórthaigh uaibhsi uaislighid.

3 Creididh gach aon gu hollamh

bhar gcomhrádh ar cédlongadh;

’sa ní a-deirthí fá dheochaibh

neimhní ní bhí ag Bréifneachaibh.

4 Leig agaibh ’na aghaidh soin,

a mheic Bhriain an bhairr leabhair,

coisgidh crécht díot, a Dhomhnaill,

dá écht a n-íoc h’anbhforlainn.

5 Do bhiodhbha ag élódh tar ais

ar h’eagla, a dhreagain Durlais;

tóir ar h’omhuin, a Fhilib,

dóigh oraibh nach aithnighid.

6 Madh lia dá bhar lucht cogaidh

lámh ribh an tráth tángodair

ní foghair leo acht locadh

re [a] ngleo oraibh d’anocal.

7 Gan éinteach a n-easbhaidh cruidh,

gan tacha barr ar brughaidh,

gan ní ó bheith fá [a] mbreathaibh

nach bí ar breith do Bhréifneachaibh.

8 Ésgaidh Domhnall ar ceann cruidh,

athnamh do-bheir dá bhráthair;

ar bhoing ’sa ghliaidh do Ghallaibh

biaidh ar roinn in Raghallaigh.

9 Ní mó a dtrom ar tighibh cliar,

dá mhac ríoghna fhóid Oirghiall;

gan dá fhear Cobha go cill

do dhola acht re headh n-aifrinn.

10 Ar cionn dámh do theacht dá thoigh

ní mhothaigh méd a bhaoghail;

fógra gliadh ar fhéin Fhilib,

gu réir cliar ní cheisnighid.

11 Fuilngidh ar feadhaibh daingne

gu mbíd cách dá chomhairle,

coill ’gá seachna ar a soillse

ar broinn deabhtha in Domhnaill-si.

12 Is inntleacht ar nach bí bail

ar cloinn Briain an bhairr leabhair

tug cách a-muigh gu madain

ar sgáth cruidh nar chosnadair.

13 Seolaid a gcoinne a chéile

a náimhde ag tuar toibhéime

[druim na flatha re Filib]

dá chuirr catha cruinnighid.

14 Do Dhomhnall tig na tairthe

nach bí tonn gan turchairthe,

fán mBréifneach do tharadh tig

nach faghar éinchleath aimrid.

15 Beith a mbun do fhleisg Luighne

rug deireadh ór nDomhnaill-ne;

tús ar chleith bhFáil re bhFilib;

ar dhá leith cáigh céimnighid.

16 Ó chloinn Briain na mbreath neamhnáir

[clann Úna is dá n-eisiomláir]

mó cách díoth in dá dhamhna;

ní gnáth críoch gan chomhardha.

17 Inghean Briain in bhruinne ghil

a[g] coimhéd do chlú a cinidh,

tar mhnáibh na fréimhe dá bhfuil

a féile ’na tráigh toraidh.

18 Ní mhothaigh méd a eire,

cosnaidh gnaoi dár nGráinnei-ne

doiligh bronnadh mbó n-iomdha

nach ró a hollamh d’aindiomdha.