firstLine"; ?>

1045. Geabh an sead so, a Mhuire mhor [al. Gabh...] $
Length: short 11 qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 8 (24/L/6) Eoghan O Caoimh ?1679
  2. Mayn. C 88 Eoghan O Caoimh 1704
  3. Mayn. M 84 S. O Murch. na Raith. 1738-
  4. RIA 256(23/G/23)M.Og O Longain 1800-
  5. RIA 182(23/B/30) M.Og O Longain 1811
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, p. 23
Motifs:
  1. envoi to Michael archangel
  2. praise of appearance
  3. king’s officer: maor
  4. imagery for BVM
  5. role of Mary in man’s salvation
  6. kinship of Mary with humans
  7. sead suirghe
Poet Christian Names:
  1. Aonghus (RIA 8)
Poet Surnames:
  1. .i. O Dalaigh Fionn
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Geabh an séad-sa, a Mhuire mhór


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 22]


Don Mhaighdin Mhuire


1 [Geabh] an séad-sa a Mhuire mhór

a éasga as ghloine ná an ghrian

foillsigh t’ionmhuine as dún

a chúl chas fhionn-bhuidhe fhiar.


2 A-tá ró bairr-ghile id bhais

a ógh as ainglidhe feis

[báidh] [red] chorr-abhlaibh cúil chais

fan súil nglais ndonn-abhraigh ndeis.


3 A-tá id bhéal ra-thana róis

a bhan-chara nar bhréag sbéis

déad mar lile nar chealg cúis

gnúis dhearg as ghile ná géis.


4 A-tá taobh t’ochta mar aol

is t’fholt ar aondath ’s an t-ór

a ghéag bharr-thais as ghlan gníomh

do líon magh Parrthais dod phór.


5 A-tá leat caol-mhala cheart

a naomh-chara nar lean locht

ós ghruadh geil-te as [ríodha] [riocht]

is briocht seirce [tríodha] ag tocht.


6 Ní héidir áireamh do bhuadh

a déid-gheal as áille aobh

láimh ret oirnéimh [is geal] grian

a bhean nar iarr oilbhéim d’aon.


7 Díol red dhearbhráthair a dhán

a dheagh-mháthair Ríogh na ríogh

cuir a Mhuire ionn ar iúl

a shiúr fhionn as [ghloine] gníomh.


8 Ní [fhuair] don uile acht tú

a thruaill nar chruinnigh fé fia

Rí na [ruire] ó ráinig thú

dod chrú ráinig duine is Dia.


9 Ó tá agra an trom-gha trom

labhair dar gcomhdha ar an gcrann

a ríogh-bhuimeach nar [mhaidh] mionn

liom do thraigh mhíorbhuileach mhall.


10 An [dá ceart-] rann ’s a dó dhéag

deit a ógh nach geabhann grúg

cóir cuimhne ar a ceathair déag

geabhaidh mar shéad suirghe súd.


11 Fearann toghtha na sé sluagh

Míchéal ortha is é bhus tréan

do luach ar n-aisde [é] ón mhaor

mé saor ón ngaisde na ngéabh. GEABH