firstLine"; ?>

1046. Geabh do chead a cholann chriadh [al. Gabh] $
Length: short 13qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLI G117 E. & A. O Caoimh 1693-1703
  2. Mayn. C88 E. O Caoimh 1704
  3. Mayn. M 84 S. O Murch. na Raith. 1738-
  4. RIA 488 (23/N/12)MmcPUiLongain 1763
  5. RIA 9 (24/L/5) Seaghan O Conaill 1764
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 47-8
Motifs:
  1. envoi to Michael archangel
  2. king’s officer: maor
  3. contrast btn former joy and present grief
  4. Sin and penitence
  5. inevitability of death
  6. renunciation of the world
  7. body as enemy of the soul
  8. Biblical allusions (Ecclesiastes ?)
  9. crown
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na Diadhachta (C88, RIA488)
  2. Donnchadh Mor (RIA 101, 642)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (‘O’D. Fionn’, G 117, RIA 9)
  2. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Geabh do chead, a cholann chriadh


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 40]


An Bás


1 [Geabh] do chead a cholann chriadh

fada taoi ag iomchur ain-mhian

tréig feasda an saoghal sonna

baoghal deasga a dhíoghluma.


2 Gairid uait go [bhfuighe] bás

mall go dtuigeann tú an t-uathbhás

och mo nuar a cholann chuil

’s truagh an t-anam ar t’ionchuibh.


3 Cian a-taoi ag tiomargan cean

olc a cholann do chreideamh

do chaill [soin] ort as t’óige

[tocht ar] toil na Tríonóide.


4 Mairg nach féach re ndul i bhfad

tréigean cumainn [na gc]arad

méad t’uilc is laighead do lóin

rai-bheag a chuirp do choróin.


5 Mairg duit nar fhéach uair eile

’s nach feas cá huair d’áireidhe

iona bhfuightheá bás i bhfus

sul gcuirteá i gcás do chuntas.


6 Ní fhidir tú a cholann chuil

d’éis an éaga is beart bhaoghail

damhna sgís [an] triall mar tá

a-rís cá rian i rachthá.


7 A chuirp chriadh as dorcha dreach

do bhí ar dtúis go hóg uaibhreach

do chuaidh bláth na hóige as

móide sa chách do chuntas.


8 Caidhe an síoda nó an sróll donn

do bhí agat [a] anam

nó an béal glór-bhláith binn bádhach

nó an sging d’ór-shnáith anárach.


9 Caidhe na cuilceadha clúimh

do chleacht sibh ar slios t’aol-mhúir

[bia] gan cholc[aidh] acht cuil[c] chriadh

a chuirp olcaigh na n-ain-mhian.


10 Caidhe an fíon do bhíodh id bhrugh

caidhe cuirn na leag lóghmhar

[ní] mór t’aire ar lógh na leag

nó caidhe an t-ór nó an t-airgead.


11 Baramhail do bheir an fáidh

do ghlóir dhíomhaoin an domhnáin

ceo dorcha nó suan na sruth

tuar orchra da gach e[o]lach.


12 A dhuine théid i dtaidhbhse

ar bhláth bhréige an domhain-se

an tal do bheir[thí] dá bhládh

[is neiphní dar] an deagh-[fádh].


13 Glanfaidh Míchéal iúl m’anman

Ríogh-mhaor nimhe is naomh-thalmhan

Mac Dé [dá th]ogha na thréan

cara már é ní fhuighéabh. GEABH