Poem in printable PDF format
“Geabh do
mhúnadh, a mheic bhaoith”
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 19]
Ádhamh Ó Fialán
.cc.
1 “Geabh do
mhúnudh, a mheic bhaoith”
seanfhocul glan
glóir bhionnghaoith
sdiuraidh fear
láimh re lochtaibh;
cáir seadh is na
seanfhoclaibh.
2 Seanfhocul so
suairc a lagh
gidh créad an
chúis bar canadh;
dá dtí leann mar
as dú dhó
nirbh fhearr a
chlú ón chéadló.
3 Ag so treas
múinte as mhaith duid,
a mheic bhaoith
as bhorb gcomhraig,
ná tréig maith ar
olc gan ádh,
ná caith go docht
an domhnán.
4 Ná bí
luathaigeantach lonn
re dáimh re
ndingne chomonn;
do ghrádh ód
thriath ná till chor,
ná ling fhál
sgiach gan sgothodh.
5 Ná saltair ar
an sleigh ngéir,
go bráth ná
tabhair thaibhéim,
tocht ba éigean
reann go rod
ná teann ’s gan
éideadh umod.
6 Iomghaibh
iomghuin na nathrach,
seachain leomhan
leadarthach,
re taobh na
beithreach ná boing,
ná meirchreach
aon gan fhochainn.
7 Comhrag
losguinn lasrach mear
ná sir - is sé do
dhaingean -
suail a sheadh i
n-armaibh áigh,
marbhaidh fear
uaidh dá anáil.
8 Déana orum,
adhair dhi,
ná troid ris an
tuinn mbáidhte;
ní fhoghain duid
arm re hucht,
tuig, tuig, is
garbh an guasucht.
9 Tusa an mac
baothsa, a bhéal dearg,
a mheic Bhriain
nach baoth Gaoidhealg,
tre thocht, a
fhir Ché, bham chrodh
olc do dhligh mé
do mhúnodh.
10 Maith dlighim
gé a-dubhart sin
do mhúnudhsa, a
laoich Luimnigh;
mé do theann, do
chlú, a chleath Chláir,
tú leath rob
fhearr dom éadáil.
11 Trí mairg déag
do dháilis damh
re taobh
t’éadaigh is t’arradh
i n-iongnais bhó
is [eich] is óir,
mó ná an
[bhreith] ionnmhais m’onóir.
12 Ionbhaidh
duid, a dhearc mhallsa,
teacht ar ceann
cruidh chugamsa;
gnáth leam gan
rian sguir bam sgoil
triall ar ceann
cruidh dod chathroigh.
13 Duid rob urusa
a aithne
mo chrodhsa, a
chleath ghormAichle;
ba tearc bó ann
acht t’eallach,
a bharr cró, ar
n-a gcoimhcheannach.
14 Ní hór ní
hionnmhus oile
fhuarais, a fhir
Challmhoighe,
acht dán ag
ceannach do chruidh;
ní nár an
t-eallach amhluidh.
15 Más
aithiomlaoid as áil lat,
a bharr Cliach,
mar ad-chonnac
do-bhéar slán
choidhche do chradh
’s toirche rem
dhán do dhiultadh.
16 Riot im thosd
gé tú go se
tríd an
aithiomlaoid n-éigne,
gé taoise slán, a
chleath Chuilt,
is ágh dá ndeach
gan díoghuilt.
17 Ó chianaibh do
chan mé sain
mise an tonn
bháidhte bhunaidh;
dírghidh sé
seoladh mo rann,
is mé an leomhan
’s an losgann.
18 Is mé an
bheithir bhuaidhreas cath,
mé an dreagon go
neimh nathrach,
mé an fál reamhur
do ragháibh,
dleaghor an t-ágh
d’iomghabháil.
19 Mé an deoch
neimhe as núidhe bríogh,
- seachain
ainmhian na n-airdríogh
ná cló dá hibhe -
is ágh dhuibh -
ar ghrádh bhó, a
bhile Beannchuir.
20 Is mé an gríos
dearg, a dhaighfhir,
mé an fál sgiach
nach sgothfaidhir;
is baois rod laoi
ar lár na sás
mar a-taoi a-tám,
a Thomás.
21 Gidh baois
duid a ndearnais ruinn,
a Thomáismheic
Bhriain bhratduinn,
rem robhaois
nocho ró cur;
is mó an toghaois
do thréagun.
22 Toghaois mhór
dhuid is damhsa
ar ghrádh bhó, a
bharr Ceanannsa,
tréigin a chéile,
a chraobh Mhis,
’s ar bhféile
ar-aon gá haithris.
23 Gen (gur)
coimhfhial mé, a mheic Bhriain,
red dhreich
ndeirg dhonnas ghoirmchriaidh,
maithfead mo bhú
ar bhuaibh bhus fhearr;
ní dú an dá
chruaidh go coimhtheann.
24 An grádh mór
is mealladh damh
tugas duid, a
fhir Almhan;
dod dhreich
amlaigh rob fhallsa
gan bheith
amhlaidh umamsa.
25 ’Mat
fhallsacht aiseag d’fhagháil
[rod] thréag mé,
a Mhéig Amhradháin;
suil tréiginn tú,
a ghruadh mar ghlain,
truagh nach gan
bhú do bhámair.
26 Créad acht
[beag] agad uile
mo chrodhsa, a
chinn Mhaonmhuighe;
ní bhiu ag ruide
red chéibh gcoim,
tuige go léir a
labhroim.
27 Aonghuth rod
ma cheann mo chruidh
ní dubhart red
dhreich n-amlaigh;
is mór an grádh,
a ghríobh Orc,
gan a rádh
d’fhíor nó d’ábhocht.
28 Ní hé an grádh
ro anaic orm
do ghnúis
gcorcra, a chleath Mhughdhorn,
gidh ionmhain
t’fholt craobhnocht cam
acht gan aonlocht
ort agam.
29 Ba
neamhfhallsa, a nathair Chuilt
mo ghrádh duid -
díochra a iarmuirt -
ger iomdha neach
gá rádh ruinn
gor mheath dom
dhán a ndéanuinn.
30 Dá chúis bar
dhéachussa dhuid
gan t’aoradh trá
is tú id charuid
d’fhios do
fhreagra a-tám ag triall -
do ghrádh is
t’eagla ar éinrian.
31 Cá hiath nach
badh eagail leam
t’oirbheart fada
ar fhud Éireann?
gé taoi ar síoth
re neart a-nois,
is tearc críoch
nachar chreachois.
32 Do chreachais
- ba calma an rath -
chrích
nDartraighe, a dhreach amlach;
sluagh Dartraighe
nír dhíon cruidh,
a ghríobh
fhaltbhuidhe, ón arguin.
33 Do airgis -
anba an cathágh -
maicne phortghlan
Pheodachán;
creach sin mar
chíos, a chleath Mhis,
do chreach sibh
síos go Soilchis.
34 Do chreachais
- ba creach fhoinnimh -
sluagh cródha
clann Raghoilligh;
do airg bhar
gcreach clann Fhearghail,
a bharr cleath,
go claoinTeamhraigh.
35 Do airgis tar
Sionainn siar
lá eile, a
airgnigh Gailian;
red linn nír
loigh rath gon lucht
go hOil bhFinn
tar chath Connocht.
36 Do airgis dá
aithle sain
Thír n-Oilealla
is Thír dTuathail,
is chrích
gCairbre d’ágh oile
go fairrge is
chlár gCallroighe.
37 Bréifne féin ó
bhun go barr
do airgis, a fhir
Chualann;
a agra ort ní dú
dháibh
is tú ar gach
n-olc gá n-eadráin.
38 Is tú
creachaire i gcrích Thé,
is tú as
bhuachaill don Bhréifne;
beana don lucht
bhú go beacht,
cá dulc is tú gad
thoirreacht ?
39 Ní áireomh
th’ágh seacha soin
i n-íoc mo bhó, a
bharr Beannchoir;
díoghailt
chruaidh grod do-ghéanom,
buaidh do throd
ní thuiréamhom.
40 Gidh beag do
áirmhius dot ágh
dearmad tug orm a
iomrádh,
a chúl fionn na
bhfaichleath gcas,
is aithreach liom
ar labhras.
41 Is uime do
áirmhius ort
an beagánsa dod
bheodhocht
fad do
shluaghaidh, a ghéag Gamh,
is méad m’uamhain
mut aoradh.
42 Eagail leam a
haird oile
th’aoradhsa, a
fhir Bhóroimhe,
clú ar do
ghairggníomh do líon libh
is síol airdríogh
thú, a thaoisigh.
43 Clann Bhriain
umad druim ar druim,
clann Mheadhbha
is maicne Chonaill,
do léim a-nall
doiligh dháibh,
clann Néill
Oiligh, clann Cholmáin.
44 Síol dá
Eochadh fat fholt chas,
clann Ruairc féin
- cá fearr dúthchas ? -
’s clann
Mhurchadha nar thráigh teann,
drumchladha áigh
na hÉireann.
45 Dá mbeinn i
Mumhain Mheic Con
ní léamhainn
[orra] t’aoradh
méad do ghaoil ar
broinn ó mBriain
re gach gcloinn
saoir go seinChliaigh.
46 Ni chuirfinn
Connachta im cheann
t’aoradh [agam
nach] fuilngeann;
i Laighnibh ní
léamhainn dul,
saidhbhir
fhéaghaim dot uamhun
47 Conall is síol
Eoghain fhéil
mór a ngaol dod
ghnúis mhínréidh;
ní léig th’aoir
ngrinn do ghabháil,
a Mhéig bhinn
shaoir Shamhradháin.
48 Aonrann dá
gcuirinn fa chách
dot aoir, a fholt
mar orshnáth,
ro badh cian ó
siobhal sinn
ní bhiadh
m’ionudh i n-Éirinn.
49 Crois Chríosd
tarainn leath ar leath;
do chosg
m’fheirge, a fholt fáinneach,
fearg éadáigh
a-dréacht damhsa,
sléacht an
chéadáir chugamsa.
50 Sléacht chugum
ó chionn go cois,
sir loghudh, a
laoich Bhearnois,
sléacht an
malaigh ndrumchaoil nduibh,
’s an aghaidh
subhchaoimh sochruidh.
51 Sléacht an
t-abhra craobhach corr,
sin an béal
corcra chugom,
tabhair phóig go
díochra dhamh,
dar móid
fhíochdha budh athchar.
52 Athchrom ar
n-eissíoth uainn as
- gom thréagon ó
taoi deanas -
fa ghnaoi nochon
éadubh ás
gom thréagun ó
taoi, a Thomás.
53 A Thomásmhac
Briain Bhearbha
Mhéig Shamhradhán
shaoirfheardha,
cuid d’fhalaidh
ní dú dhamh dhe
tabhair bhú gan
chradh ceilge. Geabh
54 A inghean Méig
Uidhir fhéil,
do mhúin Dia do
dhreich mínréidh;
ná [maoidh], a
Nualaidh, re neach
acht buanaigh
t’aoibh is t’eineach.
55 A bhean Méig
Shamhradhán shaoir,
a inghean úrsa ag
Éadaoin,
a chraobh ghlan
gan chlú ceilge,
saor thú ar ghal
mo Ghaoidheilge. Gea
56 A Lasair
Fhíona, a fholt bog,
trí datha áirmhid
orod,
cách [uile] got
ibhe dhe,
gile agus duinne
is deirge. Geabh
57 A Athracht nar
óbair gheis,
rod mhúin Críosd
[ciodh fa gceilmis?]
do ghaol d’Ádhumh
ní dú dhe
saor thú ón
chrábhudh cheilge.