Poem in printable PDF format
A mhná, guileam
tre Ghlais Áir
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 58]
Tuileagna
Ó Maolchonaire
1 A mhná, guileam
tre Ghlais Áir,
is tugam ar
dtreas ’na dhiaidh;
combáidh ghuil is
déanta dhúin,
’s créachta an
dúin gan luibh gan liaigh.
2 Och, ochán!
adhbha na sluagh
’na bhfaghbhadh
gach bochtán biadh;
níor bh’fhiú cách
a cur ar gcúl;
ag gul fán dún go
bráth biam.
3 Binneas is eól
gach re n-uair
san tigh-sin ar
dtós do-chínn;
é mar tá is
damhna dár ndeoir;
mór lá leóin
tarla dár dtír.
4 Do b’é mo
ghrádh bheith san bhrugh,
ní badh slán mé ó
nach mar;
is é fá liaigh
dom lionn dubh;
bun ’s cionn gan
dul ’na dhiaidh dhamh.
5 San teach
nduasbhog gan díoth lóin
do bhíodh cead
cuarta ag gach cléir,
’s gan triall tar
ais, dá madh áil,
ó Ghlais Áir ina
bhfiadh féin.
6 Do bhíodh ag
laochraidh san lios,
gur traothadh ar
dtír a-nos,
súgh i gcuachaibh
gan ghlas,
’s luachair ghlas
go caol a gcos.
7 Minic fá
meanmnach mic ríogh
san tigh-sin
tarla fá bhrón;
mímheanmnach
a-nocht, mo nuar!
port na sluagh
míndealbhach mór.
8 Sí riamh ag
dula ós gach dún,
mar do bhiadh
umha fá ór;
do Ghlais Áir do
beanadh bríogh;
táir, fa-ríor,
gach meadhar mhór.
9 Bhar n-aithne
is ceard deacair dún;
dar leam do
leagadh do sheól;
más tú an baile
’na mbínn riamh,
caidhe an chliar
do chínn ná an ceól?
10 Atá agam
iongnadh nua,
go gcaithfeam, dá
liobhra lá,
gan triall
ó thoil re n-ar ló
don toigh dár mó
ar mian, a mhná!