Poem in printable PDF format
Geall ó Ultaibh
ag éinfhior
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 24]
Iolland Ó
Domhnallán .cc.
1 Geall ó
Ulltaibh ag énfher
derbh le sgolaibh
a sgaoiledh;
ferr ná deimhin a
dhéinemh
- beiridh éinfher
geall Gaoidhel.
2 Fer is ullmha
um dhuais deoradh
tar Ullta suas ag
síneadh,
geall a aicme
’gun éinfher
ceann tréinfher
maicne Míleadh.
3 Cú Chulaind
aicme Uidhir
gobhal fhulaing
an einigh;
ón chuid as fherr
d’fhéin Oiligh
geall oinigh gan
béim beiridh.
4 Cú Chondacht na
mbert mbaoghail
fer ós Ultaibh do
éirigh;
ar dáil duas
riamh dá-ríribh
sínidh suas tar
Fhiadh nÉimhir.
5 Geall riaghla
an oirir Ultaigh
don choinsi ó
chliaraibh cleachtair;
damh ré sa ghleo
nach gontair
moltair leo é mar
Eachtair.
6 Fer sin gan
obadh éinfhir
do-bheir d’ollamh
a iarraidh;
ní sealbh do a
mar dá mhaoinibh
sgaoilidh so a
chradh ar chliaraibh.
7 Crand cumhra fa
chlú n-einigh
crand súd as
umhla d’fhilidh;
cur rú ní hé
nárbh omhain
do fholaigh sé
clú a chinidh.
8 Cú Chonnacht
uadh fa áirimh
clú na consa suas
sínidh;
a chlú ’s gach
aird gan fhiadhail
cú fiadhaigh aird
dár-íribh.
9 Rí Éirne an
oinigh inríogh
choisgios éigsi
dá n-ainmhian;
éscca lán é fa
imrádh
ré imlán dámh do
dhaighriar.
10 Riaghail ar
crodh nír chonnaimh
bladh ó
chliaruibh gur chendaigh;
geall clú ó chách
’gun Chollfhuil
a dtráth
bronnaigh cnú cengail.
11 Do-chuaidh a
dteisd gach taoibhe
dob uair do
bhreith an bháire;
do sháraigh sé
gníomh Guaire
gidh é as nuaidhe
ag díol dáimhe.
12 Mág Uidhir fa
chlú a chinidh
a cclú uile gur
fholaigh;
ar díol cliar
’gan am n-einigh
beiridh barr ó
Fhiadh Oiligh.
13 Cú Chonnacht
re díol dáimhe
rí ’gan ghoradh a
ghruaidhe;
cuirfidh Síol
cCuind re chéile
céile ríogh ó
Thuinn Tuaidhe.
14 Fan ccoinsi ar
gach taobh tarrla
in dá fhuilsi as
caor chomhdha;
gan cor rú ag
ríoghaibh Emhna
fionfhuil
Fherghna is crú Connla.
15 Ré lán mur a
fhréimh reimhe
da gach dáimh is
léim lighe;
ar ndáil a
chruidh uaidh uile
ní buille sguir
fuair file.
16 Béim duas ní
fhoghar orthaibh
an Chollfhuil
suas dá sirthir;
bac ar chléir fa
Chlár Cobhthaich
’na thrágh
torchair féin fillfidh.
17 Ferr sa chách
iarsma an einigh
fa a n-iartar do
dháimh dhuilidh;
gá dóigh cruidh
as fherr d’fhilidh ?
geall gach cinidh
d’fhuil Uidhir.
18 Fir Mhanach
tar Fhéin Emhna
fada re cléir do
chomhdha,
gan cur rú um
cheand a ccabhra
geall na Banbha
ac crú Chonnla.
19 Sgél cosmhail
ar cheann nGaoidhel
nach docair lem
do léghadh;
cóir tós na sgél
do sgaoiledh
sgél d’aoinfher
fós nár féghadh.
20 Cond
Cédchathach crann cumhra
Conn énrogha
Clann cConnla;
ré lán do bhaoi
ós Banbha
tarla a lán craoi
ar cholbha.
21 Cland fhial do
chin ón choinsin
cá fir mur iad
fán amsir
cland iad fa só
iná sindsir
mó ccindsil iad
fán aimsin.
22 Tuitid dias
aca a nUlltaibh
falta budh cian
’na ccionntaibh,
cland Chuind fa
trén a dtendtaibh
dá én d’ealltain
fhuinn Fhiondtain.
23 Sgél rér
chrithnaigh cland Chonnla
in bássa Crionda
is Connla;
nír thráth dá
mbuing don Bhanbha
croind abhla ar
chách fa chomhdha.
24 Nó gur éirigh
Art Aoinfher
Éire sa nglas[s]a
a ngábhadh,
sgél gan ghaoi an
sgél dar sgaoiledh
trén Gaoidheal do
bhí a mbádhudh.
25 Sgél eile fa
séd samhail
ar écc na deissi
is doilidh,
gar léun riamh da
gach roghain,
ní sgél folaidh
d’Fhiadh Fhuinidh.
26 Cland
MhégUidhir fháid Emhna
tuitid a dtráth a
ccobhra,
brath leannán do
bhaoi ac Banbha,
sgeallán n-abhla
Craoi Connla.
27 Bás Seaáin is
díth Donnchaidh
gach nemhágh dá
bhfríth falchaidh;
cur re a clú and
ní fhoghthair
crú Cobhthaigh an
tann taghthair.
28 Ruc orra dol
ón dubhadh
fuil Cholla ar
ndol a ndeighfhear,
néll bróin do
bhaoi dá mbranar
glanadh faoi
dóibh a dheireadh.
29 Do-ní aoinfher
a n-ionadh
ren faoilteach
críoch na cCuradh;
cia an rí budh
cóir ’na chomhar ?
- rí do toghadh
d’fhóir Uladh.
30 Cú Chonnacht
mur Art Aoinfhear
chosnas a bhladh
’na bheoghal;
fer a ghníomh ná
hiarr d’aoinfher
Gaoidhel fial re
díol deoradh.
31 Mág Uidhir
ceand a chinidh
ar cách uile as
teand dtabhaigh;
geall ré fhréimh
é mur oighir
ré oinigh mur
ghréin glanaidh.
32 Síntear ar
gníomh re Guaire,
fíorshreabh re
díol gach dáimhe;
sriobh nach
dtrágh re gal gréine
lán dá fhéile
Magh Máine.
33 Mac Siobhán
riamh ’na roghain
fiodhfhás na
ccliar do chabhair;
triall riamh ac
dáimh ’na dheaghaidh
dleaghair triall
co tráigh dtaraidh.
34 A chéile
caraid Manchaigh
samhail fhéile ní
fhoghthair;
re teacht sgol ad
dháil dearbhthair
geabhthair cor
tráigh dtorchair.
35 Do chlú
cheilios clú Guaire
clú le mbeirthior
gach báire,
lór ar cách do
bhéin béime
béim féile an
tráth is táire.
36 Cliar fa
dheithbheir ad dheaghaidh
do dheightheisd ó
chiaidh cuiridh;
ni do locht ar
Fhiadh nOilidh
cliar dhoilidh
ort do fhuirigh.
37 Tú is orra re
diol dáimhe
gniomh dá nochtar
co naoidhe;
ar a cclú ni
buain béime
do-chuaidh fhéile
ós Crú Craoidhe.
38 Fear re
ccuirthi ar clú a ccianaibh
tar clú Ultach do
éirigh;
diol cliar as
fhearr dá fhéchain
béraidh geall ó
Fhiadh Éimhir.
39 Bladh a
nUlltaibh dá fhoghail
Ulltaigh as [a]
ccrodh cuiridh;
trom an t-oire
d’Fhiadh Oiligh
riar oinigh
fhoile hUidhir.
40 Ré lán ó
moltar Manchaigh
clár na troda do
thimchuil;
do cheil sé clú Ó
cCobhthaigh,
toghtar é tar
chrú Criomhthain.
41 Dámh deoradh
nach d’iath Oiligh
an chliar dá
n-eolus anaidh;
don chuairt tuc
fa Fhád Fhuinidh
Mág Uidhir rug do
raghain.
42 D’fhuil Uidhir
ní lón longa
ar ól ní chuirid
cuma;
sgáth re a dhíol
ní fhuil orra
foil Cholla
d’fhíon is urra.
43 Clú ’na aice
ní fhoghair
ar clú a aicme
nír fhuirigh;
cia an clú oile
nár fholaidh ?
- clú oinidh
fhoile hUidhir.
44 Táin fírbheach
nach dóigh Danar
ar mínleach áigh
do hoiledh;
caor shlóigh fa
ceann na ccuradh
d’fhóir Uladh na
reann roigheal.