firstLine"; ?>

1052. Geall re heighreacht eangnamh rioghdhamhn $
Length: middling 21qq (17 + 4)
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 744 (A/v/2) 17th cent.
Prints:
  1. text? Ir. Bk Lover 28 (1941-2), 2-5
Motifs:
  1. envoi to spouse (Meadhbh dau. of Cathal)
  2. envoi to St Peter
  3. eulogy of appearance
  4. qualities of patron’s character
  5. nobility of ancestry
  6. naval warfare
  7. War with English
  8. fertility in reign
  9. kingly functions
  10. earlier text named (Reim Rioghraidh)
Poet Christian Names:
  1. Mathghamhain (RIA 744)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Teaboid [na Long] mac Grainne
Patron Surnames:
  1. a Burc (1st Viscount Mayo, d. 1629)
Meter Vars:
  1. droighneach
Poem:

Poem in printable PDF format

Geall ré heighreacht eangnamh ríoghdhamna

[RIA 744 (A/v/2), 53a]

An fear cédna .cc. [Mathghamhuin Ó hUiginn (52b)]

[Droighneach, Dán Díreach]


1 Geall ré heighreacht eangnamh río[gh]dhamna

síorlabhra a dheighbheart fá bheannmhagh mbráonBha[nbha]

geall ré hanóir ríogh río[gh]dhamhna

an gníomh fíorbhadhbha as fearr d’fagháil gach áongharma.

2 Gach neach don riogfhuil go réim oirbhearta

ar ghníomhaibh oirrdhearca ar mhéin gan mhionlochta

mur so as dúal dearbhadh a dheighreachta

túar eighreachta dho a eangnamh ionmholta.

3 Teabóid a Búrc na mbeart gconnla gceardchubhaidh

dearc sheabhc(h)umhail nach gurma drúcht ar dhionntolaigh

do thúair ar a thréidhibh oighreacht a áirdchinidh

do dhéinim guail do gailltighibh ar oirbeart n-iomchubaidh.r

4 Foghlaidh rúin d’aindribh gach íathmhuine

fíarmhuine a chúil fhailgigh órbhuidhe

téid ar chlú eangnaimh ós réim na rioghruidhe

ar fhíorghlaine a chrú mheadhraigh mhordhaidhe.

5 Cuirfidh do chlá(i)r Éimhir an úair-se airmea[r]ta

féinnidh aindreanta lámh as uaisle [il]bhearta

leanfaidh fós ceann an fhine airmghreanta

nós a dhaighshleachta gá sl[igh]e as f[h]err inleanta

ar bhúaidh dtachair ar fhoghlaibh oirrdhearca

fachain oigreachda do sduaigh [arm?]ghloin fhinnleanta.

6 Ríon fogla(dh) ar gach caladh da cháolbhárcaibh

áolbhántuir dá mblodadh fán mBanba miondrúctaigh

fer an achaidh a gcríaidh clúmhléntuir

ag glúnshléchtain a ngliaidh don rathfhuil ríoghBhúrcaigh.

7 Búdh mana foghla d’Éirinn fhinnleasaigh

dá n-ana(dh) a imreasain mun gcéibhfhinn gcaillmheasaig[h]

ni bhía cúil don fhódmhaigh Eamhna-soin

gan mhearlasair ndúin ón ógbhaigh airmgheasaigh

slóigh an fhuinn Mhuimhnigh airgfidh iná (a) n-ionnmhasaibh

ón tuinn chainntigh Chl[iodh]na-soin go Boinn mbuidh[n?]igh mbailbe[as?]aigh.

8 [..] éid[si?]ortha fíochshlúagh ar feadh ar seinbBreaghmhuigh

ag eingeanmh[... ...] dá shíothgruaidh seingmailghid [leg. sheangmhailghigh]

[’s?]ag forbhais an tslóigh feardha fhionnLaighnigh

ó Bhóinn thiormaibh[nigh go Bearbha?] ngormglais ngealmha[ighrigh?]

9 [Ó] Léim na Con go hEachtgha oirchearaigh

crodh ’na ttroimceanaibh reampa ruinnfidhear

bíaidh go túathaibh an fhuinn anmcha [...]

’s go Cruachain nglanchladhaig Chuinn tré choimhthin[...]

10 M[ac] mhic Dáibhíth an chneis sháordha sheangfhortuil [53b]

ceangaltair leis láinshíth as caomhna do Chonnacht[aibh]

gan fhóbra cean tar a mhóid mhallfhoclaigh

gan fhógra ar anshocraibh ar fedh a fhóid fh(i)onnfholtghlain

leasg lé háonduine a fholta d’fhionnachtain

d’iomarcaigh smachta an chaomhmuighe Chonnachta[igh].

11 Oighre Ghráinne grúaidh mar fhíoncháora

níor thúair a ghníomhtháomha acht fáidhe fíorch[ár]a

ní lía ann céime ag adhnadh a fhíochtháoma

ina tréidhe fíorcháomha dá ría snadhma[dh a síothchána?].

12 Meic riogh ’na dhíaigh go ngreadhaibh gniomhmbrasa

gníomh an díormu-sa a ngliaidh ní deabaidh d[énmh]usa

fúicfid gan díon bá damhna úainghiosa

slúaighleasa ríogh ’na ndúintibh falbha férglasa

sáorcrann cheiníl d’fholaibh an íarla-sa

cobhair fhíabhrasa láochbharr seinshíl Sérlasa.

13 Fann gach bráon re linn an láochrure

barr na láochraidhe do chinn ar gach áon dá fhíalchuire

gach cráobh chumhra ar a glú[i]n ’na gnáthluighe

gach bláthmuine cáomh ag umhla d’úir gach íathmhuighe

fearthain mheala tré mhoglaibh máothbhuidhe

cáorthuile a dtobraibh geala gríanchloidhe.

14 Seóid ’gá sírbhreith ar fhíndigh ’na n-imirghibh

ó ríghdhreich shlimfhinnghil an dílligh dhonnabhraigh

cead súain ó ghreadhaibh ag giollannraigh

do-chúaidh fionndhamhraigh Eanaigh d’ollamhnaibh.

15 Fúair sé geall ar thréidhibh tigherna

é as fearr infheadhma a gcéimibh na ceanadhra(dh) [nó el]

tós a gcathaibh ’gon fhéinidh oireaghdha

dá thréighibh soineamhla fós fachuin deaghanma

móradh céall íarnadhr fhear n-anumhla

ríaradh dhream ndanardha óradh fher n-ealadhna.

16 Ag foghail fhóid Chuinn dá chathbhuidhin

na róid tre chlachmhoighibh Chuinn bá f[l]iochdhomhuin

súaill gach foghail do chóir a chreachmhuirir

leathnoighidh ’na conair mhóir gach mionchonair

gé bheith búaidh gacha feadhma ag flathchuraidh

ré sdúaigh gcarthanaigh Eamhna ní hionchomhair.

17 Fúair clú fá cheann gach neith do neimhdhearadh

dho bhreith na seinleabhar gá clú as f[h]err do hionghoireadh

ar dhíbeirt eachtronn ar fhógra bfhoghloigheadh

fá ghormoirer bFódla na seantonn sriobhroigheal. Geall ré... 7 cetera.

18 Meadhbh inghean Chathail an chúil óirchiabhaigh

finnbhean ghlóirchíallaigh do thúir rothoil dá ríghthréidhibh

a clú dá choimhreic a ngioll ar a gníomhtháomaibh

do fhíorcháomhuin an fhionn oirrdheirc fhíorchéillidh.

19 Bean don fhréimh ó Theamhraigh thiormthoraidh

ní hionchomhair ré a céibh gcearrnaigh gcornchladhaigh

bean ar nach bfoghthair béim ré banchumhail

do fhréimh ghlanchubhuidh gcrothghloin gConchubhuir.

20 Dáilfidh dh’éigsibh fá íathmhagh roBhanbha

an ngéig-sin as tolamhla do dhíanchor a dheaghanma

gí bé theagmhus don fhéil oireaghdha [word missing]

beanr ón coimheallmha réir eaglu(i)s is ealadhna.

21 Mo dhíon do Pheadur ar phrémhaibh mo cheanadhbur

’s nach bfeadur acht neamhadhradh do sgélaibh a sgolfhuigh[b?]eadh

ar dhuthracht a[n tráth?] cá cunnla ceiliobhradh

neimhiongnadh dúthracht don bhláth chumhra choluinngheal. GEALL