Poem in printable PDF format
Geall re
hiarlachd ainm barúin
[NLI G 992,
Nugent manuscript, 35v]
An fer
ceadna .i.
Muirchertach O Cobhthaigh
[Rannaíocht
Bheag, Dán Díreach]
1 Geall re
hiarlachd ainm barúin
íarlacht
don ainm nír fholáir
mór
le riar bladh an bharúin
ar
daghúir ríamh ’na rodhóigh.
2 A[n] barún
iarla an einigh
antnúth ar iarlaibh cuiridh
tnuth
ó chert ríamh re rodhain
terc
a hshamhuil d’fhíadh Fhuinidh.
3 Rothnúth go
bfhuil re filidh
do
chrudh on bharún bearair
tarrla sí ag dáimh ’na deimhin
dóigh
einigh do bhí a Breghaibh.
4 A dhíorma
slóigh ’na sirthibh
na
cóig thíre gur thiomchail
ní do
thár ar chloind gCobhthaigh
thoghthair Goill le clar gCríomthain
5 Fr[io?]th leis
an riar fá raibhe
a
mhían tar ais nach fuidhe
ní
fhéad triall ó mhoidh Mhidhe
file
’sa thoil d’fhíadh ele.
6 Maoir ag tionól
chóig gcánadh
go
Criosdóir lor dá láoidheadh
mithid le cách é d’fhéachain
an
ngébhadh sé gnáth Gáoidheal.
7 Rodhocair diol
a ndiomdha
láoich lé gcosainter colbha
a-táthar fáoi ag fóir Dhealbhna
dá
ndeárna cóir chráoi Chondla.
8 Giall a
gcuibhreach do cuiredh
a
ndiaidh bruidne do bhlodhadh
go
féin nGall tré thegh dteinedh
mall
deibhedh na bhfer bhfholadh.
9 Mac Risderd
d’áth nír imdhigh
dáil
nach dlighend gur dhaingnigh
mithidh dóibh triall go Temhraigh
fóir
Brégmhuigh riam ’na
róidhnibh.
10 Ag sin
aoinbhreth gach eólaigh
an
righe do breith béraidh
féachadh sé cert fán gcánaidh
dá
hsheacht ngráduibh
é d’fhéchuin.
11 Fian Ghall ’s
gan dola a ndeabhaidh
Bánba
fá chomha cuiridh
an
leath toir riamh ’na rodhain
a-noir ghabthair fíadh Fuinidh.
12 Ge romho san
ghleó Gaoidhil
ar
Chriosdoir ní doich dénamh
mór
dtír ’na chairt fa chánaidh
tar
lámhuibh hshíl Airt Éinfhir.
13 Fiú a dtáinic
do thoigh cuirthe [36r]
bráighde a bruidhin gur bheirthe
lía
fear ar nach fuil aithne
a
dtoigh chaithmhe fhear nEithne.
14 Ní
d’fhuighlibh iarraid úmhla
búidhne go mbríathraibh n-a[ndm?]a
lá
glíadh ní meisde a menma
fian
Dhealbhna a leiscce labhra.
15 Ni thiobhra a
ceilt do chomhaidh
iomdha les an mbreith bhearair
do-ni
dá leith d’fhiadh Fhuinidh
cuiridh cliar bhreith le Breghuibh.
16 A sealbh
agaibh at énar
bearna throda nior taobhadh
ód
chúairt láoi don chru chaoilshleadh
clú
Gáoidheal do bhi a mbáodhal.
17 Lá tionóil re
huchd t’enigh
duit
a Chriosdóir as cubhaidh
do-bhir tú do dháimh dhoiligh
clú
oinigh cháigh nach cumhain.
18 Ní gar dhaoibh
dhol a ndeabhaidh
má
frioth do choscc ar chomhaidh
cor
síth agas sé ar slighidh
ridhin le rígh é ar h’omhan.
19 Téid an teachd
tar ghlóir nGaoidheal
a
gceart do-chóidh a sineadh
cairt
ar Bhóin leat gá léaghadh
lér
senadh cóir mhac Mileadh.
20 Ni cosmhail
cur ’na haghaidh
an
bhreath-soin rugadh romh[aibh?]
beir
do bhreith a leac Lughaidh
cumhain leat bheith ag Bre[g]aibh (?).
21 Anamhain ar
iochd t’einigh
ar
hshir d’anacul oraibh
rí ad
chend mar ghiall a ngeimhil
gabhaidh geall ’na fhíadh d’fhodhail.
22 Breath nach
ainíul ar eolchaibh
as
let a bharúin bherthair
coig
geill an t-am fa n-íarthar
fíafraidh d’fhéin Ghall an ngébhthair.
23 Tus na garma
as duit dhleaghar
tar a
dtarla a dtoigh chuiridh
don
nos riamh do bhi a mBreghaib
gach
ri ad dheaghaidh siar suidhigh.
24 Deacair diall
re a ndiol ionaidh
ríar
do dhíorma gur doilidh
mas
beg libh do líon cuiridh
do
lion bruidhen fhir oinigh.
25 Tu a ngliaidh
ar nguin a ríghfhir
ní
fhuil a ndiaidh a dhénaimh
ferg
nach bí ribh ag ríoghain
do
hshiodhaigh sibh í d’fhechain.
26 Gan ghuais ar
chach da gceanaibh
an
trath do-chúaidh fád chomhaidh
bheith gan righ dí nir doilidh
tír
nár hshuidigh rí romhaibh.
27 Díol do
dhiomdha gur dhuilidh
bhudh
hiomdha crioch len cumain
guais
da dti t’fherg at aghaidh
rí ar
fadhail ní cerd chubhaidh.
28 An smachd-úd
as duit dhleaghar
a
bharúin do bhreith dlighidh
leigthear sáor í dot omhan
craobh thoraidh as sí ar slighidh.
29 Láoich ríoghda
nach dóich dhiomdha
sínid
tar ógbhaidh nÉmhna
ní
sgél sin ar chloind gCondla
Goill
ar colbha a dtigh Themhra.
30 Fíu a rug an
t-ollamh uirthe
conair do chur a leithne
an
sgol ní iarr dá aithne
achd
cor aighthe ar fhíadh nEithne.
31 Criosdoir a
céile cubhaidh [36v]
do
Chriosdóir as séd samhail
ní
fada an leim tug Teamhair
a
mBreaghaibh féin rug rodhain.
32 Geill riogh
do-bhir a berna
slighthe tré thír go dtiobhra
má
terc dóibh a n-úair fheadhma
fóir
Dealbhna uaidh as iomdha.
33 Gan triall as
ar a aire
ar
dtaisdeal na n-íath eile
ní do
thríall ó mhuidh
Mhidhe
do
chuir file ríar reimhe.
34 Ni guth
d’einneach d’eis
chomhóil
gan
dréim ré dénamh rolúith
tug
fear gan chúimhne ar camháir
fadháil fhleadh bhrúidhne an bharúin.
35 Réir gach
áoinfhir dá bhfhadhar
ní
saoilte as méd a mhuirir
créd
dob áil do chóig comhaibh
láimh
ré sgolaibh fhóid Fhuinidh.
36 Ag so an clár
ar tí a thilte
a
fhíoch fá lár ni leigfe
ní
ghabh coir far gclar Airt-ne
rádh
cairte cáigh ní chreidfe.
37 Gu locfadh a
n-uair fhodhla
ar
fhocluibh drúagh ní dhiongna
cuma
fáidh le féin nDealbhna
léim
berna an tráth fá dtiobhra.
38 Terc do chách
ar tí throda
tar
tí ’na ndáil da ndruide
ced
suain ar an ath
aige
faide
go bhfhuair cách chuige. Geall re...
39 Inghen iarla
fhóid Mháighe
do-chóidh os iarlaibh d’fhéile
ni
chuir úain ar dhúais ndáimhe
gúais
le Máire buain bhéime.
40 Fuil hShacsan
’na grúaidh gébhaidh
casmhail gan úain ar áoidhidh
a
crodh ní an ré a iarraidh
crodh
fá mhianaibh sgol sgaoilidh.
41 Nír chleachd
coigil chnú n-órdha
dá
clú go cora a dhíamhra
bean
ré bac gcruidh do cháomhna
slat
mháordha d’fhuil na n-íarla.
42 Inghen Gheróid
tráigh thoraidh
do
dháimh as deghdhóich einigh
an
dóich do bhí ag dáimh dhoiligh
cuiridh sí an dóich a ndemhin.
43 Ríbhen gan éra
n-ollaimh
do
médaigh gnáoi do Ghalluibh
deacair buing ré a clú a gcumaidh
cnú
mhullaigh chroinn
ós chrannuibh.