Poem in printable PDF format
A Mhór, cuimhnigh
an comann
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 15].
1 A Mhór
cuimhnigh an comann,
gá dtám dhó, a
dhearc fhochondonn?
ní budh cás
réidhiughadh roinn
ór fhás
d’éiliughadh eadroinn.
2 Ós dá chasaoid
red chéibh mbuig,
tarla dhamh - dia
do neamhchuid -
bíodh nách
foilcheas an fissin,
gníomh nách
oircheas d’innisin.
3 Fa ríor,
do-rinne mise
rem thighearna
tairise,
a shubh chraobh ó
chathraigh Bhreagh,
taom asar
athraigh aigneadh.
4 Do-roinneas
damhna diomdha
ar tosach rem
thighearna,
’s rem lucht
oileamhna, a ghruadh gheal,
fa tuar
doimheanma a dhéineamh.
5 Do dhearbhsad
dó - gá dám ris - ?
drong líonmhar do
lucht aimhlis
ar sduaigh n-úir
mbionnfhoclaigh mBreagh
iomarcaidh dúinn
do dhéineamh.
6 Atáid daoine dá
rádh ruinn
gur chum mé i
ndán d’Ó Dhomhnuill
leattrom, más
fhíor, ’na n-aghaidh
ar shíol
gceanntrom gConchobhair.
7 Mór do-rinne rí
Sligigh
riom fan amsoin
d’fhoidhidin,
rí an tsluaigh
ón chlaidhliossoin Chuinn
’sa bhfuair
d’aimhliosoibh oruinn.
8 Atá sinn ó sin
i le
dá sheachna ón
chrích go ’chéile,
tre fheirg
bhfrithir chloinne Cuinn,
’s do bhithin
doirre Domhnuill.
9 Ar son nár
fógradh mé, a Mhór,
do dhruim a
fheirge d’fhadódh,
mar tám do
hionnarbadh inn
tre Chlár
bhfionnardghlan bhFéilim.
10 Ré bliadhna
agus beagán lais
dúinn gan teacht
dár dtír dhúthchais -
céad bliadhain ní
buaine liom -
uaidhe idir
fhiadhaibh Éirionn.
11 Atá ar gcion
bhós re bliadhain
idir chloinn
Néill Naoighiallaigh,
idir shíol
gConuill ag clódh,
an tsíon oruinn
ag iompódh.
12 Drong ó
bhfuighinn riamh reimhe
sgoth mhuirne ar
fheadh m’aimsire -
caithid
saorfhlaithe fear bhFáil
ar fheadh
n-aonlaithe mh’anáir.
13 Ní bhí oruinn
’nar n-áit féin,
an treimhse
atámaoid aimhréidh
le rígh mhuighe
saoir Suca,
acht aoibh dhuine
dheórata.
14 Muna thí do
Dhia agus díod
mo dhíonsa, a
chiabh na gcaimdhíog,
neart m’anacail
ní fhuil ann
lér luigh
d’anacair oram.
15 Dá saora tú, a
thaobh gealtais,
meise i n-aimsir
m’éigeantais -
breath sin do
dhearbh gach duine -
libh ar sealbh go
síorruidhe.
16 Cóir dhúinn
bheith do bhreith dlighidh,
dá dtí dhíot inn
d’fhóiridhin,
a bhas shliom
bhanamhail bhog,
do chion
mh’anaghail agod.
17 An gcuala tú
na trí heóin
d’éanlaith
iongantaigh aineóil,
a ghéag abhla ó
fhinnTigh Fáil,
tarla d’impir san
Eadáil.
18 Do bhídís tre
bhiotha síor
gach laoi ar
aghaidh an airdríogh,
ós a chionn ag
teachta asteagh,
’s ós cionn na
leabtha i luigheadh.
19 Seacht
mbliadhna do bhádar soin
do ló is
d’oidhche ’na fhochoir,
gan teacht na
héanlaithe ar ais
feacht éanlaithe
’na éagmais.
20 Mar sin dóibh
- dia do phudhar -
gan chodladh gan
chomhsanadh;
ní lór ceólchuire
a gcomhráidh,
sódh eólchuire a
n-iomarbháigh.
21 Tairgthear
uaidh a oighreacht féin,
tairgthear a
inghean ainnséin,
d’fhior aitheanta
na healta,
dárbh aitheanta a
n-imtheachta.
22 Labhrais
macaomh ameasg cáigh,
geallais do chách
i gcéadáir,
tar a mbí dá
dhocracht dó
an rí d’fhortacht
ón iarghnó.
23 Adubhairt ’na
dheaghaidh soin :
“toisg na dtrí
n-éansa it fhochoir,
gi bé ara bhfoil
ainbhfios ann
ní fhoil ’na
fhailgheas oram.”
24 “Atá cúis réna
cóir sgáth,
a impir,” ar an
t-óglách,
“leis na trí
héanaibh dot fhios,
déanaidh í mar is
oirchios.”
25 “Cúis chóra re
cian d’aimsir
ata ag na trí
héanaibhsin,
ó tá an chóir
d’oirichil ort
roimhithigh
dhóibh a dúsocht.”
26 “Bainéan díobh
agus dias fhear
na trí heóinsi
atá id thimcheal;
sgéal bhus cúis
iomráith orra
’na chúis
iongnáith eatorra.”
27 “Innis dúinn
mar is dearbh libh
a ógláich,” ar an
t-impir,
“sgéala gach eóin
don ealta,
fréamha a n-eóil
’sa n-imtheachta.”
28 “Ná ceil oram,
innsidh damh,
an treimhse atáid
im fharradh,
ciodh dob fháth
dona héanaibh,
aniogh tráth a
theisbéanaidh.”
29 “Táinig, a rí,
roimhe so,
gorta” ar sé, “re
seal mbliadhna,
don bhioth uile
do gheabh greim,
ar feadh na
cruinne i gcoitchinn.”
30 “Do bhí sí ar
an ealtain eán,
do bhí ar éignibh
an aigéan;
do bhí ar
thréadaibh an talaimh,
sí ar fhéagain
dob éagsamhail.”
31 “An dara héan
don dá éan -
aige ar tús do
bhi an bainéan,
sí ar feadh na
gorta níor gheabh,
an seal fa docra
a dídean.”
32 “Fuair sí ín
firéan oile,
feadh na bliadhna
baoghloighe,
gach ní dhá
n-uair ’na heasbhaidh,
mar fhuair í san
éigeansain.”
33 “An céidean,
dá dtarla ar tús,
dol ’na seilbh
dob é a iomthús,
do cheart dob áil
a hiarraidh,
ar dteacht dáibh
ón doibhliadhain.”
34 “An firéan
oile is é adir :
sealbh na mná gur
dhó dhlighthir,
ós é tug í as an
aimsin
go rug sí ar an
soaimsir.”
35 “Ráite an
chéideóin ó chianaibh,
do dhiúlt dí san
doibhliadhain :
gi bé céidfhear
’ga mbí bean
nách éidear dhí é
d’éimdheadh.”
36 “Sibhse féin
do bhreith bhreithe
dhóibh tar gach
n-aon d’áirithe,
críoch a
n-adhbhair is í soin,
a rí, d’anmhain
it fhochoir.”
37 Rug an rí do
bhreith bhunaidh
sealbh an eóinsin
d’anamhain,
ar dteacht ón ré
dhocruidh dhi,
don té do
fhortuigh uirthi.
38 Atá sí fo
shéala ó shin,
an bhreathsoin
bheóil an impir;
breath í ararbh
éigin anadh,
ní héidir í
d’athraghadh.
39 A inghean
Bhriain, a bharr lag,
mar sin bhias
m’orláimh agad,
ar gclódh mo
dhocrachta dhíom
do lógh
m’fhortachta óm imshníomh.
40 Ní fhéadaim
dol ód dhreich mhoill,
ní rachuinn fós
dá bhféaduinn,
tre bhioth síor,
a ghruaidh ghealtais,
’s mo dhíon i
n-uair mh’éigeantais.
41 Déana dhíom
duine dhuit féin,
a ríoghan Rátha
saoirNéill
ní foláir dhamhsa
agus duit
m’annsa
d’fhogháil ’na éaruic.
42 Cuir rem
dhíon, a dhreach shéanta,
dá mbeith go
mbeith doidhéanta,
red chéibh
ndlúithshlim, red ghlaic ngil,
do mhúinfinn dait
a dhéinimh.
43 Ná tógaibh ris
an rosg mall
go beith réidh
dúinn ’s do Dhomhnall;
ná caith, ná
cagail a chrodh,
ná habair maith
do mhóradh.
44 Ná tuill clú,
ná cosain guth
d’Ú Chonchobhair
chláir Theamhrach;
bí duilbhir ar
feadh bhfleidhe,
ná cuimhnigh
fhear d’áiridhe.
45 Ná heirg i
slánaibh síotha,
ná ceannsaigh na
coigcríocha,
a rún céillidh, a
ghnúis gheal,
ná réidhigh cúis
ná caingean.
46 Ná hionnail
bais ná bruinne,
ná an déad ar
dath néamhuinne;
ná tarr i gceann
slóigh Sligigh
fa cheann óil ná
oirfididh.
47 Ná daingnigh
riaghail ná reacht,
ná bac easaonta
h’oireacht,
síoth dot fhilidh
go n-oghair
ar fhíoch cinidh
Chonchobhair.
48 Iomdha ní
do-ní tusa -
má taoi ag cur
rem chaomhnasa -
a bheithir
chorcra Chnuic Bhreagh,
is docra dhuit do
dhéineamh.
49 Rodhocra dhuit
na dairghe
do chlaonadh red
chomhairle,
fill mar an
bhfiodhbhaidh dtoraidh
diomdhaidh chinn
ó gConchobhair.
50 Ciúnaigh
fheirg airdríogh Duibhe,
fearg an chuain
mar chiúnaighe;
mínigh fraoch
anfaidh an fhir,
mar bhalbhthair
an ghaoth gheimhridh.
51 Na srotha
binne balbha
mar bhíd uaid gan
urlabhra,
usa rí Cairbre do
chosg,
mun ní fá dtairge
a theagosg.
52 Foghla cháigh
mar choisgeas sibh,
cuirthear aradha
éigin
red ghnúis ndeirg
míonfhoclaigh moill
ar fheirg
ndíogholtaigh Dhomhnoill.
53 Mar sheargus
sibh na sreabha
nách iomchruid na
héigneadha,
dob orusa a searg
mar soin
fearg na folasa
Fiachoidh.
54 Mar thrághas
tú tonna an chuain,
’san sín
n-ainbhtheanaigh n-adhfhuair,
tráigh a bhfoil
d’fhíoch ret ollamh,
ag soin críoch ar
chanamor.
55 Dá raibh tú re
Meidhbh, a Mhór,
feadh ar gcogaidh
do chlaochlódh,
cur im aghaidh ní
fhuil ann,
tar a bhfuil
d’fhalaidh oram.