Poem in printable PDF format
Gearr mhairid na
mionduasa
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 67]
Aonghus mac
Doighri Í Dhálaigh .cc.
1 Gearr mhairid
na mionduasa;
mairg dhiúltus
dán na bhfileadh;
saoilid daoine
diombuana
nách buan clú ar
a mbí biseach.
2 Dán na
bhfileadh bhfocalghlan,
buaine sin ná na
séda;
an té riamh nách
romholtar,
ní buan mhairid a
sgéla.
3 Truagh nách
tuigid triathfhlatha
ris nách áil clú
do chosnamh,
nách fuil acht
sealbh iasachta
san chrodh nach
bí dá bhronnadh.
4 Lucht an oinigh
fháithbheartaigh
ré ndáiltí duasa
troma,
ní mhair duais
dár dháiliodur
’s mairid na
duana molta.
5 Cia hoile ’sna
tráthuibh-si
do chine Ghoill
nó Ghaoidhil,
ó [a] bhfoighthr
fiú snáthuide
do chionn duaine
nó laoidheadh?
6 Acht a-mháin na
mílidh-si,
fuil Raghnuill,
róimh na héigsi,
tearc fear acht
fear fírinne
dhíobh a
ndeaghuidh a chéile.
7 Oighre Fiacha
an féinnidh-si,
ós chuige a-tám
dá tharruing,
trom dhó a
n-oinioch d’énoire,
giodh mó an
t-eire ná [a] acfoinn.
8 Mór bhfile
fuair neimhéra
ó mhac Fiacha, an
fiodh taraidh;
is iad na croinn
cheinélta
as mó cnuas do na
crannaibh.
9 Guais dó fádh
ar gcairde-ne,
cneas seang dá
bhfeacuidh féinnidh,
d’eagla íoca an
airligthe
rinn a n-aimsir
an éigin.
10 Duais mo dhána
ramholta
dá gcongbha mac
mhic Aodha,
ní dóigh inn dá
athmholadh
’s ní mó fhédfom
a aoradh.
11 Acht giodh
eadh, ní chuirfiod-sa
mo shúil
d’oinioch laoich Laighion,
ní as a ttuillfe
ar mbuidhiochus
cuirfe am cheann
a gcrích Maisdion.
12 Ní bu móide a
mhídheithfir,
breith [a]
bhuadha a mbeirn gaisgidh
sealbh
oighriochta an fhíreinigh
do bheith
d’áiridhe aige.