firstLine"; ?>

1064. Gearr o Dhomhnaill deanamh leannain $
Length: middling 16qq
Certainty: 0
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 3(23/L/17) S.OMurch.na Raith.1744-
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. imagery for patron
  3. qualities of patron’s character
  4. nobility of ancestry
  5. poet as patron’s lover
  6. poet-patron relationship
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Airt
Patron Surnames:
  1. O Caoimh
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Gearr ó Dhomhnall déanamh leannáin

[RIA 3 (23/L/17), 31b]

[Séadna, Dán Díreach]


1 Gerr ó Dhómhnall dénamh lennáin

labhairt riom ní rig a leas

budh é a ciall ar n-uaim rer-oile

do-chuaidh grian ar ttoile a ttes.

2 Ar mhes Dómhnall dia do thuigsi

a-tá am íntinn eolus séimh

re cian d’aimsir ar tí a thogha

nír aimsidh sí a chora a ccéill.

3 Leannán damh-sa budh díobh Domhnall

dregan toghtha thuilleas báidh

sgotha geg bhfíorghlan gach fine

do thréd líonmhar tighe Táil.

4 Caruid do-san deimhin lem-sa

leca chorr go ccaoimhe ccnis

bas tromdha do chine[adh] churadh

forghla file[adh] Mhumhan Mis.

5 A-táid leam-sa ’na lucht cumuinn

craobha cennsa gan chéim ttláith

an tslat don choill gan chiaidh n-einigh

biaidh ar an ndroing mbleidigh mbláith.

6 Nó go bhféchuim uaisle a ccineóil

ní charuim dhíbh-séin mac mná

fios a ngníomh uile go bfhaghuim

duine dhíobh ní thoghuim trá.

7 Ar shuaimhnes ar shaoire a mhaicne

an mac-so Airt do fhéch sinn

ní théid ar fháith dhinn gan fhéchadh [leg. d-]

sgáith a ngnímh do léaghadh linn.

8 Tugus mh’úidh da airghibh dedla

Dómhnall Ó Caoimh ciabh go ndíg

brec linne do leasfhuil Mhogha

mesuigh sinne a thogha thríd.

9 Láimh re chéile do mheas mise

an mheinn chennsa dán cóir toil

an cru(i)th donnbhán an dúil chaithmhe

’s cómhrádh búidh an ghairthe ghloin.

10 Measuim eisen ar uaill n-ísil

ar airde ghniomh ar ghnúis tais

ar chéill shéagainn ar mhéid menma

fégaim an ngéig leanbdha lais.

11 A-tá m’ínntinn d’éis a mhesda

ar mac Airt an érla chlaoin

ag lighe mur leannán tsuthain

bengán t’fine chruthaigh chaoimh.

12 Fiaghuidhe conchair chiomhuis ghlennas

glac chraobhnuaidhe chasda sledh

mar chnuas caorthuinn dá chrú lasmhair

cnú do chaomhchoill bhosgloin Bhredh.

13 Aithightheoir a hionad mbaoghuil

beithir engbhuidh fheithes tír

slios maothbhán go medhradh ttoile

baothghrádh menman soighe sídh.

14 Aoibhioll cerdcha coileán leoghuin

lámh ren cubhuidh coimhthe an ghuirt

gnúis fhialnár nachar ér filidh

frémh do ghrianlár chinidh Chuirc.

15 Caomhthach deoradh drithle coguidh

cnes chodlus ar cherchuill renn

érla snoighte na sledh ngoile

fedh oidhche ’na ghoire is gerr. Gérr...

16 Mo dhíon tar toil na ttrí námhad

do-ní Ó(i)gh is uaisle frémh

’s ar an ccíoch ga cerd is docra

’s ar fhíoch na ndelg ngonta ngér. Gerr...