Poem in printable PDF format
Gion go gcarthair
cara siur
[McKenna,
Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 13]
1 Gin go
gcarthair cara siur
anfaidh gan a
chara ar gcúl
snas an fhocail
gémadh ál
a rádh is glas
docair dhúnn.
2 Is í breath do
béarthaoi air
gé do féaghthaoi
fa seach sibh
gurab í an tsiur
as teo toil
muna fhoil ceo ar
iul gach fhir.
3 Toil ar meanman
dleaghar dhínn
treabhadh dá
ndearnar ’na dhiaidh
dlighthear annsa
i n-aghaidh gráidh
cáir damhsa a
shamhail dom shiair.
4 A fhagháil madh
áil ón mhnaoi
grádh d’fhagháil
nír fhaláir dhí
ní sirthear acht
ar eacht é
searc an té ar a
sirfeadh sí.
5 Máthair agus sí
’na siair
ní bráthair an tí
nach túir
a-tá bheith i
mbun an ghaoil
ar bhreith
dhaoibh nó a chur san chúil.
6 Mór bhfear
lénab ionmhuin í
i n-ionbhuidh a
chean do chaoi
iongnadh a mhéad
tá ar a tí
’s nach bí éad
mná ris an mnaoi.
7 Dá treoir ní
budh tugtha cor
’na deoidh do
budh dulta ar neamh
siur do imthigh
an t-iul glan
nar ghabh iul
timchil as teagh.
8 Siur ar
dtoghuine i dtigh Dé
siur sin dán
roghuire an rí
banógh nach bean
mar gach mnaoi
do bhaoi seal ar
anshógh í.
9 Do bhí fa
dhaloi ag Muire mhóir
Muire agus gan
mhnaoi ’na péin
mac Dé ar fóghra
ó thír do thír
ní budh brígh lé
a fóbra féin.
10 [Fionnoire]
nar mheadh don mhnaoi
gá ionghuire ar
fheadh a ré
neimhréidh fan
mbochtacht do bhí
si ag fortacht
deidhbhléin Dé.
11 Mac Dé ar
eachtra agus an ógh
an é nar dheacra
iná ar ndíon
gan ar a sgáth
achd sí ag saor
an chraobh dár
bhláth rí na ríogh.
12 Tig cealg
fhalaigh ar an óigh
’s ar an leanb
dár labhair Eoin
an oidhidh nach é
do thuair
go bhfuair oidhir
Dé fa dheoidh.
13 A brón gin gur
bh’oil dá haois
do loigh do budh
lór do sgís
ar Muire óigh
d’eire a báis
eire budh pháis
dóibh ’n-a ndís.
14 Anaidh ’n-a
chomhghar gá chaoi
gan charaidh ag
congnamh lé
achd gur
leathlámh ar Eoin í
do bhí ar
seachrán i ndeoidh Dé.
15 Do gheall sí
an maicsin dá mnáibh
d’fhaicsin agus
nír bh’í a ndóigh
buime an leinbh
gá gcur ar céill
a sgur féin gér
fheidhm don óigh.
16 Do bhí an mac
fa martra lé
’n-a dhalta is
’n-a mhac don mhnaoi
do chaoin flaith
nimhe ar dhá ní
gur chaith sí a
cridhe re a chaoi.
17 A sgarthain an
uair do b’ál
ris an uaidh do
athraigh seol
ar a leanb do
luigh an ógh
nír mhór nar
fhuil dearg a deor.
18 [San] lia ’n-a
éanar gan óidh
ní sgéaradh re
Dia dá deoin
cead na hanamhna
ní uair
beag nar smuain
anumhla d’Eoin.
19 A chaoineadh
mar budh dhú dhí
gá dtú achd nír
mhaoidheamh don mhnaoi
do shil an réadla
ar ndol Dé
an ré ar an gcor
gcéadna ag caoi.
20 Ní rabha fa
masla mhór
’s [mo] chara gum
charsa ar eol
ball ’n-a churp
nar treaghdadh tríom
bíodh ré hucht
deargadh na ndeor.
21 A hoidhre lér
hosgladh neamh
brosdadh dom
choimdhe ar dhá chor
a horchra agus a
gníomh glan
foghtha dhamh
síodh ar a son.
22 Do gabhair
Moire fa mhian
do chabhair gach
dhuine dhíol
a lochta do leagh
an ógh
mór bhfear nar
dhocra mo dhíon.
23 Fuaras
briathra [ó] bhfuighthí fail
dá gcuirthí ar na
briathra bail
an glór diamhair
a-déar ribh
ní sgéal sin gan
fhiadhain air.
24 Neach do bhí
umhal don óigh
ris nar tubhadh
ní budh náir
nach tug san uile
bhan brígh
nír char díbh
achd Muire a-mháin.
25 Lá dá
[gcualadh] comhdháil mhór
san chomdháil
[uabhar] nír fhaomh
[ag] Moire do
ansan uadh
sluagh Saghsan
roimhe san raon.
26 Do mhian an
aonaigh nir fhéach
maolaidh a mhian
fa mian bhaoth
téid ar dtós go
teagh na dtráth
a nós gnáth do
lean an laoch.
27 Ón choraidh
nar fhéidear é
san éigean do
fholuigh sí
lá an ghaisgidh
fa bhuaidh do bhaoi
a ghnaoi is i
n-aisgidh fhuair í.
28 Do maoidheadh
a chlú ós a gcionn
ar sgaoileadh
[insan gcrú] crann
téid an té nar
thuair an geall
i gceann an
tsluaigh do b’é a am.
29 Ni chreideadh
ar chan an sluagh
a bhladh nír
leigeadh fa lár
a ghníomh gá
ghabháil i mbéal
an sgéal fíor
d’fhagháil nar bh’ál.
30 Do b’é sgéal
gach dhuine dhíbh
sgéal achd sé ní
fhuighe uainn
do budh neimhní
dháibh [do] dhréim
[led] láimh féin
do beirthí buaidh .
31 Maoidhthear a
ghníomh fa gníomh moch
do shaoilfeadh
lér shíol dá rath
san chluiche gidh
bé do bheath
gur bh’é neach
budh mhuiche a-mach.
32 Fuaras anáir
as fhiu gnaoi
a fagháil gin gur
fiu mé
do aithin croidhe
an fhir í
is í Moire sin ar
sé.
33 Clú an
sgeoilse do an air
San Seoirse fa
chlú do chuir
gur hiomchradh lé
oire an fhir
’s é is-tigh ó
Mhoire ’s a-muigh.
34 Ón ríoghraidh
do cháidh fa chlú
tres an míorbhail
do ráidh riu
biad fa dhaoirse
dhí ’s do Dhia
ní as sia rer
mbaoisne ní bhiu.
35 Tug anóir ar a
dhruim dí
fa chuing don
bhanóigh do bhaoi
ar ngabháil an
lása lé
sé ag fagháil
grása agus gnaoi.
36 Gomadh éidear
is é ar rádh
mé mar an
gcéidfhear do chlódh
San Seoirse gér
ghloine ngníomh
bríogh an
sgeoilse ar Moire mór.
37 Táinig adhnadh
nósa an naoimh
don lósa dár
labhradh uaim
mar an lá téarná
a-tá m’óidh
fóill gach éanlá
go Lá an Luain.
38 Lámh linn ar
do bhreith ní bhia
ná feith sinn san
támh i dtú
a bhanchara gidh
dhíonn dó
i ló sgarthana an
ríogh rú.
39 Ní héadóigh mo
theibe thall
éagcóir muna
leige linn
dá n-aomhtha coir
tar mo cheann
fearr mo dhóigh
nach saorfa sinn.
40 Dá láimh chlí
a-támaid ag triall
id chlí gé
thánaig dár dtúr
do mhac Dé achd
go ndlighthear gaol
an taobh clé do
dhlighfeadh dhúnn
41 Tairg a char
d’aontail is iad
sul rabh red
ghaoltaibh a ghrúg
it éagmhais a
fhalt na ngéag
créad do
ghéandais san alt úd.
42 Féach meadh ar
lochtaine ar lár
lean do
bhochtaine is do bhrón
a shúil ghorm dár
ghoire déar
féagh ó chroidhe
orm a ógh.
43 A airdbhean
don fhine as mhó
a mhaighdean gan
righe ria
a bhean ghrádha
ós ghnaoi gach mná
a-tá ’n-a mnaoi
dhála ag Dia.
44 Do cheannach
budh dú go daor
tú an t-eallach
agus an t-ór
bronntar don
fhior lénab ál
a lámh na
mbronntadh mion mór
45 A bhuille
bháire na mban
a sgáile na
tuinne is teagh
a thrilis fhiar
nar fhaomh cion
a chraobh ós
fhiodh a ghrian gheal
46 A thobar ar
nach téid trágh
ó dtéid an cogadh
ar gcúl
a shnaidhm síotha
na sé slógh
a chlódh fhíocha
Dé na ndúl.
47 A fhurtocht an
bheatha bhí
do bhochtacht nar
mheatha mé
a eidhnéin an
fhíona naoi
a dhlaoi dhíona
deidhbhléin Dé.
48 A chuirm na
n-easbal ’s na n-ógh
a mhuirn nach
measdar go daor
a chridhe gan
shal a shiur
a iul glan nimhe
na naomh.
49 A bhaincheann
an uile fhear
a Mhuire a
bhaincheann na mban
is ar do sgáth as
dú dul
tú as bhun do
chách gin go gcar. Gion
50 Bráthair bocht
as daingean dúnn
is aingeal gan
thocht re a thréan
tugtha [d’aoidh
mogh] don dá mhaor
ni gaol ar son
gaoil do ghéan. Gion.