Poem in printable PDF format
Glóir is moladh
dhuit, a Dhé
[Walsh, Paul:
Gleanings from Irish Manuscripts, sec. ed., Dublin, 1933,
115-6]
Mac an Bhaird .i.
Giolla Pádraig
1 Glóir is moladh
dhuit a Dhé
tú an flaitheas
ga bhfuil buain-ré
tú do bhí san
chlí gan choir
is tú an rí ós na
ríoghoibh.
2 Tú do
chruthaigh an chruinne
tú an sósar ’s an
sean-duine
tug crú do
chneadh ar ar son
tu neamh agus tú
talomh.
3 Leat do cumadh
an teach thall
tú an saor do
ullmhaigh iofrann
lá na hainfine is
tú tig
’s as tú an
tairngire táinig.
4 Tú óghdhacht
mín-bhronn Muire
tú an diadhacht
fuil dhaonnaidhe
tú an tí do
caitheadh far gcóir
tú an rí as
t’athair í n-éan-ghlóir.