firstLine"; ?>

1071. Gluais a litir go Lunndain $
Length: middling 21 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere London
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 888(12/F/8) O’Curry trscr. of RIA 5
  2. RIA 5(23/D/4) 17th cent. Munster
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no.39
Motifs:
  1. poet absent from patron
  2. writing poetry
  3. Lapse of Gaelic ways?
Poet Christian Names:
  1. Fearfeasa (RIA 5)
Poet Surnames:
  1. O’n Chainte
Patron Christian Names:
  1. Finghin mc Donnchaidh mhc Dhomhnaill
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh d. c. 1638
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gluais, a litir, go Lunndain


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 39]


Fear Feasa Ón Cháinti .cct.


1 Gluais a litir go Lunndain,

ó’d-chí aidhbhle mh’fhíorchumhgaigh:

reic mh’inmhidh, nárab leasg libh,

imdhigh bhú-dheasd is deibhthrigh.


2 Tuig mh’urchóid re hathaidh,

luathaidh féin fear h’iomachair;

ná bí a bhfad, dá bhféadair libh,

ná stad go féagain bhFinghin.


3 Aoibhinn duit dul dá fhéaghain,

a bhille bhig bhoirbsgéalaigh,

is é do bhreith oirbh as mh’uchd,

is bheith ar th’fhoirm ag amharc.


4 Truagh nach roichimsi a riocht eóin,

nó a ccruth airdreannaigh aieóir,

tar muir mbraitfhinn dtaobhfhuair tréin,

go bhfaicinn aonuair eiséin.


5 Ó’s críoch duitsi dul ’na cheann,

d’éis t’oslaigthe go haithghearr

rem rann d’fholaibh na n-oireacht

labhair thall mo theachtoireacht.


6 Dot osgladh an uair bheithir,

cuimhnigh dona céidneithibh

ar mbeannaichtne do dháil dó,

’sar mbáidh ceangailte ón chéadló.


7 An dara ní is nochta dhuid

do Mhág Carrthaigh, dom charuid,

an cás searbhso a bhfoilim féin,

gidh doibhinn leamsa is leisein.


8 Reac a ttrice mar tá mé

ón chomharsain go chéile,

mar ubhall ó thuinn go tuinn,

ag fulang luim is leattruim.


9 Innis dó, diochra an siobhal,

nach faghaim a n-éinionadh

a ngar don bhliadhain a mbáidh (?)

ní ciallaidh damh mar díoghbháil.


10 Ní bhraithim a ndúthracht damh,

Clann Charrthaigh dar chóir móradh;

siad na ndaoinibh mar gach ndreim,

más Gaoidhil iad ní aithnim.


11 Re cheannach nó gan cheannach,

aonfhód, anba an t-aithearrach,

ní fhaghmaid ó dhuine dhíobh,

tarnaig ar n-uile fhairbhríogh.


12 Má tá-san mar atáid damh,

measaim nach maith mo thorchar,

do chaill mé an sáirfhine sonn,

’sgan é d’áirithe agam.


13 Re mac Donnchaidh mhic Domhnoill

reac, a bhille bhriatharmhaill,

gur thréig mé Éireanncha air,

gidh é is déidheancha dearbhthair.


14 Má tá ag Finghean, muna bhfuil,

áit éintighe d’iath Fhionntain,

fóireadh m’fhorraoin, madh áil leis,

ar bháidh nó ar chommaoin ccairdis.


15 Nó ar mo bheith air ag oirchill,

nó ar an éigsi iomairchim,

nó ar ar ndualas sonn go se,

nó ar an dtrom fhuarus uime.


16 Ná cuireadh d’fhiachuibh ormsa

triall sonn a sín chodarsna

tar ardmhuir cciachdhuibh ’na cheann

ó arduibh iarthuir Éireann.


17 Lór dom fhuireach ó eachtra,

dá mbeinn éasgaidh n-aigeanta,

dom pearsain más pudhair leis,

easbaidh culaidh is costtais.


18 Cách thoir ni tuigfidhe liom,

’s ni thuigfidís uaim mh’fhuighioll;

gidh beag leam a ndéinim dhi,

a nÉirinn is fhearr mh’éigsi.


19 Cia is iontaobhtha d’fhearaibh Breagh

díomsa dá ndeachadh Fínghean?

dá ndiúlta meisi, um láimh liom,

báidh ar sheisi ní shirfiom.


20 Fágbhaim an t-adhbhar faoi féin,

ní beag nod d’fhior mur eiséin:

fíoradh mo dhóigh druim ar dhruim,

sgríobhadh mar as cóir chuguinn.


2l A liteir láimhe Fínghin,

tú an luibh fhóirfeas m’fhairbríghneimh,

dearbh do bhuantoil le barr luais,

tar dom ruachtain is roghluais.