Poem in printable PDF format
Goin deise
chailleas cluiche
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 68]
Donnchadh mhac
Eochadha .cc.
1 Goin deisi
chaillios cluiche,
mór bhfáidh ar a
bhfionnfaithe;
do bhean treisi
d’fhuil Oilill
guin deisi don
deaghfhuirinn.
2 Fríoth goin as
fhachuin orthuibh,
dias fuair geall
ar ghníomharthuibh;
fríoth ar faill
inn dá aithle,
do chaill sinn ar
sáruighthe.
3 Mairgrég Mhaol,
baincheann na mban,
a goin-si is goin
a bráthar,
don mhoir ar
chonfaidh do-cháidh
in dá ghoin
orthaibh d’fhagháil.
4 Ní fríoth ’na
ndiaidh cnuas ar choill,
easbhuidh éisc ar
gach abhuinn,
dearbhuidh cách
moir gan mhaoine,
dá ghoin dob
fháth égcaoine.
5 [An] mhuir mhín
ná [an] mhuir anfaidh
dá bás ní fhuil
ionarthruigh,
bás do chuir
mionshruth a méid,
siobhlach an
mhuir tré Mairgréig.
6 Mar sin an t-am
fa dul dhi,
ó Bhearbha go
bruach Siúiri
mór a-tá a gcás
cumhadh
ó bhás na mná ar
mearughadh.
7 Marbhadh Seaáin
is dioth dúinn,
beagán i fá n-éir
fothnúidh;
ní léir uaidh
amhghur dá mhéd
ón uair do
marbhadh Mairgrég.
8 Ré fhada ní
iarrfa sinn
d’aithle in dá
chás do-chluinim;
fá chás na deisi
do dhul
meisi ’gan bhás a
mbaoghal.
9 Fuarus scél, is
meisde mé,
Dia hAoine d’éis
na Máirte,
is adhbhar dáilte
déar damh,
scél na Máirte
dár meadhradh
10 Bás Seaáin is
sé do-bheir
teirce toraidh
gach innbheir;
ní bhí toradh
craoibhe ar choill
d’fhoghal na
hAoine oroinn.
11 Síol
gCriomhthuinn gan chuimhne ar threas,
gan aire ar ól ná
ar aoibhneas,
gan choimhéd ar
mhéd meanma
d’ég na bhfoighég
bhfíneamhna.
12 Níor bheag
dhúinn éinlén d’fhagháil,
mairg oirios dá
n-iongabháil;
ní maoite déinimh
dér ndonn,
dá lén do éirigh
orom.
13 Tairm in
chuain do mhear meisi
ag caoineadh na
cloinnei-si,
an cuan dá chur a
reachtuibh
fá [a] ndul uadh
a n-aoinsheachtmhain.
14 Clann Aodha a
ttús a tteasda,
bás ré a n-ég ní
hinmheasda;
mó a cách ar gcás
fán gcloinn-si,
fáth asar fhás
m’atuirsi.
15 Roghain
cloinne Cathaoir Mhóir
do dhul uainn
gérbh fháth dobróin,
cá bríogh a
n-aghann an t-ég
díobh ó nach
marann Mairghrég?
16 Bás
Mairghréige do mhear sinn;
dá feis táinig a
tuitim,
dul go Laoighis
do chló ar gcion,
aoinfheis as mó
lér milliodh.
17 Glór Fionntain
táinig as-teach
d’inghin Aodha
(is iúl direach);
níor mhol sé
cleamhnus a gcéin,
do dhearbhus é ar
a n-oilbhéim.
18 An t-ég ortha
dob fhear iúil,
fonn Branach na
ttonn ttaidhiúir,
rug dá én
d’fhírealta an fhuinn,
dá lén
ríshleachta Raghnuill.
19 Adhbhar tuirsi
mur tá a-niugh,
treisi
laochruidhe Laighion,
a ttrén do-chóidh
a gcrothuibh,
dá nél bróin ós
Bhranochuibh.
20 Clann
seabhaic, crú Chathaoir Mhóir,
aniú acht ag
dénamh dobróin,
mall ar
gcríochnughadh fán gcloinn,
dá ríoghthamhan
chlann gCriomhthuinn
21 Do thuigiodur
nár lór linn
gan dul dúinn tar
ar ndíchill,
as ar gcaoimhe im
chloinn Sadhbha
na daoine ag
boing barumhla.
22 Ón
chineadh-sain Chathaoir Mhóir
’na ndiaidh dá
n-aghmaois onóir,
ní thig dhíobh
clódh dár gcumhaidh,
dár mbrón ní
bhíodh barumhail.
23 Mar tháinig,
cian bhus cumhain,
fáth ar ndiomdha
ar Dhanuraibh
fá cheann
Mara-grég do ghoin,
fala ar an ég ní
hionchuir.
24 Tearc duine
lér saoileadh soin,
a bhuaidh do
bhreith dá bhiodhbhaidh;
ar ghoin do bhí
an báire,
do loigh sí ar ar
Seaáin-ne.
25 Inghion Aodha
an uair do mhair,
ní clos ar feadh
Fhóid Fhiontain
bean a haoisi do
bhéin bairr
don mhnaoi-si do
fhréimh Raghnuill.
26 Níorbh éidir
dóibh dul gan ghoin
ó [a] ttarla
d’iomrádh orthoibh,
fáth a n-iomrádha
is é soin,
dá ré iomlána ar
fhéaghoin.