Poem in printable PDF format
Grádh fá thuairim
tugus d’Aodh
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 5]
Donnchadh Mac an
Chnáide .cct.
1 Grádh fá
thuairim tugus d’Aodh;
an tuairim tugus
is truagh;
’ga taisgidh atú
’gum chrádh
grádh ní dú i
n-aisgidh monuar.
2 Atá ’na
thoirrsi ag tocht riom
grádh nach coimsi
dha fholt fhionn;
gidh maith an
grádh, ní hé as fhearr;
do mheall mé ’s a
chrádh im chionn.
3 Tig an
cleachtadh rinn fa ríor
do chlechtadh
sinn taobh re taobh;
tug taisgidh
cumhadh im chliabh
faigsin fhian
Uladh gan Aodh.
4 Do bhí úair nár
saoileadh sin
go rí sluaigh
Gaoidheal do ghuin
is ionnsa a Dhé
an fáth fá bhfoil
cách astoigh agus
mé amuigh.
5 Do hobadh
gabháil ar ngáoil;
m’anáir as tobar
do thráigh;
do chúaidh gaol
na n-uile úaim
ó do chúaidh Aodh
Buidhe abháin.
6 Sgéala ’ga
thechtoibh ón troid
déra rem
dhercoibh do dhruid;
an sgél roimhe
don té tug
tug sé ar
gcroidhe ’na dhá chuid.
7 Faríor isé as
doilghe dhúinn,
ar ndíon dobé
oighre Briain,
ní bhia ar mo
chradh ó do chóidh
tóir muna rabh
Dia ’na dhiaidh.
8 Gibé do chách
bhus ní anocht
dá dtí ní budh
tráth dhá thecht,
fada dháibh a
n-uain rem ucht
an lucht lérbh
áil uaim a fheart.
9 Caoinfidh mé ’s
ní mé amháin
mo threisi ag an
té ’ga mbínn;
caoinedh gach
draoi a dhuine féin
ag caoi í Néill
Bhuidhe bhím.
10 Ar bhfagháil
cluiche ar íbh gCuinn
m’anáir as
cluiche do chaill;
ar tós gion go
n-éarthar inn
do béarthar sinn
fós i bhfaill.
11 Dobé m’urra é
’gan ól,
mé fa hurra da
gach aon,
dá reic dá
bhfaghuinn an fíon,
meic ríogh ní
fhaghaim mur Aodh.
12 Meisde mé
m’anáir ón fhior,
gan í d’fhagháil
ó nach mar;
gidh beag fáilte
ar dteacht asteagh,
is tearc fer a
dáilte dhamh.
13 Dáil a dhuas
go dul í Néill
mur budh cnuas ag
dul do chraoibh;
ní fhuighe file
acht a bhfuair
ód chúaidh bile
mhuighe Maoin.
14 A dtaradh ag
cor na gcrann,
dá dhol; do
gabhadh a ngeall;
do mhac Briain do
chlaon gach coll;
’na dhiaidh ní
chrom craobh a ceann.
15 Bás í Eirc
seach cách a chúis;
fás na mbláth is
ceilt an chnúais;
céim do dhuine
idir dhá dhéis
d’éis í Néill
Bhuidhe fán mBúais.
16 Téid leis an
ngaoith grán na ngort
tar éis an laoich
fa lán d’iocht;
ní thabhair sí do
ló lacht
ní mart bó gion
go mbí bliocht.
17 Trén meisi go
deghuil dún;
’na dheghaidh gan
treisi atám;
truagh nár
haomhadh ar ré araon,
mur shaoghal
d’Aodh is sé slán.
18 Mo theisd ar
Aodh na n-arm nua;
mín Aodh acht gur
gharbh a ghleo;
ní rug do bhreith
nár dhú Dia
acht tú fán lia
’sar mbeith beo.
19 A dtreabhthar
is díoth od dhul,
ní geabhthar
críoch ina chion;
gion go gcobhair
an úir d’ar
súil re cradh ní
fhoghain d’fhior.
20 Gan phuinn dá
goradh san ghréin;
gan toradh i
dtuinn nó i dtír;
gach learg ar
leaghadh a clúimh;
dearg an úir nár
treabhadh tríbh.
21 As uain dom
dhula, ca d’ulc,
do thruaill an
chumha mo chorp
tug sé gan
aonduine ar t’fhert
mé ar dteacht mo
naomhuidhe anocht.
22 Dá léigthi a
Aodh let fholt nua
an dá thaobh ar
ghort fa ghleo
tú id bheathaidh
ó char do chlú,
ní dheachaidh tú
is do bhladh beo.
23 Ríoghradh
Fódla ag techt dot thoigh
led cheart
d’fhógra ó mhuir go muir;
cor, a Dhé, ar an
saoghal sin,
sibh t’aonar acht
mé ar do mhuin.
24 Ní hí an mhuir
do mhear amháin,
do thuil gach
sreabh leis an sín;
má tá is do
dhubhadh fa dheóidh
an lá reóidh ’na
thuradh thríbh.
25 Gan bláth le
ferthoin ar fiodh;
a dtreabhthoir
gan chách dá chur;
olc an geall an
úir le har;
ní fearr an cradh
dhúin od dhul.
26 Beag feasta
léagar ’nar láimh
d’ar dtégar ó
thesda Ó Néill
ní huain do
theicheadh ’nar dtír,
do chuaidh dhínn
ar bhfeitheamh féin.
27 Rí dha fhréimh
ní fhanuim air,
Ó Néill charuim
gion go gcluin;
gabhthar laogh
oile le hoigh
toil mo chroidhe
acht d’Aodh ní fhuil.
28 Ní thug flaith
a dtug ó thús;
ní rug maith ar a
mhaith fós;
mac Briain mur do
bhí go bás,
fás ina dhiaidh
do-ní a nós.
29 Le náire ar a
uaigh ní an,
tar mhac Áine do
chuaidh cor,
ní chaoinionn sí
acht Aodh, gidh eadh,
bean is í fá a
gaol ag gol.
30 Eamhain gan
éinfher ’ga húaim;
Temhair gan
déinemh ’na dhiaidh;
ní fhagh damhna
ar ndol í Néill,
cor a sréin re
Banbha Briain.
31 M’éigin gach
n-oidhche ’s gach laoi
ní héidir nach
muirfe mé,
dh’éis í Dhuach
chráidhes mo chlí,
áines don tí ler
fhuath é.
32 Ar gcur í
Eachaidh fá fhód,
dá dhul ó nach
deachaidh síad,
marthoin
d’éigsibh is Aodh d’ég
créd do shaor ón
égsin íad?
33 Gan díon i
ndoininn i dtigh,
madh soinenn budh
síon go neimh;
guidhe leis an
ngréin ma a goil
goin í Néill
Bhuidhe do bheir.
34 Is í an
ráithsi ráth na ngíall,
fa gnáth rí ar an
áitsi ag ól
ag sin an bile
aga mbíodh
fíon an fhir ’ga
ibhe i n-ór.
35 Ó nár léig Dia
a damhna lé
Banbha ní bhia
mur do bhaoi;
deireóil Éire tre
fhlaith Lí
céile do-ní maith
dhá mhnaoi.
36 Teann an sgél
sgarthoin ó gCuinn,
gan trén nach
bhfaghthoir i bhfaill;
do dheireadh
sluaigh Aodha inn,
craobha sinn ar
mbuain a mbairr.
37 Ní fhúair
ealta úain ar loch;
ní huair techta
idir dhá theach;
tig da ghoire
do-chí an cioth
nach rioth roimhe
do-ní neach.
38 Tre chornn í
Dheirc do dháil dún
ní ar ceilt as
cáir ar mbrón;
do fher is an
gcorn, ní chél,
an dér do bhean
orm a hól.
39 Bím uair le
bhur n-iomad air
gan ionad don
uaigh fá bhfuil;
is brón reachta
an lá nach libh
sibh ag teachta a
mhná ar a mhuin.
40 Mór mo
ghrádhsa go hég d’Aodh,
ní dá mhéd a
dtráthsa i dtám;
dul le chéile ó
thesda dhún
a rún feasda as
géire ar ngrádh.