Poem in printable PDF format
A Mhuire, ag so
mhé chugat
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 19]
1 A Mhuire, ag so
mhé chugat;
nárab é an turas
aithreach.
Dlighim seach
cách do ghuidhe:
gabh, a Mhuire,
uaim taithleach.
2 A bhuime mhic
na hóighe,
as mh’óige is tú
do thoghas;
a Mhuire, a
mháthair Íosa,
go dtí dhíotsa mo
chobhar.
3 A dhoirseoir
soillse nimhe,
a ghnúis is gile
deallraidh,
a mháthair rí na
cruinne,
fóir mhé, a
Mhuire, ar gach teanntaidh.
4 A Eoin ler
baisteadh Íosa,
fagh ionadh díona
dhamsa;
fagh féin ón Mhac
do bhaistis
gan deamhan
d’fhaicsin mh’anma. A m.
5 A Eoin, ré
ndubhairt Íosa,
“Bí id’ mhac
mhíolla do Mhuire,”
bí go díochra os
mo chionnsa
is bíodh liomsa
do ghuidhe. A m.
6 A Mhuire
Mhagh-Dá-Léana,
ná leig mo shéana
d’Íosa,
don fhior rug
duit na breatha
’s do thóg do
pheacadh díotsa.
7 Guidhim thú, a
Chaitir Fhíona,
a ua ríoghna agus
ruire,
gabh ar
th’ionchaibh uaim mh’anam,
gabh agam seach
gach duine. A.
8 A Mhíchéil,
gabh mo dheaslámh
dom breith ar
cheartlár nimhe,
dom beith ag
Críost ’na áras
is guidhe a
mháthair linne. A
9 Adéar rem
charaid díola -
Íosa dá gcromaid
abhla -
“A rí na n-ógh ’s
na n-easpal,
gabh
chugat................ .”
10 Adéar ’na
dhiaidh rem mháthair
do ghnáthaigh ...
agam:
“Mar bhí liomsa
do bhunadh
gabhsa féin
chugat mh’anam.”
11 Ó nach tig
díom a dtachmang -
gach naomh i
bparrthas nimhe -
a bhfuil fá Dhia
is fá Mhuire
go raibh a
nguidhe linne. A.
12 Gabh chugat
mise, a Mhuire,
bím god’ ghuidhe
go fada;
gan easbhaidh is
gan imneadh
chugat
mhé................... .