Poem in printable PDF format
Grása Dé
d’fhurtacht Aodha
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 10]
Giolla na Naomh
Mhac Eochadha .cc.
1 Grása Dé
d’fhurtacht Aodha,
croidhe nár char
cealgthaoma;
treisi grás Dé ná
in domhan;
a ghrás is sé ar
slánoghadh.
2 Fear cáich do
chor le chéile,
fear riamh gan
rún droichmhéine,
fóirfidh Dia an
cás-so ’na chionn;
a ghráso cia nach
creidionn
3 Iarruim ar
oighre an Athar,
do thoil Dé dá
dheónughadh,
Rí do shaor cás a
chinidh,
a ghrás ar Aodh
d’fhóiridhin.
4 Macámh dár
dhual déanamh grás
d’fhurtacht Aodha
ó gach énchás;
Mac do fhás a
nÓigh n-iodhain,
dá ghrás as cóir
creidiomhuin.
5 Fóirfidh Dia is
Colam Cille
fear lán d’iocht
is d’fhírinne,
gan toil
d’fheall, gan chruas croidhe
ná luas meann
nach molfoidhe.
6 Ar Chríosd lér
saoradh sinne
bíodh muinghin
mheic Duirinne,
gach aoinfhear ’s
gur fhóir ó thol
fán cóir
maoidheamh a mhíorbhal.
7 Do scéluibh
móra Chláir Chuinn
aithris bháis
mheic mheic Rémuinn;
scél dár bhean
cleith na cumhadh,
mo-chean bheith
dá bhrégnughadh.
8 Leighios Aodha
nár thuill trom,
is neamh
d’fhagháil dom anom,
ag so ar nduas ó
Mhac Muire,
an tshlat go
gcnuas gcumhraidhe.
9 Do thoil Dé (cá
duas as fhearr?)
sláinte d’Aodh
nár airg naoimhcheall,
d’fhagháil ó
chéill a chabhra
céim d’anáir ar
n-ealadhna.
10 Tar gach ní dá
n-iarruim air,
fear oinigh,
Airdrí an domhain,
tuillfidh an
chíogh ’s crú an chroidhe
clú fá dhíol ar
ndánai-ne.
11 Fear as lia
macáimh is mná
’s as mó muirior
gach énlá,
ceann sluaigh gan
maoidhiomh muirir
nár smuain
aoinfhior d’fhiafruighidh.
12 Baile na
Corra, cúirt shaor
’nár ghnáth
coimhsheinm is ceólchraobh,
bheith gan Aodh
béim an bhaile,
don chléir is
craobh conaire.
13 Fóir, a
Chríosd, ceann an tighe,
truagh an scél go
scaoilfidhe,
féil scaoilidh na
bhfear bhfoghla,
teagh gach
aoinfhir ealadhna.
14 Triath an
teaghlaigh nár thuill guth,
nár léige Críosd
a gcuibhriuch;
triall cearrbhach
is cliar mBanbha
dá theaghlach
fhial ardanma.
15 As Máthair Dé
dlighthior dáigh
fád ghuais mhóir,
[a] mheic Seaáin;
maith leam nách
dóigh acht deimhin
gur gearr ón Óigh
t’fhóiridhin.
16 An té nár
thuill ar ndiomdha,
truagh dhúinne ar
díoth tighiorna;
Dia féin do
chabhair a chuirp,
céim a n-aghuidh
gach énuilc.
17 Beith d’Aodh a
gcás a chabhra,
cara an aois-se
ealadhna,
lór é do
choimhdhe a gcása
oighre Dé ’s a
dheaghgrása.