firstLine"; ?>

1082. Greas dearbhtha duan na Feirsde $
Length: very long 52qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult (1567 AD)
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus Mag Uidhir 1727
Motifs:
  1. envoi to Inghean Dubh dau. of McDonnell
  2. imagery for patron
  3. weapons
  4. liberality to poets
  5. prowess in war
  6. caithreim
  7. image for kingship (aoghaire)
  8. legal terminology (eraic)
  9. historical precedents
  10. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Uilliam Og (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnosa
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (d. 1600)
Apologue Subclasses:
  1. Domhnall Og O’D. dies at Disert da Chrich
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Gréas dearbhtha Duan na Feirsde

[NLI G167, 129]

(see ‘A Poem Book of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61, 130-42; poem 38)

Uilliam Óg Mac an Bhaird do rinne an dán-so da thigherna Aodh mac Maghnusa, inar chuimhnigh mar do bhris an tAodh sin maidhm Feirsde Súilidhe ar O Néill, Seaan mac Cuinn, an ched bhliadhain do goireadh tigherna don Aodh-soin mac Maghnusa, 1567.

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Grés dearbhtha Duan na Feirsde

sgél oirdherc as aithrisde

duan nach dernadh gus a-nois

as duan far dearbadh dioghrais.

2 Lá do-chuadar clanna Néill [130]

sluagh ar shiol cConaill crannréidh

tar Finn is tar Fertais Mhóir

(i)man ghealtais nar thim tin(é)óil.

3 Aodh mac Mághnais na ttres tte

an uair-si ar Ard an Gháire

nuachar Temhra nar tubhadh

uathadh feadhna fiorchuradh.

4 Do braitheadh ar mbeith ar faill

dar ttin(e)ol re tteacht chugainn

saoilter dóigh dhínn do dhenamh

nir chóir brigh ’sna baoithsgealaibh.

5 Tángadar orainn gan fhios

mar do bheith eadruinn oireas

ger thenn a léim dar linne

fa céim a cceann coinntinne.

6 Do chuir Seaan i ccoinne an tsluaighs

buidhen mbig menmnaigh márcshluaigh

tug dúinn anáil or n-uamhan

nirb furáil an t-ionnúaradh.

7 Gluaismíd a ngoire ar ndaingin

’gur cruinnigheadh Conallaigh

ger lionmhar slóigh sleachta Néill

dhóibh nir eachtra gan oilbhéim.

8 A ttús a ttionóil tromdha

torchair mac Mheg Mhathghamhna

sgél an Mhanaidh nar bheg bróg

beg nach samhail sa sluagh-ód.

9 Tar éis fillte dhoibh go des

a bfuairsiod orainn d’aitheas

do-choidh sé mar do sáoileadh

ni he as cóir do chraobhsgaoileadh.

10 Fir nar tharbha cur ’na cceann

cruinnigheas iad go haithghearr

a lion comhluinn san taobh thuaidh

Aodh O Domhnaill ar deghuair.

11 Síol Cconaill is clann tSuibhne

cinnid le cruas comhairle

an gleoghuin ger ghniomh doiligh

ar shiol Eoghain d’ionnsaighidh

12 Annsein do heagradh as [leg. ar?]slógh

re a mes nir mhór ar ttin(e)ól

ar síneadh ar sról ndatha

do chlódh míleadh mórMhacha.

13 Gan acht áireamh cheithre ccéd

fa rí Conaill da choimhéd

láoich do fromhadh i ngort gáidh [131]

dob omhan tocht o a ttegmháil.

14 Fa Mhac Suibhne Maol Muire

táid [leg. tiad?] i ttús na hiorghoile

gniomh lánduiligh cur ’na cceann

bághuinigh fan damh díleann.

15 Laochradh na ttuath teg(h)oid sin

timchioll Mhurchaidh meic Eoghain

fir dhorrdha as cruaidh i ccathaibh

colbha sluaigh go samhthachaibh.

16 Ba gnáth tús aca i n-iorghail

na curaidh clann Toirrdhealbaigh

fa buidheach an tonn da ttroid

an drong fhuileach o Fhánoid.

17 Aodh mac Aodha I Dhomhnaill

fear iomchair gach anbforlainn

mairg sluagh le ttarla i ttenta

an stuagh amhra inneallta.

18 O Baoighill a bhraithre féin

da choimhed ar chloinn tsaoirNéill

ua ar nAodhai-ne crann os coill

fa aoghoire clann gConoill.

19 Clann Ghallchobhair na ngreadh seang

i ttús glia(i)dh go cclú ccéimeann

cóir óbadh fedhma na bfear

’na mogal fhearrdha fhéinneadh.

20 Gluaismíd tar éis ar n-eagair

chuctha ar cenn an airleagaidh

mar sgoith buinne ag bein re haill

mar léim tuinne tar tórainn.

21 Fuaramar ag Fersaid Mhóir

mac meic Cuinn fa throm ttionoil

a bhreath bhroide as buan púdhar

’sa shluagh aige i n-ordúghadh

22 Do thréigsiod na fir fráochdhacht

tugsad menma ar mhioláochdhacht

da cclú gaisgidh do-choidh cion

dhoibh le faicsin ar bféinneadh.

23 Aghaidh ar mhuir nghlais ngairgmhir

cúl do chur re n-esccairdibh

an drong fhuileach fa tenn troid

nirb férr fuireach re Fersoid.

24 Do shluagh Macha fa mór bladh

báiter an mhéid nar marbadh

beag don tslógh térna on troid

fa bhrón on énlá anaid.

25 Acc sin bladh d’éachtaibh an áir [132]

Brian mac Énri ua Seaáin

is mac oile da athair

slat a Doire dhlúthsgathaigh.

26 Do fágbadh sa ttaobh re tuinn

a mhuinntir fa Mhac Domhnuill

na curaidh dar chóir anmhuin

’na n-ulaigh (?) mhoir mhiotharbhaigh.

27 Ni tugadh d’éachtaibh eile

muinntir dhaoineach Dhonnghaile

acht gidh mór fan traigh torchair

a lógh áir ar Eóganchaibh.

28 Míle fear do fágbhadh ann

ni bhiú ag airéamh a n-anmann

nir fédadh tuile gan traigh

feghadh gach duine a dhioghbháil.

29 Ni fhuigheadh einneach on bFinn

fedh na críche go Cáirlinn

teach gan ádhbhar gola on ghleó

dob aghmhar cora an coinsgleó.

30 Atern (?) doire [leg. Áth nDoire?] do dioghladh ann

maidhm na Rass rug o chothram (?)

gleo naoidhe as teó no gach troid

gleo na hAoine ’gun Fhearsaid.

31 Guin Domhnaill Disirt Da Chrioch

doilghe é na gach eindíth

iomdha écht uainn ’na ionadh

san chreacht do-chúaidh cúitiughadh.

32 Ma fuairsiot clann nertmhar Néill

an t-áth orainn re himchéin

ni rugadh dháibh breith le bruid

fan tráigh is-teach nach ttáinic.

33 Tig dar ghabh do thuirsi an áir

mac Cuinn na ccéimeann nemhnáir

nar shir sé slána orthaibh

ger námhe [leg. námha] e d’Albonchaibh.

34 As i ar mbreith gibe ler thuit

dhínn go ndleaghar a éiric

guin an righ ni ráinic linn

’s as thrínn tainic a thuitim.

35 Le siol gConnaill maoidhfe[idh] me

tugadh timchioll na Feirsde

fachain denta na duaine

éachta ar chathaibh Craobhruaidhe.

36 Cred nach díolfadh O Domhnaill

duan grésach do ghlanfhoghluim

nocha misde a luagh gach laoi

duan na Feirsdi da bfeaghthaoi.

37 Diolfaid curaidh chlann tSuibhne [133]

an duan gan cuid comhuirle

an duain as dóibh as moladh

cóir a luagh gan laghdughadh.

38 Diolfaid siol mBaoighill Balla

an duain mar dhéis dioghlama

ar an duain sáor na sloinnidh

don taobh thuaidh acht termonnaigh

39 Diolfaid Dochartaigh an duain

curaidh na cceimeann rochruaidh

siad o do saoradh sa tres

ni baoghal iad da h’aighneas.

40 Siol Gallchobhair na ngleo tte

cuideochaid diol na duaine

an meid dhiobh tárla sa[n] troid

gan tarbha a ngniomh ni ghabhoid.

41 An duain do dhiol dligidh ruinn

Somhairle mac Mheic Domhnuill

da mbeith sibh gan triall san troid

o sin do bhiadh ’na bhraghuid.

42 Diol na duaine as dearbhtha ag scoil

dlighidh Conn mhac an Chalbaigh

do bhí i nglas fa cheó ccumhadh

an gleó as ga fhuasgaladh.

43 Dlighid Gaoidhil et Goill

diol na duaine-si Ui Dhomhnoill

dóibh a ttarbha ’sa ttreisi

do-chóidh damhna a deimhne-si.

44 Duan oirdherc an Eich Bhuidhe

duan Croibhdheirg ar cCruachuin-[n]e

duan na Feirsde as togha trom

ga meisde a cora i cconchloinn.

45 Acc sin duit a Ui Dhomhnaill

duain far féchadh fírfhoghlaim

bhera [leg. méraidh] i ndeóidh do dhola

ag denamh eoil th’engnamha.

46 Cath Maisten go muighter libh

no go ccurthar cath Sligigh

no cath Saingeal bhus buan bladh

do dhuain ni daingen dúnadh.

47 A sheabhuic eachtaigh Fhinne

cóir dhuit denamh oirchille

buaidh sealg ar sheabhcaibh Banbha

bedg fan ealtain allmharrdha.

48 Druid a ccoinne cloinne Táil [134]

mhithigh dhaoibh denamh combáidh

o a-tá Éire eadraibh féin

freagraidh a cheile coiscéim.

49 Clú d’Éirinn do theacht tar tuinn

a inghen mhec mheic Domhnuill

do ardagh tú le treimsi

clú d’Albain san Éirinn-si.

50 Aoibheal beó einigh Alban

ben ris nac cóir comhardadh

ni fhuil fa dhúais urra as férr

d’fuil Cholla Uais an Áoibheall.

51 Ar-ís d’aithcheangal ar roinn

ben d’uaislibh aicme Domhnoill

slat reidh nach anbfann alladh

dar ndaghrann fein fuaramar.

52. Bés as ferr ’gun inghin duibh

toghthar ben ar a bésaibh

ni háil di a crádh do choimhdhe

don bhladh ás i as énoighre. Gres...