Poem in printable PDF format
Grian na
maighdean máthair Dé
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
12]
Don Mhaighdin
Mhuire
1 Grian na
maighdean máthair Dé
do arduigh a
grása a gnaoi
cóir ar gcean do
laighdigh lé
bean Dé na
maighdin ’s na mnaoi.
2 Craobh eolais
na n-uile ógh
seolais an uile
ar a n-iúl
bean mar í níor
ríoghadh riamh
grian na
ríogh-bhan is sí ar siúr.
3 Caor buaidhe an
chagaidh do chlódh
caor abaidh as
uaisle fíon
níor fhás
río-chraobh mar í a húr
súgh a fíon-chaor
Rí na ríogh.
4 Féach an
iomarcaidh don óigh
ionshamhail an
éasga láin
bean mhothuighthe
ceilge [an] chígh
meirge sídh
chothuighthe cáigh.
5 Duine dá
dtánaig ar tós
don fhuil-se
Ádhaimh an-uas
mar Mhoire is
obair gur fhás
[tobair] grás an
toighe thuas.
6 Díol taile ar
fhéaghain an ógh
go ngéagaibh as
ghlaine snuadh
neimh-meirge is
caise ’na cúl
glaise a súl
geil-deirge a gruadh.
7 A chaor bhuadha
an earla fhinn
ón gheal-bhais
gus an ngruaidh nduinn
ní fhuil shamhail
dot shúil mhoill
a chroinn úir an
taraidh thruim.
8 A thonn
robharta a ré lán
ní hé nach docar
mo dhíon
cuir do dhiomdha
céim ar gcúl
a fhiodhbha úr
don fhréimh ríogh.
9 Reanna nimhe nó
níos mó
duille feadha nó
níos lia
naoi nuimhir ag
car do chlú
a bhrú ghlan ór
dhuinigh Dia.
10 Dul na ghuais
is docar dúinn
do mholadh do
ghruadh mar ghréin
ní gar meas ar
áirimh t’eoil
sgeoil nach feas
le fáidhibh féin.
11 A cheann
fíréan Ríogh na ríogh
do Mhíchéal go
dtí mo thriall
ós slighe é da
gach aon
maor an té as
ghile ná an ghrian. GRIAN