firstLine"; ?>

1085. Guidh oram a Eoin Baisde $
Length: short 15qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 8 (24/L/6) E. O Caoimh ?1679
  2. Mayn. C88 E. O Caoimh 1704
  3. TCD 1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  4. Mayn. M 84 S. O Murch. na Raith. 1738-
  5. RIA 242 (24/B/26) Uill. O Cleire 1760-3
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 40-1
Motifs:
  1. envoi to BVM & Elisabeth & Michael
  2. king’s officer: maor
  3. umhla, submission
  4. imagery for saint
  5. Mary’s kinship with humans
  6. pains of Hell
  7. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. sname only (RIA8, Mayn. M84)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (“Fionn� Mayn. C88, TCD1411)
Patron Christian Names:
  1. John Baptist
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Baptism of Christ
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Guidh oram, a Eoin Bhaisde


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 35]


1 Guidh oram a Eoin Bhaisde

sul dtí m’agra im aghaidh-se

túis dod ghuidhe cuir i gcion

guidh ar ar [n-uidhe] i n-éigean.


2 A Eoin do naomhadh ar nimh

guidh orm i n-uain an chreidimh

a iúl glan an tighe i dtaoi

an tslighe damh go ndearbhthaoi.


3 A chaor bheo nach beag geasa

guidh orm d’eagla an aith-cheasa

ní díomhaoin guidhe dom ghníomh

a río-laoigh fhuile an Aird-ríogh.


4 A chisde rúin Ríogh nimhe

beir mé do bhun t’impidhe

gan chéim mhearbhaill [dod] thigh thall

ós ribh cheanglaim mo chumann.


5 Le cóir Dé dá ndeachainn inn

teach fuar an-aoibhinn Ifrinn

urra a fhoghbhála ’s í sibh

a [chlí] chongbhála an chreidimh.


6 Le méid mo locht lá an dlighidh

gidh deacar inn d’fhóiridhin

fiú tusa [do] ghuidhe glan

nach usa duine ar domhan.


7 Teach nimhe do thuill tusa

ós é [t’fh]earann dúthchasa

déine ar annsa a Eoin Baisde

treoir damh-sa [san] dúthaigh-se.


8 Ó nach tuillim teach nimhe

d’fhagháil acht le himpidhe

fiú t’impidhe a fhagháil damh

anáir fhinn-tighe an Athar.


9 An lá chuirfeas Rí na ríogh

meidh Mhíchíl do mheas m’ain-ghníomh

go bfhaghbhar d’eagla m’obtha

congnamh t’eagna is t’umhlachta.


10 Ó nach féadaim féin m’fhaire

ar fhoghlaibh ar [námhaid-ne]

a réalla eoil na n-uile

déana a Eoin ar n-ionghuire.


11 Eoin Baisde gaol a mháthar

le [bhfuil] grás a ghaol-bhráthar

do umhluigh d’oighre neimhe

[turbhaidh] coimhdhe ar gceirdei-ne.


12 Neach nar chuir san saoghal suim

lámh do bhaisd Críosd i gcoluinn

is nar fhéag d’antoil na colna

’s nar shantuigh séad saoghaldha.


13 Mac mná [budh] fhearr dá raibh riamh

gnúis gheal nar aontuigh ain-mhian

do b’é Eoin Baisde da [bhríogh]

ag taisge eoil an Aird-[ríogh].


14 Máthair Eoin Eilísa-béad

is máthair Chríosd dom choimhéad

cuirim róm ’s im dhiaidh an dís

dá shiair an ógh is Eilís.


15 Cuirim ar mhaor na meidhe

díon m’anma go háireidhe

mo mhí-mhéin i gcás ná cuir

grás an fhíréin [is] éasguidh. GUIDH