Poem in printable PDF format
I mbrat an
bhrollaigh ghil-se
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha no. 14]
Fearchar Ó
Maoilchiaráin
1 I mbrat an
bhrollaigh ghil-se
ní bhiadh an
dealg droighin-se,
dá mbeith, a Mhór
bhéildearg bhinn,
an éindealg d’ór
i nÉirinn.
2 San mbrat-sa
níor chóir do chur
acht dealg
d’fhionndruine uasal,
nó dealg
iongantach d’ór cheard,
a Mhór
bhionnfhoclach bhéildearg.
3 A fholt lag ar
lí an ómra,
a chur id bhrat
bhreacórdha,
a stuaigh
chobhsaidh nár chealg fear,
níor chosmhail
dealg don droighean.
4 Níor churtha, a
chnú mo chroidhe,
id bhrat eangach
iolbhuidhe,
a ghruaidh dhearg
do-ghéabhadh geall,
acht dealg
do-ghéanadh Gaibhneann.
5 A ghruadh
chorcra do char mé,
gan dealg óir
acht an uair-se
ar feadh na
huaire, a ghlac ghlan,
do bhrat uaine do
b’annamh.