Poem in printable PDF format
A Mhuire mhór
[McKenna, L.:
Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious
poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin,
1922, poem 30]
Donnchadh Mór Ó
Dálaigh
1 A Mhuire
mhór
a mhionn sochuir
ar sluaghaireacht
a thonn nach
tráigh
mo long id láimh
dá luamhaireacht.
2 Conách
diombuan
an domhain ché
briosg braithleaghtha
gabh linne a
ógh
a thinne glan
d’ór aithleaghtha.
3 Ionnramh
mh’anman
eagail liom lá na
fírinne
ocht gcoire im
chionn
a [uidhe] fionn
na fírinne.
4 Anam gach
fhir
ón uair curtar
’n-ar gcorpaibh-ne
deamhan ’n-a
dháil
leabhar ’n-a
láimh dar lochtaibh-ne.
5 Faoiside
chuil
go ceart gidh
[chuin] do chaisgéaradh
deamhan budh
dall
sa leabhar tall
’gá taisbéanadh.
6 Dá mbé ag
duine
i ndíol a
pheacaidh peall gaoiside
mar sgín ’gá
sgrios
bídh gan fhios ar
n-a fhaoiside.
7
Sgrios na sgéala
do
sgríobh Diabhal ’n-a dhubhshaltair
líon
mo lámha
síol
mo chnámha dod chumhachtaibh.
8 A
mháthair Dé
déana ar mo sgéalaibh sgoloideacht
[mun
bhfíor foghain]
bíodh gach cobhair [dom chomhoideacht].
9 Do
bhiathsad Críosd
do
chíche soillse sneachtmholdha
do
bhí id bhruinne
do
Rí Rí an chruinne cheachtardha.
10
Déana mo bhruith
bí
ar mo cholainn id chócaire
cáidh mo cholla
báidh le tonna na trócaire.
11
Leasg liom éirghe
d’Iairmhéirghe chrithir chodalta
críon cuing diabhail
boing díom ciamhair mo chodalta.
12
Tathaigh mo theagh
toirche chugam im chroidhei-se
a
Mhoire mhall
im
chroidhe thall go dtoirise.
13
Dá gcurtha im chionn
céad
teangadh suadh go síorghloine
ní
thuiréamhainn a mhíonMhuire
do
mhíorbhuile.
14
Sinne ar [gach raon]
seach raon bhfairsing [croinn Chalbaire]
a
craoibhdheilg [díom]
[a
naoimhfheirg] díon a dhaghMhuire