firstLine"; ?>

1093. Iad fein chinneas ar Chlainn Neill $
Length: very long 52qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. RIA 5 (23/D/4) Munster 17th cent.
  4. RIA 211 (23/G/20) M.OgOLongain 1786-
  5. RIA 253 (F/vi/2) M.Og O Longain 1813
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 26
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. liberality to poets
  5. creach, cattle-raid
  6. mercenary soldiers
  7. imagery for kingship (aoghaire)
  8. fertility under true king
  9. Hostages
  10. list of subject territories
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (BOCD, RIA2,5)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Eoghan Og
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne (chief 1570-d.1596)
Apologue Subclasses:
  1. Eight sons of Niall Naoighiallach
  2. Twins
  3. Siege of Troy
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Iad féin chinneas ar chloinn Néill


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 26]


1 Iad féin chinneas ar chloinn Néill,

río­ghraidh Fhódla an fhuinn fhóidréidh;

re tnúth sl­óigh bheannórtha Breagh

do neamhmórtha gl­óir Ghaoidheal.


2 Inis Fó­dla an fhuinn ghrianaigh,

ochtar mac Néill Naoighiallaigh

roinnid í ar n-éag a n-athar,

tréad do bhí arna mbaoghlachadh.


3 Cuid ­Mhaine is Laoghaire loinn,

Fhiachaidh is Chonaill Criomhthoinn,

mín Moighe bleidheadhuinn Bhreagh,

seinfhearuinn Thoighe Taillteann.


4 Do Chonall mhór fa mór bladh,

do Chairbre d’Éanna is d’Eóghan,

tugadh rílearga an taoibh thuaidh

ón chaoir dhíleanda dhaghshluaigh.


5 Do bhí dias do dhearsgnaigh dhíobh

do chloinn uaibhrigh an airdríogh,

nár shamhail do shaorchloinn Néill

gér thamhain aonchroinn iaidséin.


6 Eóghan mhac Néill na Naoi nGlas,

Conall Gulban, gríobh amhnas,

na meic oile gidh iad ann -

siad re aroile níorbh ionann.


7 Dá mhac Néill mhóir mheic Eachach,

Eóghan ’s Conall ceirtbhreathach,

meic ríogh na réaltoinnchneas réidh,

éantoirrcheas, más fhíor, iaidséin.


8 An dá leanbh i ló a mbeartha -

do-rala rún buaidheartha

fan saorchloinn go méid meanma,

dá ghéig aonchroinn fhíneamhna.


9 Amlaidh fríoth gach duine dhíobh

d’éis a dtuismidh - tuar eisíodh -

ceann a leathghuailleadh ’na láimh,

an dream dhreachnuaigheal díoghair.


10 Dála chloinne Néill neartmhair,

Conaill ’s Eóghain oirbhearta­igh -

gan rún ngliadh, gan ghoimh gcogaidh,

ó shoin riamh ní rabhadair.


11 Do bhí a síol ó sin i le

ag leanmhain luirg na deise;

lán d’fhormad riamh ré ’roile

fa Fhiadh gcollbhog gConoire.


12 Creach san chreich is goin san ghoin.

síol gConaill, cinéal Eóghain -

mór ndíoth do fhionnmaoid orra -

do bhíoth d’iomlaoid eatorra.


13 Seal fada i gcomhthrom cogaidh

fa chlár Theamhrach tarladair :

síol dá churadh Chláir Ealga -

pudhar dháibh a ndíbhearga.


14 Gach ré seal d’éis aroile

i gceannas Chláir Úghoine

do bhí cnuas na gcraobh dtoraidh,

anuas go hAodh Athlamhain.


15 Sgaoilid síol Eóghain ag Aodh,

tarla dhóibh - dia do mhíoghaol -

cuirid féine a gceart ar gcúl,

neart a chéile do chlaochlúdh.


16 Clann Shuibhne ór shín a rabhaidh

ag Aodh oirdheirc Athlamhain,

do-chódarsan ó chloinn Néill,

óggasradh nár thoill toibhéim.


17 Do cheangladar síol Suibhne

da éis so ar séan gcomhairle,

báigh re saormhacraidh síl gCuinn

i dTír chraobhlachtmhair Chonuill.


18 A mbreath féin ó thuinn go tuinn

tug ríoghraidh chineóil Chonuill

don chrích réidh thaoibhleathain te

do fhréimh shaoirbhreathaigh Shuibhne.


19 Síol Suibhne ón lósoin i le

níor léig siad sealbh na ríghe -

olc báigh do éirigh orthaibh -

ar l­áimh éinfhir d’Eóghanchaibh.


20 Do thaibhghidis síol Suibhne

ó shoin dar gcloi­nn Chonuillne

ar feadh an chláir fhéaraird fhinn

cáir as gach éanaird d’Éirinn.


21 Nó gur chuirsead síol Suibhne

fúthaibh dar bhfuil Chonuillne -

slata réidhe Chraoi Cobhthaigh­ -

do bhaoi Éire ag Eóghanchaibh.


22 Ón lósoin gusan lá aniogh

atá ós ghasraidh Ghaoidhiol

buaidh gach aonchoinne um Iath bhFloinn

ag triath chaomhchloinne Conuill.


23 Do shíol Shuibhne go nua anois,

d’aicme Chonaill chláir Bhearnois,

táinig lámh chongbhála a gceirt

fa chlár dtonnmhálla an tuaisgeirt.


24 Eoghan Óg mhac Mheic Suibhne,

sgiath choimhghe chuain Mhodhuirne,

sás fighthe chogaidh ó gCuinn,

drithle i gcogail ó gConuill.


25 Maighre séanta a sruth Fhinne,

lá gréine i ndiaidh dílinne :

gnúis mhórdha is céimleasg i gcath,

éinfleasg órdha na nUltach.


26 Ursa chatha chlann nDálaigh,

fear uaislighthe a n-annálaidh;

séad buaidhe caomhfhuile Cuinn,

aoghuire cuaine Conuill.


27 Ag síol gConuill na gcolg dte,

an gcéin mhairfeas Mac Suibhne,

luadh gliadh budh éadtarbhach d’fhior

fa fhiadh ngéagabhlach nGaoidhiol.


28 Ní rabhadar riamh roimhe -

síol gConuill Chláir Úghoine,

uair budh neartmhoire iná anois

ó sduaigh bhreacmhoighe Bearnois.


29 Re linn Eóghain an airm chuirr

ní fhuighe rí chlann gConuill

triath le gcuirfidhear ’na cheann

i n-iath fhuithnigheal Éirionn.


30 Claontar fiodh re fás a ghéag,

do-bearar le mac Mairgréag

géill gach Eóghonaigh re a ais

go féin mbeóghonaigh mBearnais.


31 Muna tigthi dá dtaoibh féin

re ríoghraidh sleachta saoirNéill -

sgotha slóigh mhéirshing Mhonaidh -

níor dhóigh d’Éirinn Eóghonaigh.


32 Mar sin do toghladh an Traoi,

cathair bhuadha an bhruaigh géagnaoi,

learga múr n-aolta dob fhearr

gaolta do thnúdh ’na timcheall.


33 Gl­uaistear leis líon a thionóil,

an rí oirdhreic Áighmhionóin,

go sluaghaibh Gréag dá gabháil,

tréad dob uamhain d’iongabháil.


34 Ár nuaidhe timcheal na Traoi

do cuirthi i gcionn gach éanlaoi,

d’amhsaibh ceachtardha an dá chath,

gasraidh neartchalma nárach.


35 Deich mbliadhna, gi bé re a chois,

do bhí an Traoi, truagh an fhorbhais -

buain dí dob anobair d’fhior -

nár ghabhodair í ar éigion.


36 Dá mbeith siad ó sin anall

líon a dtion­óil ’na tiomchall,

ní dáich go ngéabhdais Gréagaigh

an ráith ngéagglais ngairéadaigh.


37 Daoine astigh dá tabhairt dáibh

tarla dhí - dia do dhiombáidh -

i dtráth fhillte don fhoghail,

’sgan cách impe ag anomhain.


38 Muna lingthi dá lár féin,

múr cuanna na gcladh soiléir,

níor ghar dhóibh toghail na Traoi,

slóigh an domhain adéarthaoi.


3­9 Timcheal cheannais Chláir Lughaidh

tarla don fhéin Eóghanaigh

cúis a maca samhla soin,

na slata abhla a hEamhoin.


40 Cuid díbh féin gur fhill orthaibh

críoch Bhreagh do bhí ag Eóghanchaibh;

gan rún troda, gan triall n-áigh,

gan oba gliadh ná a gabháil.


41 Fir Éireann ó mhuir go muir,

dá gcuirdis ar chloinn Eóghain -

clann Shuibhne féin ga a bhfoghail,

duilghe don fhéin Eóghonaigh.


42 Olc an gaol do shí­ol Shuibhne

tabhach Fódla­ féarghuirme

a láimh aicme Néill náraigh

do mhaicne réidh ríoghDhálaigh.


43 Síol Suibhne, síol nárach Néill,

d­á choill fhíneamhna a héinfhréimh;

cna aonmhogail óir ós fhiodh,

do chaomhnodair glóir Ghaoidhiol.


44 Ionann fuil dáibh adearair,

ionann géaga geinealaigh,

ionann flathamhlacht a bhfear,

ionann athardhacht aithreadh.


45 Dá bhféachdaois, níorbh fhearr a gceart

ar Thoraigh thall san tuaisgeart -

ógbhadh mheanmnach shíl Shuibhne -

nó ar shean­shruth m­ín Modhuirne.


46 Nó ar Chraobhruaidh Chloinne Rosa,

nó ar Charraig bhfinn bhFearghosa -

cnuic úra na ngealfhonn nglan -

nó ar fhearonn Dúna Deal­gan.


47 Ní foigse Conn na gcéad gcath,

ní neasa Niall mhac Eachach,

ní mó is goire Gaoidheal glan

d’aoinfhear oile ’ná d’Eóghan.


48 Créad do bhacfadh d’Eóghan Óg,

ar lorg shíl Néill anallód,

buain ghiall do bhraointealchaibh Breagh,

aointeanchair ghliadh na nGaoidheal?


49 Tighe falmha um Chruachain gCuinn

do ghuais airdríogh clann gConuill;

ar Mhac Suibhne is cóir a chion -

’sna bruidhne um Bóin dá mbrisiodh.


50 Inghean Chuinnmheic an Chalbhaigh,

a dtéid uaithe d’ollamhnaibh -

tuar teisde síordháil na séad -

díoghbháil nách meisde Mairgréag.


51 An treas glún ó Chonn mhac Cuinn,

’só Mhaghnus, rí clann gConuill -

fa iolmhaoinibh gidh í is fhearr

ní hionmhaoidhimh dhí a ndéineann.


52 Rugadar na fréamha ó bhfuil,

fíonfhuil Chonaill, clann Eóghain,

geall Chríche Néill gus aniogh,

a méin tríthe dá dtísseadh.