firstLine"; ?>

1094. Iad fein mhoras Clann Colla $
Length: very long 46qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
  2. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540c (C/iv/1) 17th cent Munster
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. qualities of patron’s character
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. irresistible attractions for women
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og mac Briain Dorcha (RIA540)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim
Patron Surnames:
  1. MacDubhghaill d. 1643
Apologue Subclasses:
  1. Three Collas kill Fiacha Sraibhtine
  2. Colla Uais HighKing for four years
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Iad féin mhóras clann Cholla

[RIA 540 (C/iv/1), 179r]

Ferghal Óg mhac Briain Dorcha I Uiginn cecinit

[Gaps filled from second copy of this poem on p. 188 of the same ms]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Íad féin mhóras clann Cholla

díobh tháirsiod tús urruma

íarsma an tslóigh ó bhráonráith Bregh

nach dóigh cláochlaidh a ccéimedh.

2 Díobh táinig tús a ratha

clann Cholla chláir fionnMhacha

gasraidh meirsheang fa mó seadh

ré ró a ccéimionn ría ccreidiomh.

3 A-táid bhós gan bhreith a ngill

foireann chobhsaigh cláir Fheidhlim

ó ló chéidsheal na ccuradh

cló nach fhéidir d’athrughadh.

4 Fuil Cholla Úais ainceas goimh

táir an chédchuid don Chollfhuil

comharsoin as ar chóir tenn

rofhorsainr áigh na hÉireann.

5 Rugadar athaidh dh’aimsir

neart cháigh san chrích ngealaidhbhsigh

ceim as coimhsoiléir re headh

ar fhéin ngoibhoiléin nGáoidiol.

6 Beg más ionáirimh orra

fuil Cholla chláir Líatroma

d’iúl ágh o fúaradar soin

fa chlár bfuarabuidh bFiachuidh.

7 Fúair aoinfher da n-aicme sin

ceannas Éirenn d’éis Fhiachuidh

gér chuid maoidhimh nir mhór dháibh

glór gach aoinfhir dha admháil.

8 Gabhais go cced da chinedh [179v]

Colla Úais d’iúl móirfhiledh

críoch goibhélta na ngleann ttais

doidhénta err a heólais.

9 Ceithre sáoirbhlíadhna a[s] sé a bhun

do bhí an ríoghacht da ríaghladh

ar láimh Cholla Úais gan oil

gan ghúais ronna dha rochduin.

10 Nir chuir áoinfher ’na aghuidh

le re an cheirt ad-chúalabhair

mar sin do gabhadar greim

ós moigh arabaidh Oilill.

11 Riú féin bheirid a bhuidhe

a bfuairsiod d’feidhm amsoine

pór neamhcroinn nach núaidhe cion

cúaine do mhearchloinn Mhíledh.

12 Mór ccéim úaislighthe orra

creidther ó chloinn ríoghCholla

a cosnamh a sealbha soin

um fhrosmhagh Temhra o thosoigh.

13 Ocht bfir dhég ’s a háon re n-ais

do shliocht Colla Úais airmghlais

do náomhadh a-núas do nimh

lér fáomhadh crúas an chreidimh.

14 Mairidh a menmain gach fir

a-tá a leabhruibh fhóid fhoinigh [leg. Fhuinidh?]

sgaith gach céime rod [leg. ro-s?] cadaigh

an rath féile fúaradair.

15 Bíodh nar íocadair érca

cuirid an chríoch ghoibhélta

doimh treabhtha a ccuing an chogaidh

fa thuinn ndeabhtha is ndiúbhragaidh.

16 Mór ccath re áiremh orra

tugsad na trí ríoghCholla

timchioll chláir nochtsholais Néill

más dail foltanais iadséin.

17 Naoi ccéd is Ferghas Fogha

marbhaid ar mhagh mínChobha

an laoichthréd ’sa bfoghla a bfad

acht áoinchéd calma is cáogad.

18 As leó thrá ni teidhm chonail

do cuiredh cath Dubhchomair

táom nárb fiacha da fhine

ar Fhíacha sáor Sraibhtine.

19 A ccionn treill táinig as-tech

a mhac Muiredhach Tíreach

mór n-iomarg do-niadh a-noir

do ionnarb íad go hAlboin.

20 Áitighther leo lór do sén

clann Eochuidh duasbhoig Duibhlén

foinn mhíne gan mheath tagaidh

leth na tíre a ttárladair.

21 Nir íarsad cíos no comha

Alba ar urchloinn Eochadha

ni díol fúatha a síth mur soin

(a)s ní fríth úatha gan íarroidh.

22 Cuiris Muiredhach maith fúair

a theachd ar cenn an cathshlúaigh

feirde do tslúagh chíalloidh chain

úadh da n-íarraidh a hAlbain.

23 Ar bfilleadh dháibh go fíadh bFáil

fuaradar fromhtha an onáir

gér lía urraim búdh dleacht dháibh

urraim da ccert a ccédáir.

24 Ó gealBhóin dóibh go Doire

cosnaid ar cloinn Rúghroighe

níorbh é ríomh crúaidhe a ccogaidh

don tríanr túaidhr o tangadair.

25 Ó Berrmhuin Bhreifne ar fad

go sruth Finne as fiú formad

air an chlainn mesardha móir

do dhroim e[asumhla is anshóigh].

26 A ndernsad um chrích cCobhthaidh [180r]

bhán ccúis[-s]e dhá cédorchruibh

mo phudhair an dúaigh-se don dreims

cumhain an úair-se um Éirinn.

27 Bádar os cionn na críche

ag ríomh a cladh coigcric[h]e

cosg síth a ccomhláimh chogaidh

gobhláin díobh go ndernadair.

28 Na gobhláin do fhás úatha

sáimh leó gan lá fionnfúartha

gan chur le a cceimennuibh soin

gan toil Eirennaig dh’íarruidh.

29 [Ú]adh do tuismedh túar garma

tríath Manchach ’s Mag Mhathghamhna

aignedh rochalma a ríomh soin

is síol ccathardha cCeallaigh.

30 Dubh[gh]all do fhás da n-aicme

ríomh nach rádh senchairtes

cosg tathaim claidhmhéighe Cuinn

athair deigh[fh]réimhe Dubhghoill.

31 Seacht nglúine fiched fíor dhamh

a-ta bhós do bhreith leabha(i)r

ni sgél go ccrúas núaidhe a-niugh

úaidhe súas gus an sinsior.

32 A-tá roimhe a réim dhírigh

a trí is trí fichid caithmhílidhsa

bas dílidh ag coingleic cáigh

go Milidh oirdhreic Easbáin.

33 Nir ghabh síad o sin a-nall

an chlann do chin ó Dhubhghall

fa chrích mbuig bfinntighe bFáil

gan cuid impidhe d’fagháil.

34 Do bíodh ar cumas don chloinn

do sliocht dúasabaigh Dubhghoill

síol cCuinn do chonnmháil a cciort

no roinn d’foghbháil san oighreacht.

35 Do ghnás fortúin feirde dháibh

ar bheith laochdha a láibh forráin

súr doibhert dréim re tagadh

da roinert féin fúaradar.

36 A-tá dhíobh go núaidhe [a-nois?]

ar lorg congmhála a ccádhais

fer caomhanta arir a shen

aonshampla cháigh da ccreidther.

37 Tabhach a cceirt ’s a ccabhair

mac Émoinn úa Dúnadhaigh

gnúis lecglan da las pudhair

as bentar do bharamhail.

38 [Ó]s dó labhras laochdha an chuing

fúicfe Feidhlim Mhac Dubhghuill

gan tár an chlannmhaicne or chin

a cclár armglainte Fhuinigh.

39 [C]uid na sóiser da senuibh

cuid na sen da sóiseruibh

don chrích drúchtaigh ccladhréigh ccorr

fuicfidh ag deig[fh]réimh Dubhgholl.

40 Clann nDubhghoill san riocht roimhe

cuirfidh d’fedhmaibh egnoighe

aignedh séghoinn slat chumhra

mac Émoinn go n-easumhla.

41 Le brethuibh díorgha an dlighidh

gébhaidh gairm [a] mhóirchinidh

gidh cúis oimhne do ghné ghil

ós é as oighre ’na n-áitibh.

42 [Tairgfidh mac] Emoinn óig

rún fraochdha as faide ó orchóid

[a-núas gan chlei]th ar a ccenuibhs

breith súas ar na sinnsearuibh.

43 D[...] Emoinn Feidhlim féin [180v]

cráobh tarthach nach ttáir báoithréim

lámh ar ccúl chathshlóigh Sedhsa

súdh glanphóir na nGaoidheal-so.

44 Sóiser slechta síol cColla

sinnsear go sén n-uruma

cosg tacha ferarsaidh Fáil

d’énamhsuibh chatha Crúacháin.

45 Súdh cumpoir chloinne Suibhne

éigne o mharbhshruth Modhairne

fer reighighthe caingne a ccert

éindrithle as aidhbhle a n[aiceacht?].

46 Mac Róise nach ráinig oil

móradh céime don Chollfhuil

aghaidh róidgheal go rún ngrinn

fan ndún óigbhen a hinntinn.

Do réir úghdair an dána féin do sgríobhas sin. Íad...